Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Nov 1933

Vol. 50 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Suidhe na Cúirte Cuarda i nDun na nGall.

D'fhiafruigh

den Aire Dlí agus Cirt an bhfuil fhios aige go bhfuil muinntir Inis Eoghain ag déanamh gearáin cionn's gan an Chúirt Chuarda a bheith 'na suidhe i mBun Crannaighe no i gCarn Domhnach fé mar bhíonn sí 'na suidhe i mBéal Atha Seanaigh, i nDún na nGall agus i Leitir Ceanainn; go bhfuil ar na daoine bochta a mbíonn baint aca le cúrsaí dlí a theacht ó Cheann Mhalainn agus ó Chúl Dabhaigh agus áiteacha mar sin agus costas an turais fhada go Leitir Ceanainn a chur orra féin má bhíonn cás le pléideáil aca san Chúirt Chuarda no má scairtear orra bheith i láthair fá choinne coisde; go bhfuil tighthe cúirte breaghtha i mBun Crannaighe agus i gCarn Domhnach agus gach aon ghléas agus sástacht ionnta fá choinne an breithimh agus na bhfear dlí agus an phobail; agus an dtabhairfidh an tAire órdú nuair a bhéas an clár 'ghá dhéanamh réidh fá choinne na hathbhliana go mheid suidhe na Cúirte Cuarda in áit éigin in Inis Eoghain chomh maith le Tír Chonaill.

Níl aon ghearáin den tsaghas dá dtagartar sa cheist faighte agam. Níl aon chomhacht agam ordú den tsórt a hiarrtar do thabhairt uaim.

Top
Share