Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 30 Oct 1935

Vol. 59 No. 1

Céisteanna—Questions. Oral Answers. - Acht Freastal Scoile do Leasú.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais an dtug sé fá deara go mbeidh fo-alt a (3) agus fo-alt a (4) d'Alt a 4 den Acht Freastal Scoile, 1926, ag dul as feidhm an bhliain seo chugainn (1936), agus 'na dhiaidh seo nach mbeidh cead ag tuismitheoirí a bpáisdí a chongbháil sa bhaile ar feadh deich lá san Earrach agus deich lá san Fhoghmhar le cuideadh thabhairt daobhtha ag cur an phóir agus ag baint an fhoghmhair; an bhfuil fhios aige go luighfidh an t-atharú so san dlighe go trom ar na feirmeoirí beaga, go háithrid san Ghaedhealtacht, agus nach dtig leis an chuid is mó de na feirmeoirí beaga lucht cuidighthe d'fhastódh agus go mbíonn an aimsir chomh neamhchinnte sa tír seo gur minic a chaillfí an bárr acht ab é cuideadh an aosa óig; agus, ar an adhbhar so, an mbeadh an tAire toilteannach Bille a thabhairt isteach chun an Acht Freastal Scoile a leasú i slí go gcoimeádfaí na fo-altanna so i bhfeidhm, ach san ar chaoi nach n-ísleofaí an meadhontinnreamh i scoltacha in a bhfuil baoghal ar mhúinteorí a slighe bheatha a chailleadh dá mbárr.

Tá machtnamh 'á dhéanamh fé láthair fé'n gceist sin agus táthar ag súil le breith a thabhairt ar an gceist sar i bhfad.

Top
Share