Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 18 Apr 1934

Vol. 51 No. 14

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Amharclann na Mainistreach.

D'fhiafrai

den Uachtarán an cuimhneach leis an geall a thug sé anuiridh go dtabharfadh sé comhairle a leasa do lucht stiúrtha Amharclann na Mainistreach fa'n cineál dráma bheadh á léiriú aca taobh amuigh d'Eirinn; an fíor nach bhfuil lucht na hAmharclainne ag fagháil an tsínteanais ón Rialtas acht ar an choingheal nach léireochaidh siad aon dráma taobh amuigh d'Eirinn acht na cinn a mholas lucht an Rialtais; an bhfuil a fhios aige go bhfuil comhlucht na hAmharclainne ag dul go dtí an tOileán Ur arís i mbliana agus go n-abrann an Irish Press go mbeidh siad ag léiriú an dráma “The Plough and the Stars” annsin; agus an dtabhraidh an tUachtarán a gheall nach molfaidh an Rialtas an dráma so ná aon dráma eile dá shórt agus nach mbeidh cead ag lucht na hAmharclainne dráma den chineál sin a léiriú san Oileán Ur.

An freagra tugadh an 26adh Abrán, 1933, agus dá dtagrann an Teachta ní raibh aon ghealluint ann fé mar a thugann an cheist le tuiscint. Dubhradh ann, imeasc nithe eile, gur pléidheadh an scéal le Stiúrthóirí Amharclann na Mainistreach agus go raibh dóchas ann, dá dtéightí chun Americe arís, ná léireodh Lucht na hAmharclainne drámaí den tsaghas go rabhthas ag gearán ina dtaobh nuair a bhíodar in Americe roimhe sin. Tá an dóchas san agam fós.

Ní luaidhtear aon choinníollacha do bheith ag gabháil le híoc an Deontais bhliantúla le Lucht na hAmharclainne. Is fé sna Stiurthóirí atá toghadh na ndrámaí a léireofar.

Is eol dom é bheith ar aigne ag Lucht Amharclann na Mainistreach dul go hAmerice i mbliana, agus táim tar éis a chur in úil dá lucht ceannais gurb é mo thuairim, má deintear drámaí áirithe atá ar an liost as a bhfuiltear chun na cinn a léireofar in Americe do thoghadh, má deintear iad san do léiriú, gur deallrathach go mbainfeadh san ó chlú na tíre seo agus go mbeadh náire agus fearg ar dheoraithe na hEireann dá dheascaibh.

Top
Share