Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 Nov 1934

Vol. 54 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithe do Thógáilt.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Slainte Puiblí an ndéarfa sé cadé an méid daoine bhí ag fáil congnaimh theaghlaigh i ngach aontas no ceauntar congnaimh fé leith an Satharn deireannach d'Abrán, de Bhealtaine, d'Iún, d'Iúl, de Lughnasa agus de Mheán Fhómhair, 1934; agus cadé líon iomlán na ndaoine bhí á fháil gach Satharn fé leith aca san.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an meán-mhéid sa tseachtain a chosain an congnamh teaghlaigh i ngach aontas no ceanntar congnaimh fé leith in Abrán, i mBealtaine, in Iún, in Iúl, i Lughnasa agus i Meán Fhómhair, 1934; agus cadé an meán-mhéid sa tseachtain a chosain iomlán an chongnaimh theaghlaigh i ngach mí fé leith aca san agus i ngach mí có-réire sa bhliain 1932.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an méid (a) fear infheadhma agus (b) ban infheadhma a bhí ag fáil congnaimh theaghlaigh i ngach aontas no ceanntar congnaimh fé leith an Satharn deireannach de Lughnasa, 1934.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an meán-mhéid sa tseachtain a chosain an congnamh teaghlaigh i gcóir daoine infheadhma i ngach aontas no ceanntar congnaimh i Lughnasa, 1934.

The information required in the first three questions is being compiled, and will be sent to the Deputy as soon as possible.

The information desired in the fourth question is not available in my Department.

Will these answers be included in the Official Reports?

Top
Share