Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Nov 1937

Vol. 69 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Congnamh Dhíomaointis i dTir Chonaill.

D'friafruigh

den Aire Tionnscail agus Tráchtála an féidir socrú níos fearr a dhéanamh sa dóigh nach mbeidh de chruaidhtean ar na daoine atá ina gcomhnuidhe ins na sléibhte agus in áiteacha iargcúlta eile ins na ceanntair seo leanas i nGaeltacht Thír Chonaill—Gaoth Dobhair, Na Rosa, Cloch Cheann Fhaolaidh, Litir Mhic a' Bháird agus an Dubhcharraigh —faid ar bith ó dheich míle go cúig míle dheug agus corr uair os cionn fhiche míle a chur díobh, de shiubhal cos, le n-a n-ainim a shighneáil i mbearaic na nGárdaí fá choinne chongnaimh dhíomhaointis d'fagháil; no nach féidir fear de na Gárdaí no Oifigeach as an Malartán Feadhmannais a chur go dtí baile talaimh a bheas measardha comhgarach agus i lár báire do na daoine sin le seans a thabhairt dóbhta a n-ainmneacha a shighneáil ins an ionad sin.

Tuigim go bhfuil an riaghail a chuireann de iallach ar gach uile iarratóir atá 'n-a chomhnaidhe ós cionn ceithre mhíle ó oifig áiteamhail de'n Roinn dul go hArus Gárdaí le fiadhnaise díomhaoinis a fhagháil deimhnighthe, go bhfuil sin cruaidh go leor ar chuid de na hiarratóirí i gcorrcheanntar iargcúlta mar atá i nGaedhealtacht Thír Chonaill. D'fhonn an cruadhchás sin a réidhtiu rinneadh socrú ga rachadh Gárda as an Arus ba ghoire amach, dá mb'fhéidir é, le freastal a dhéanamh ar na hiarratóirí atá i gceist i n-áit eicínt a bhéadh comhgarach dóbhtha. Tá ceathrar Gárdaí as na hAruis atá ar an mBun mBeag, ar an bFhál Carrach, i gCiarraighe Caol agus ar an Dubhchoraidh ag déunamh freastail ar leith fá láthair ar iarratóirí i gceanntair Ghaoth Dobhair agus Chloich Chionnfhaolaidh agus na Dubhchoradh, agus táthar ag breathnú an féidir socrú de'n chineál chéadna a dhéanamh do iarratóirí eile i nGaedhealtacht Thír Chonaill ar a bhfuil sé tughtha síos go bhfuil siad sa' gcruadhchás céadhna.

Top
Share