Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 Jan 1934

Vol. 50 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Móin do thabhairt dos na Bochtaibh.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí arbh eol do gur tugadh £13,000, i Mí na Nodlag, do Bhord Chonganta Phuiblí Bhaile Atha Cliath as an airgead a sholáthruigh an Dáil chun móna do thabhairt in aisce do bhochtaibh na catrach; nár tugadh oiread agus fód den mhóin sin amach ó shoin; gur dóich leis an mBord gur 450 tonna sa tseachtain a bheadh ag teastáil uatha; go ndeir lucht díolta móna sa chathair nách féidir dóibh an méid sin móna do sholáthar don Bhord gach seachtain agus go gcaithfear 38/4 agus 40/- an tonna do dhíol ar pé méid a gheobhaidh siad; go mba shaoire gual do thabhairt do sna bochtaibh agus go mba oiriúnaí dhóibh é; agus an dtabharfaidh sé cead don Bhord gual do thabhairt amach in ionad móna.

Tuigtear dom gur tosnuigheadh ar an móin do thabhairt amach ar an 29adh lá de'n mhí seo; níl sé beartuithe go ndéanfaí gual do sholáthar.

An amhlaidh go bhfuil sé socair ag an Aire gan an t-airgead so do chaitheamh ar son na mbocht?

Ar léigh an tAire an cheist?

Ná fuil a fhios ag an Aire gur fhiafruigheas de an fior é gur tugadh £13,000 do Bhord Chonganta Puiblí Bhaile Atha Cliath i Mi na Nodlag as an airgead a sholáthruigh an Dáil chun móna do thabhairt do bhochtaibh na cathrach agus an bhfuil a fhios ag an Aire nách féidir leis an mBord móin d'fháil. An bhfuil an tAire ad' iarraidh an t-airgead so do ghoid ós na bochtaibh?

Nílim ad iarraidh aon ní do ghoid ós na bochtaibh. Is ag bronnadh ruda ortha atáim agus déanfar san.

Ná fuil a fhios ag an Aire nách féidir leis an mBord móin d'fháil?

Níl a fhios san agam.

Muna bhfuil an t-eolas san ag an Aire, tá sé ag gach duine eile san gCathair. An bhfuighidh an tAire eolas ar an gceist, agus muna bhfuil an Bord in ánn go leor móna d'fháil agus má tá an luach ro-árd, an dtabharfa sé cead dóibh gual do cheannach.

An é an rún atá ag an Aire an t-airgead so do choimeád siar?

The Minister should answer the question.

Top
Share