Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Apr 1935

Vol. 55 No. 13

Committee on Finance. - Vote No. 45—Office of the Minister for Education.

I move:—

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £108,119 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1936, chun Costaisí Oifig an Aire Oideachais, maraon le costas Riaracháin, Cigireachta, etc.

That a sum not exceeding £108,119 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1936, for the Expenses of the Office of the Minister for Education, including the cost of Administration, Inspection, etc.

Tá áthas orm go bhfuil ar mo chumas a rádh go bhfuil dul ar aghaidh mór déanta i ngach brainnse Oideachais fá réir mo Roinne-se ó ritheadh na Meastacháin deireannacha sa Tigh seo.

Ba mhó an tinnreamh a bhí ins na bun-Scoltacha i rith na bliana seo caithte ná mar bhí ar faisnéis roimhe sin, agus rud is tábhachtaighe ná sin is ins na ranganna is aoirde ba mhó bhí sin le tabhairt fá deara. Is maith an cómhartha é sin go bhfuil cothrom an oideachais ag dul in aoirde ins na scoltacha sin.

May I interrupt the Minister for a moment? If my memory is correct, last year there was distributed in the House an English translation of the speech with which the Minister intended to introduce the Education Estimate. I do not know whether he is going, after his speech in Irish, to deliver it again in English.

That is not permissible.

Is it any use appealing to the Minister to give those of us interested in education and not lucky enough to know Gaelic an opportunity to understand what he has to say?

As the Minister, I presume, will not have concluded in ten minutes—it will be then 9 o'clock—an English translation of his speech or a summary might be furnished to the Deputy for to-morrow.

Very well.

Is í Cathair Chorcaighe a ghnóthuigh an chreideamhaint a ghabhas le hárd-tinnreamh leanbhaí in aon chonntae nó conntaebhuirg le n-a mbaineann an tAcht. 87.9 fán gcéad uimhir an tinnrimh sin. Is í an chathair chéadna rug an chraobh léi ar an tinnreamh ab aoirde an dá bhliain roimhe seo freisin. Seo é an t-órd 'na raibh na háiteacha ba ghoire tinnreamh do Chathair Chorcaighe sa mbliain 1933-34: Cathair Phortláirge, 87.7; Conntae Chorcaighe, 86.5; Cathair Bhaile Atha Cliath, 86.4, agus Uíbh Fáilghe 86.3. Bhí méadú i bpercentáiste an tinnrimh i gcás dhá cheann fhichead de chontaethe no de chontae-bhuirgí, agus laghdú i gcás sé cinn aca, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Maidir le tighthe scoile féin agus a bhfeisteas tá dul ar aghaidh maith déanta leis sin, freisin, agus sa mbliain airgeadais 1933-34 do cuireadh suim mhór—£160,000—i leathtaoibh i gcómhair foirgnimh agus méaduighte agus feabhsuighthe tighthe scoile náisiúnta.

Is dona an scéal é, ámhthach, go bhfuil mórán scol ann fós gan cóir sláinteachais do bheith ortha. Ath-thógáil foirgneamh an rud is mó atá ag teastáil ins na ceanntair tuatha; i mbailte móra agus i gcathracha ní hamháin go bhfuil ath-thógáil le déanamh chun tighthe maithe do chur in ionad droch-thighthe, ach is riachtanach mórán scol ná fuil dóthain slighe ionnta dá líon leanbhaí do mhéadú. Do tosuigheadh le linn na bliana seo atá fá mheas againn ar roinnt scoltacha móra do thógáil i mBaile Atha Cliath agus i gCorcaigh. Tugadh aire speisialta don déanamh a bheadh ar na tighthe sin, agus táthar á dtógáil ar an módh nua-aimseardha.

Ceist fá leith is eadh ó tighthe oireamhnacha scoile do sholáthar i mBaile Atha Cliath, agus badh chóir go ndéanfadh gach uile dhuine a bhfuil suim aige in Oideachas iarracht tréan diongbhálta ar an fhadhb so do réidhteach.

Caithfear scoltacha agus feisteas do sholáthar don fhás agus don leathnú atá ag teacht ar an gcathair ins na ceanntair ina bhfuil áitreabha nua déanta. Ina theannta sin tá cuid de na scoltacha atá taobh istigh de shean-teorainn na cathrach ina seasamh ó cuireadh Córas an Bhun-Oideachais ar bun agus níl siad oireamhnach anois. Is beag ar fad a ndearnadh de thighthe nua scoile in san limistéar sin le dachad bliain anuas. Fuaireadh amach de thoradh fiosruighthe speisialta a rínneadh le déigheanaighe go bhuil breis agus dosaen de na tighthe scoile sin, nó de shreatha tighthe scoile, gan bheith oireamhnach do réir caighdeáin an lae indiu. Is soiléir a mheas gur deacair ionaid d'fhagháil d'fhoirgnimh in áiteanna mar Bhaile Atha Cliath mar a bhfuil an talamh go han-daor, ach ar a shon sin féin táthar ag dul ar aghaidh go seasmhach, agus táthar ag súthar ag súil le tosnú gan mhoill ar roinnt mhaith eile de scoltacha nua do thógáil sa gcathair agus ins na fo-bhailte ar a himeall.

Maidir leis an gcaoi a gcoimeádtar na scoltacha tá an scéal díreach mar bhí sc. Déanann roinnt de na bainisteóirí a ndícheall agus amannta téigheann siad thar a n-acfuinn leis na scoltacha a dheisiú agus a mhaisiú nuair a bhíonn gádh leis, ach tá mórchuid díobh atá faillightheach san rud so. Is fíor go dtéigheann sé righte le cuid aca an t-airgead a sholáthar; ach tá roinnt díobh agus deallruigheann sé gur cuma leo cé an bhail atá ar na tighthe scoile atá fá n-a gcúram.

Ní bhid na seomraí scoile taobh istigh ach go measardha glan. Na scoltacha atá fá chúram ban bíd de ghnáth níos glaine agus níos deismire ná na scoltacha atá fá chúram fear; ach uaireannta bíonn siad súd neamhshlachtmhar freisin. Is beag slacht a bhíos ar mhórán de na scoltacha do bhuachaillí. Ach d'fhéadfadh na hoidí idir fhearaibh agus mhnáibh i bhfad níos mó a dhéanamh leis na scoltacha a choimeád i gcaoi go mbeidís i na sompla do'n lucht scoile agus don chomhursanacht.

Tá na cigirí uilig ar aon fhocal nach dtugtar aire cheart do na cúl-tighthe. Bíonn na hurláir agus na suidheacháin ionnta go fliuch salach go ró-mhinic, agus ní déantar na claiseanna d'fholmhú go tráthamhail. An saghas cúltighe is mó a bhíos ag scoltacha tuaithe ba chóir cré thirim d'úsáid ionnta go laetheamhail, ach i bhfíor-chorr-scoil a déantar é sin. Dá bhíthin sin bíonn boladh bréan ag éirighe uatha go mór mhór san samhradh; caithfidh gur mór an chontabhairt í seo do shláinte na ndaltaí agus na n-oidí, ach is beag suim a chuireann a lán bainisteóirí agus oidí ann.

Do rinneadh cóimh-meascadh ar 48 scoltacha i rith na bliana, agus do chuir sin 24 scoltacha ó fheidhmiú ar leithligh. Meastar gurb é an laghdú bhéas ar an bhfoirinn múinteoireachta de bharr na scoltacha sin do thréigean ná máighistir amháin, 18 máighistreása, agus 15 máighistreása sóiseara conganta.

Maidir le hOileamhaint Mhúinteoirí b'éigean an uimhir díobh a glacadh i gColáistí Oileamhna Catoiliceacha d'fhearaibh sa mbliain 1934 do laghdú mar do rinneadh an bhliain roimhe sin, de bhrigh go raibh barrachas de mhúinteoirí oilte fear ar fághail, agus mar gheall ar an ndeifridheacht a bhí idir an uimhir a bhí in áitreabh agus an uimhir a raibh cead áitreabhtha dhóibh, do rinneadh 10 per cent. de laghdú ar líon an dara dreama i gcómhair na gColáistí sin; ach breathnóchthar an scéal arís ar ball, agus táthar ag súil go mbeidh réidhteach um an dtaca sin ar na deacrachta atá ann fá láthair. Ar an dtaoibh eile den scéal tá ganntanas ban-mhúinteoirí ann fós, agus ó's rud é go mbeidh an gá atá leo ag dul i ngéire do réir a chéile mar gheall ar an riaghail nua a choisceas ar mhnáibh a gheibhcann oileamhaint tar éis na bliana 1934 leanamhaint den mhúinteoireacht ar phósadh dhóibh, is mór is mian leis an Roinn go gcuirfí caoi oileamhna níos fairsinge ná mar atá ar fághail do mhná fá láthair. Táthar tar éis molta éagsamhla do mheadhadh, agus cé nach féidir a rádh go bhfuil réidhteach na ceiste ar fagháil tá súil ag an Roinn nach fada go mbeidh.

Do cuireadh Scéim na gColáistí Ullmhúcháin ar bun sa mbliain scoile 1926/27. Do beartuigheadh seacht gcoláistí do bhunú fá'n scéim sin, sé sin, trí cinn de bhuachaillí Catoiliceacha, trí cinn eile do chailíní Cataoiliceacha, agus ceann amháin do bhuachaillí agus do chailíní Protastúnacha. Tá cúig cinn de na Coláistí sin bunuighthe i maighin bhuan, agus siad na Coláistí iad san (1) trí Choláiste do chailíní .i. Coláiste Ide, i nDaingean Uí Chúise; Coláiste Brighde, i bhFál Charrach agus Coláiste Muire i dTúr Mhic Eidigh; (2) Coláiste Caoimhghin (do bhuachaillí) i nGlas Naoidhean; agus (3) Coláiste Móibhí (do Phrotastúnaigh idir bhuachaillí agus cailíní) i bPáire an Fhionn Uisce. An dá Choláiste eile atá ceaptha do bhuachaillí, .i. Coláiste Eanna agus Coláiste na Mumhan, níl ach áruis shealadacha aca san fós nó go dtógtar áruis chóra dhóibh i mBóthar na Trágha i nGaillimh, agus i mBaile Mhúirne i gConntae Chorcaighe. Táthar ag dul ar aghaidh le tógóil na dtighthe sin fá láthair, agus táthar ag súil go mbeidh siad ullamh i gcómhair a n-áitreabhtha i gcionn bliana nó mar sin.

Bíonn an iomaidheacht do na hionaid a bhíos le líonadh ins na Coláistí seo chómh géar sin nách féidir a ghlacadh ach an ceathramhadh cuid de na hiomaidhtheoirí a bhíos ionghlactha de réir toradh na scrúduighthe. Do chuir mie léighinn na gColáistí sin iad féin in iúl le n-a bhfeabhas san Scrúdú Idirmheadhonach agus i Scrúdú na hArd-Teistiméireachta gach bliain ó 1929 go 1933, agus do chuireadar in iúl arís é sa mbliain 1934. Fuair 95 fán gcéad de scoláirí na gColáistí sin a rinne iarracht ar an Ard-Teistiméireacht do ghnóthú, fuaireadar onóracha, agus is mór le rádh é sin.

I gcaoi agus go méadóchthaí uimhir na n-iomaidhtheoirí gurb í an Ghaedhilg a dteanga dhúthchais do hatharruigheadh uimhir na bhfolamhantas a bhí ceaptha d'iomaidhtheoirí ón bhFíor-Ghaedhealtacht ó 25 fán gcéad go 40 fán gcéad d'iomlán na bhfolamhantas. Agus ina theannta sin do cuireadh 40 fán gcéad de na folamhantaisí in áirithe d'iomaidhtheoirí a bhfuil an Ghaedhilg go líomhtha aca. Toghtar leath den dachad per cent. deireannach sin ón bhFíor-Ghaedhealtacht agus ón mBreac-Ghaedhealtacht, agus an leath eile ó áiteacha gurb í an Sacs-Bhéarla an ghnáth-theanga atá ionnta.

Seo buntáistí eile a tugtar d'iomaidhtheoirí ón bhFíor-Gheadhealtacht:

(a) Teora na haoise fá n-a nglacfar leo d'árdú o chúig bliana déag go leith go sé bliana déag go leith;

(b) réamh-chúrsa speisialta do chur ar fagháil don chéad scrúdú eile do na h-iomaidhtheoirí gur éirigh go maith leo sa scrúdú ionadachta;

(c) deontaisí i gcómhair gléasta, costaisí bóthair 7rl., do mhic léighinn a ghnóthuigheas ionad sna Coláistí, nó a toghtar don chúrsa speisialta ullmhúcháin;

(d) duaiseanna chúig punt do bhronandh d'uimhir áirithe de na h-iomaidhtheoirí a chruthuigheas ag an scrúdú ionadachta go bhfuil siad ion-ghlactha ins na Coláistí cé nach n-éirigheann leo ionad do ghnóthú ná Scoláireacht speisialta na Gaedhealtachta;

(e) deontaisí beaga do chur ar fághail d'iomaidhtheoirí a mbíonn cómhnaidhe ortha tamall maith ó ionad an scrúduighthe chun costas taistil 7rl. d'íoc; agus

(f) táillí na gColáistí Oileamhna do sheachadadh dhóibh. Ní foláir d'iomaidhtheoirí gach seachadadh d'aisíoc fá chionn ré áirithe d'éis post múinteoireachta d'fhagháil.

Ní hamháin sin ach tugtar luach saothair do gach múinteoir sa bhFíor-Ghalltacht ar son gach iomaidhthcora a n-eirigheann an scrúdú leis.

Tuairise tugtha ar a ndearnadh.

Top
Share