Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 May 1937

Vol. 67 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabhair d'Fhoillsiú.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais cá mhéad leabhar Gaedhilge d'fhoillsigh an Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais faoi'n "Gúm" sa bliadhain 1935-36 (go dtí deireadh an Mhárta, 1936); cá mhéad aca bhí 'na n-aistriúcháin; caidé an leabhar a rabh an díolacháin a b'fhearr air agus cá mhéad cóipeanna de a díoladh sa bhliadhain sin; caidé an leabhar a rabh an díolachán badh lugha air agus cá mhéad cóipeanna de a díoladh san tréimhse chéadna; cia hé a thogas na leabhair fá choinne aistrighthe go Gaedhilg o na teangtha iasachta agus an gcuirfeadh an tAire coiste beag ar bun le comhairle thabhairt fá na leabhair seo; agus cá mhéad airgid a caitheadh ar an "Ghúm" i rith na bliadhna 1935-36.

Meastar nach téacsleabhra Meadhon-scoile atá i gceist ag an Teachta ach na gnáth-leabhra léightheoireachta a foillsightear fé scéim na Roinne, agus is dá réir sin atá an cheist á freagairt.

Foillsigheadh sé leabhra is dachad (46) den tsórt san sa bhliain dar críoch an t-aonmhadh lá is triocha de Mhárta, 1936. Triocha aistriuchán a bhí sa bheart san.

Do b'é "An Sagart Óg" an leabhar do b'fhearr a díoladh ar feadh na tréimhse sin—aistriúchán ar "My New Curate" le Canon Sheehan é. Do foillsigheadh an leabhar san i Mí Aibreán, 1935, agus díoladh ocht gcóip is fiche is naoi gcéad (928) de idir sin agus an t-aonmhadh lá is triocha de Mhárta, 1936.

"Eadar Muir is Tír" an leabhar ba lugha a díoladh—aistriúchán ar ‘Lost on Du Corrig' le Standish o'Grady é. Do foillsigheadh é i ndeire Mí Márta, 1936, agus díoladh dhá chóip déag idir sin agus an t-aonmhadh lá is triocha de Mhárta, 1936. Tabharfaidh an Teachta fé ndeara go raibh an chéad leabhar aca so á dhíol ar feadh na bliana go léir beagnach agus ná raibh ag an dara leabhar ach seachtmhain nó mar sin ar an mhargadh.

De ghnáth 'sé an t-aistrightheoir féin a thoghann leabhar agus a iarrann cead a aistrighthe, agus sa chás san ní mór an leabhar a bheith molta ag léightheoir nó beirt as buidhin léightheoirí seasta. Nuair a iarrann aistrightheoir ar an Roinn leabhar a thoghadh dó le n-aistriú tugtar leabhar nó a rogha de roinnt bheag leabhar dó as liosta atá molta ag an Roinn. Ní dóigh liom gur gádh coiste den tsórt a mholann an Teachta a chur ar bun mar táthar ag iarraidh aistriúcháin ó theangachaibh iasachta do sheachaint oiread agus is féidir é agus breis aire a thabhairt don bhuncheapadóireacht.

Naoí míle, ocht gcéad dhá phunt déag is trí scór-naoi scilling is naoi bpingin (£9,872 9s. 9d.) an costas iomlán a bhí ar sholáthar gnáth-ádhbhar léightheoireachta ar feadh na tréimhse dar críoch an t-aonmhadh lá is triocha de Mhárta, 1936. Tuigfear ná gabhann ach cuid den chostas so leis na leabhra a foillsigheadh i rith na bliadhna atá i gceist.

Top
Share