Tairigim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £152,835 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1941, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta (9 agus 10 Geo. 5, c. 58; agus Uimh. 34 de 1928), maraon le Deontas-i-gCabhair chun Talamh do Thógaint.
That a sum not exceeding £152,835 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1941, for Salaries and Expenses in connection with Forestry (9 and 10 Geo. 5, c. 58; and No. 34 of 1928), including a Grant-in-Aid for Acquisition of Land.
Isé an méid iomlán glan atáthar a iarraidh i gcóir na bliana airgeadais atá anois ann ná £229,255, sin méadú de £21,306 ar Vóta na bliana 1939-40. Is i Rannán C. 2, Rannán faoi n-a n-iarrtar costas coimeádta i dtreo agus costas plandála, atá an chuid is mó den mhéadú. I ngeall ar an mbreis atá ag dul ar chaiteachaisí an Stáit is cuibhe, ní nach iongnadh, cúrsaí foraoiseachta do bhreithniú féachaint arbh fhearr leanúint den obair faoi mar atá no ar mhiste é chiorrbhadh a bheag no a mhór. Isé cinneadh, de bharr an bhreithnithe sin agus ag féachaint don am le theacht, leanacht de thalamh feiliúnach i gcóir foraoiseachta do thógaint agus an oiread a phlandáil agus is féidir, ionnus go bhféadfar na planndaí go léir sna garrdhanta altran úsáid agus d'fhonn gur móide an méid oibre bhéas le fáil ag muinntir na tuatha.
Isé an t-achar talmhan a tóigeadh anuraidh i gcóir na hoibre ná 12,739 n-acra i gcomórtas le 7,509 n-acra sa mbliain 1938-39. Tá estát amháin, ámh, ina bhfuil os cionn 3,500 acra ina chuid den 12,739 n-acra sin. Ní dócha go bhfuighfear aon estát a bheidh chó mór sin le ceannach feasta. Méaduíodh, i rith na bliana, an fhuireann atá i mbun talamh a thógaint.
Tiocfaidh límistéir mhóra i seilbh na Rannóige Foraoiseachta faoi cheann cúpla seachtain. Is féidir a bheith deimhin de go bhfuil an oiread talmhan atá feiliúnach do chrainte á thógaint o uain go chéile agus is gá chun nach reachaidh aon laigheadú ar an méid crann is gnáth a chur gach bliain. Ionnus go mbeadh obair na ngarrdhanta altran agus an obair phlandála ag freagairt i gceart dá chéile ní mór roinnt talmhan sa mbreis do thógaint tamall maith roimh ré le haghaidh plandála agus táthar ag féachaint go cúramach don taobh sin den scéal.
Tríd is tríd ba mhó de bheagán acra na límistéir a tairgeadh a dhíol leis an Rannóig Foraoiseachta i rith na bliana seo caithte, ná na límistéir a tairgeadh sa mbliain 1938-39; ach mar sin féin, níl na límistéir atá le fáil anois in aon ghaor do bheith chó fairsing leo siúd a bhí le fáil cúpla bliain o shoin agus, dá bhrí sin, tá sé níos deacra anois réigiúin fheiliúnacha foraoiseachta d'fhorbairt ná bhí go dtí seo.
Níl eolas beacht ar phlanndáil an tséasúir atá caithte ar fáil go fóill, mar chuir an aimsir moill ar an obair agus tá an phlandáil ar siúl fós ina lán áiteacha; ach meastar gur tuairim is 6,600 acra a bheas curtha um dheireadh na tréimhse no tuairim is 1,000 (míle) acra níos lugha ná achar an tséasúr roimhe sin.
Sé an t-achar iomlán de thalamh foraoise atá ar láimh anois ná tuairim is 136,770 acra. Tá tuairim is 93,779 n-acra de sin curtha agus tá 24,000 acra ar a laighead de nach féidir a phlandáil. Isé atá sa chuid eile dhe ná talamh scrubarnaigh, talamh lom atá ullamhuithe chun plandála, talamh nach féidir a phlandáil, garrdhanta altran, etc. Tá seacht réigiúin nóchad faoi chrainn anois. Is cinn nua na réigiúin atá in aice na n-áiteacha seo leanas, eadhon, Bántír, Co. Chorcaighe; Ros Mhic Treoin, Co. Loch Garman, agus Baile an Ghleanna, Co. Chill Mhantán; Conga i gCo. Mhuigheo agus i gCo. na Gaillimhe agus Droichead na Banndan, Co. Chorcaighe. Is deallrathach go gceapfar réigiúin nua sul i bhfad in aice leis an gCreagán, Co. na Gaillimhe agus le Muine an Mheádha sa gcondae céanna. Ach, ar ndóigh, ní hé cur na réigiún nua, an t-aon chruthú amháin ar obair an Stáit i gcúrsaí Foraoiseachta do bheith ag dul i méid go mór mór, ina theanta sin táthar ag fáil talmhan sa mbreis agus á chur leis na sean-réigiúin i gcomhnaí. Nuair a bhíos talamh le ceannach isé an talamh is comhgaraí do na sean-réigiúin, agus a bhíos ar fáil, a ceannuítear i dtreo gur lugha-de an costas maoirseachta. Nuair is gá réigiúin nua foraoise do cheapadh, ní mór tuairim is 300 acra ar a laighead de thalamh ion-phlandála chuige sin ionnus nach mbeadh an costas a gheobhadh leis ró-árd. Mara mbíonn learg chuimseardha thalmhan le fáil ón aon únaer amháin tógann sé tamall maith, ní nach iongnadh, socrú dhéanamh chun roinnt learg bheag in aice a chéile do cheannach i gcó-thráth o n-a n-únaeraí. Tagann de sin, uaireanta, go meastar san éagcóir go mbíonn fabhar á thabhairt do cheanntair áirithe toise cuid mhaith thalmhan do bheith á cheannach ionta tráth áirithe.
An méid is gá le haghaidh na rannán faoi leith tá sin leagtha amach san imleabhar clóbhuailte a tugadh do na Teachtaí cheana féin agus níl fúm trácht go mion ina thaobh. Ní bhacfad ach leis na haltáin sin is gá a bhreithniú go speisialta.
I Rannán A, Rannán faoi n-a n-iarrtar an t-airgead i gcóir tuarastal agus liúntaisí na fóirne riaracháin agus maoirseachta, tá méadú de £2,647. Isé is príomh-shiocair leis seo an fhuireann chléireachais do bheith ag méadú mar gheall ar an mbreis oibre bhaineas le tailte foraoiseachta bheith á síor-thógaint.
Rannán C. 1. Talamh a Thógaint — Isé an méid iomlán a vótáladh anuraidh le n-a aghaidh seo ná £45,000 agus sí an tsuim chéanna atá curtha síos don bhliain seo. Fuarthas amach nár leor an £30,000 do hiarradh sa meastachán bunaidh agus do vótáladh suim bhreise de £15,000 ina dhiaidh sin. Is i bhfuirm Deontas-i-gCabhair a vótáltar an t-airgead so agus, in ionad aon fhuighleach a bhíos fágtha i ndeireadh na bliana do thabhairt suas, is amhlaidh a tugtar ar aghaidh é go dtí an chéad bhliain airgeadais eile. Is gá déanamh mar seo i ngeall ar an tréimhse fhada bhíos idir déanta an mhargaidh chun an talamh a cheannach agus am críochnuithe na gcúrsaí dlí bhaineas leis an scéal. I dtús na míosa seo bhí tuairim is £11,882 fuighligh sa gCiste um Thalamh do Thógaint. Nuair a gheobhfar an £45,000 atá á iarraidh anois, isé suim iomlán a bheas ar fáil chun talamh a cheannach i rith na bliana seo ná £56,882. Ar an taobh eile den scéal tá socrú cinnte déanta chun 3,600 acra do cheannach ar £11,116 agus táthar ag tairisgint tuairim is 3,700 acra do cheannach o Choimisiún na Talmhan ar £11,072. Ina theanta sin, tá breithniú á dhéanamh maidir le sé cinn sheachtód de learga talmhan, ina bhfuil os cionn 8,000 acra ar fad, a tairgeadh a dhíol leis an Roinn Foraoiseachta agus a meastar is fiú £25,000 ar a laighead; agus fós is cosúil go mbeidh tuilleadh talmhan le fáil o Choimisiún na Talmhan i gcóir foraoiseachta.
Rannán C. 2, £174,231 Saothrú, Coimeád i dtreo, etc. —Tá méadú de £22,120 ar an Rannán seo; agus tá beartuithe £3,000 den mhéadú sin do chaitheamh ar pháigh do mhaoir coille agus do Shaoistí; £13,500 a chaitheamh in íoc an chostais bhreise bhainfidh leis an ngnáth-obair agus £5,500 chun díol as an méid sa mbreis a chosnóidh abhair fhálachta, uirlisí, etc.
Do réir mar a bhéas níos mó talmhan á chur ar fáil, caithfear tuilleadh Maor Coille agus Saoistí d'fhostú.
Tá an tsuim is gá chun abhair fhálachta, etc., do cheannach méaduithe go mór mór, sa gcaoi a bhfuil an saol faoi láthair, tá gach aon cosamhalacht ann go mbeidh na habhair i bhfad níos daoire feasta. Tá sé cuibheasach dian ar an Rannóig dóthain de na habhair seo fháil faoi láthair, ach táthar ag súil go leigheasfar an scéal sul i bhfad.
Tá beagán sa mbreis á iarraidh chun síolta agus fásóga a cheannach, mar níl aon aimhreas, agus an saol mar atá, ná go mbeidh sin níos costasúla amach anseo. Tá sé an-deacair síolta d'fháil, agus maidir le cineálacha áirithe, ní dócha go mbeidh ar chumas na Rannóige a mbeidh uatha d'fháil olc ná maith. Fágfaidh sin go mbeidh plandaí de na cineálacha sin gann faoi cheann cúpla bliain. Níl á ceannach ach a laighead agus is gá d'fhásóga agus de phlandaí athchuir ach beidh sé riachtanach i gcomhnaí riamh plandaí de chineálacha áirithe d'fháil o dhreamanna eile faid is ná beidh dóthain de thalamh breise le haghaidh foraoiseanna ar seilbh againn agus nach féidir bheith deimhnitheach, trí bliana roimh ré, cé mhéad talmhan a bhéas le cur. Deintear oiread agus is féidir de na plandaí bhíos ag teastáil do cheannach o lucht garrdhanta altran sa tír seo, ach ní i gcomhnaí bhíos an méid a bhíos de dhíth le fáil uatha san. Uime sin, ní mór cuid den cheannach a dhéanamh i dtíortha eile. An seasúr seo caithte do horduíodh 1,100,000 fásóg agus 46,200 planda athchuir o lucht garrdhanta altran in Éirinn, agus do horduíodh 2,365,000 fásóg agus 1,012,000 planda athchuir ón gcoigcrích.
Maidir le líon na bhfear oibre i rith na bliana seo caithte, bhí 1,208 ag obair i Mí na Samhna agus 1,994 i ndeireadh an Mhárta. Cé nach raibh oiread ag obair agus a bhí an bhliain roimhe sin, ba mhó an méid a raibh buan-obair aca.
An tsuim a vótáladh i meastachán na bliana anuraidh is chun tithe a dhéanamh do thriúr maor coille táthar á hiarraidh arís i mbliana mar bhí sé an-deacair suidhimh fheiliúnacha fháil ina gcóir. Is aimhreas linn, ámh, agus an saol mar atá, nach féidir tithe feiliúnacha a thógáil ar an méid airgid atá ceaptha agus ní foláir an cheist a bhreithniú tuilleadh.
Rannán C. 3, £2,495 Oibriú adhmaid. —An méadú de £874 atáthar a iarraidh faoi'n Rannán seo, isé is príomhshiocair leis ná an muileann sáibhéireachta d'oibriú a tháinig 'n-ár seilbh nuair a bhí Estát Guinness i gConga, Co. Mhuigheo, a thógaint agus a hathoscladh i Mí na Nodlag seo caithte. Is i nDun Droma, i gCondae Thiobrad Arann, atá an muileann sáibhéireachta eile atá á oibriú ag an Rannóig Foraoiseachta, agus déantar a lán adhmaid a ghearradh san dá mhuileann sin don mhuintir ina gcomharsanacht. Ina theanta sin, déantar a lán cuaillí fáil, geataí, etc., i gcóir na dtailte Foraoise is leis an Stát.
Rannán D. 1, £700 Deontaisí i gcóir foraoiseachta: Faoi'n Rannán seo, tugtar deontaisí do dhaoine príobháideacha agus do chóluchtaí puiblí a chuireann crainte ar a dtailte féin. Isé méid an deontais ná £4 an t-acra, agus íoctar £3 de sin nuair bhíos an phlandáil críochnuithe, ach an Roinn do bheith sásta leis an obair, agus íoctar an punt eile i gcionn chúig mblian, má coimeádtar an ceap i dtreo cheart idir an dá linn. Ní mór chúig acra ar a laighead do chur chun deontais d'fháil, ach tig le roinnt únaeraí an méid sin do phlandáil eatorra.
I ngeall ar an nglaoch atá ar adhmad na hEireann faoi láthair, tá anchuimse crann á leagadh, agus ós gnáthach go gceangailtear ar lucht a leagtha, faoi'n Acht Foraoiseachta, 1928, an talamh folamh d'athchur, meastar go mbeidh éileamh ar na deontaisí seo go ceann roinnt bhliain.
Rannán D. 2. Lá na gCrann:— Socruíodh stad den scéim seo go ceann tamaill. Bhí an méid crann óg a bhí ag teastáil óna scoltacha ag dul i laighead o bhliain go bliain agus measadh go mb'fhearr, d'fhonn airgead a spáráil, eirghe as a bheith á soláthar dóibh go dtí go mbeadh cor níos fearr ar an saol.
Rannán E. 1, Oideachas i gCúrsaí Foraoiseachta, £1,300.—Is don Scoil Foraoiseachta in Avondale an chuid is mó d'airgead an Rannáin seo. Ise is príomh-shiocair leis an laigheadú de £1,147 sa meastachán, i gcomórtas le méid na bliana anuraidh, ná an obair maidir le solus leictreachais do chur isteach agus soláthar nua uisce do chur ar fáil—dhá ní gur vótáladh airgead ina gcóir anuraidh—do bheith criochnuithe, agus nach gá airgead ina gcóir seo, ná i gcóir aon oibre eile chó mór céanna, i mbliana. Agus, fós, b'éigin, i ngeall ar an gcogadh, eirghe as an socrú chun cúrsa oiliúna thar lear a thabhairt do bhaill den fhó-fhuirinn teicniúil.
Rannán E. 2, £75, Láithreoga ag Taisbeántais. —Is chuige airgead an Rannáin seo chun Láithreog, ina mbeadh eolas le fáil ar gach a mbaineann le Gnó na Foraoiseachta, do bheith ar Aonach an Earraigh ag Droichead na Dothra agus chun cinn eile den tsamhail chéanna bheith ag teasbántaisí eile.
Rannán H, £15,200, Leithreasaí i gCabhair. —Sé atá sa Rannán seo an teacht isteach o gach taobh, mar atá airgead féarach, cíos iostán, dleachta foghlaerachta, etc.; is as adhmad a dhíol, a thagann furmhór an fháltais seo, ámh. Is mó de £3,200 an méid atá luaidhte i Meastachán na bliana seo, ná an tsuim a fuarthas sa mbliain 1939-40; ach má leanann adhmad na hEireann ag dul i ndaoire mar atá, ní miste bheith ag súil le suim níos mó ná sin. D'fhéadfaí, dar ndóigh, a lán eile airgid a dhéanamh as adhmad a dhíol, ach gach cineál crainn iondíolta atá againn, pe'ca in úd a leagtha no eile dhó, a chur ar an margadh. Níorbh ionmholta an ní é seo dhéanamh, agus sa méid is féidir é, ní déantar aon chrainte nach mbíonn lán-fhásta do leagadh, ar eagla na gann-chúise amach anseo. Ní heol do dhuine ar bith an fada gearr a leanfas cúrsaí mar atá no cén cor a bhéas ar an scéal faoi cheann cúpla bliain; ach más mian linn nach rachadh admhad na hEireann i ndísc caithfimid gan aon leagadh a dhéanamh thar mar is acfuinn dúinn, óir ní blianta ach cianta a thógfadh sé coillte nua do theacht chun foirbhtheachta.
Acht Foraoiseachta, 1928.—Isé fáth an Achta so ná chun cosc a chur leis an ngearradh coille a bhí ar siúl go fóirleathan agus go mí-chuibhe ar fud na tíre, agus chun a chur in áirithe go ndéanfaí gach límistéar ina leagfaí crainte fásta d'ath-phlandáil. Tá anéileamh tar éis a theacht ar adhmad na hEireann i ngeall ar an gcuma ina bhfuil cúrsaí an aimsear seo agus tá adhmad á dhíol agus á cheannach go tiugh i gcóir gnótha déantúsan, agus b'fhearr-de é an t-adhmad san dá leigtí do na crainn fás go ceann tamaill mhaith eile. Dá bhrí sin, tá sé níos riachtanaighe anois ná ariamh a n-orduítear leis an Acht Foraoiseachta d'fheidhmiú; agus ba mhaith liom a chur ina luighe ar chách, pé beag mór iad na constaicí bhainfeas le cúrsaí trádála agus tionnscail, nach nglacfar leis sin mar leithscéal chun gan déanamh do réir an Achta. Cé gur mian leis an Roinn oibriú chun leasa Unaeraí Talmhan agus Ceannuithe Adhmaid agus Déantóirí, agus fós féachaint chuige nach mbainfidh ach an cheataí is lugha is féidir le n-a ngnóthaí san de dhruim déanamh do réir an Achta, cuirfear an dlí ar dhuine ar bith a leagfas crann gan údarás.
I rith na bliana seo caithte fuarthas 3,429 gcinn d'Iarrataisí ar cead chun crainte do leagadh agus, cé gur géilleadh dá bhfurmhór, ní foláir, i gcás ina mbítear chun mórán crann ar ghabháltas no cion mhaith de na crainte ar an ngabháltas do leagadh, go mbeadh ar chumas na Rannóige a dheimhniú dhóibh féin go ndéanfar an talamh dá nglanfar na crainte d'ath-phlandáil. Chuige seo iniúchann oifigeach cáilithe foraoiseachta an talamh agus is do réir a achair, agus ní do réir an mhéid crann a bheidh le leagadh, a mheasann seisean cadé an uimhir a bheidh le cur ina n-áit. Is cosúil go gceapann go leor daoine go n-orduítear an iomarca crann a chur san ath-phlandáil, ach ní miste cuimhneamh nach mbeidh adhmad sooibrithe le fáil, sé sin, adhmad nach mbeidh an iomad géagán agus fadharcán air, mara ndéantar na crainn do chur go dlúth ar dtús agus iad a thanaidheachan ina dhiaidh sin le go rachaidís i reimhre.
Bítear i ndáiríre nuair a cuirtear coinníoll i gceadúnas leagtha crann á rá go gcaithfear an talamh d'athchur, agus, cé go bhfuil mo Roinn-se umhal i gcomnnaí breis aimsire a lomháil i gcóir leagtha agus ath-phlandála i gcás é bheith réasúnta sin iarraidh, ba cheart dóibh seo do loirg agus do fuair ceadúnaisí ina bhfuil coinníoll ath-phlandála a thabhairt dá n-aire nach leor, in éiric coinníoll den tsórt san a shárú, fíneáil íoc. Tuigidís go mbíonn an dlí á bhriseadh aca an fhad a thugaid faillí san ath-phlandáil agus bídís deimhnitheach de ná staonfaidh an Roinn go mbeidh an talamh faoi chrainn arís.