Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Apr 1938

Vol. 71 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scolairi Nua ins na Scoileanna Gairm-Oideachais.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhféadfadh sé a rá; (a) mó scoláire nua a cláruíodh sa bhliain 1937-38, den chéad uair, ins na ranganna Gairm-oideachais, agus (b) an mó duine fén gcéad díobh san go raibh labhairt agus léigheamh na Gaedhilge go maith aca.

Bíonn áireamh bliadhantamhail na Roinne a bhaineas le mic-léighinn a bheineann freastal ar ranganna Ghairm - Oideachais bunuighthe ar thuairiscí a gheibhtear ó Phríomh-Oifigigh Feidhmiúcháin na gCoistí Oideachais Ghairme Beatha. Ní deintear na tuairisc í sin d'ullmhughadh go dtí deire na scoil-bhliadhna le n-a mbainid. Fé mar atá an scéal go dtí seo níl cur síos fé leith ins na tuairiscí ar na mic-léighinn a thagann isteach de'n chéad uair i ranganna de'n tsaghas so, ná ar eolas na Gaedhilge atá ag 'chuile duine. Mar gheall air sin ní thig liom na tuairiscí atá á lorg ag an dTeachtaire i gceachtair de'n dá chuid d'á cheist do sholáthar, agus um a dtaca déidheannach so de'n scoilbhliadhain ní beifí i n-ann an t-eolas so d'fhagháil go cruinn beacht i dtaobh na mac-léighinn a cláruigheadh i dtosach na bliadhna.

Top
Share