Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Jun 1940

Vol. 80 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas le hagaidh Drámaidheacht.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuair sé litir ón Choisde, a cuireadh ar bun i 1935 le haghaidh comhairle a thabhairt don Aire fán deontas a cuireadh ar fághail le haghaidh drámaidheacht a chur 'un tosaigh sa Ghaedhealtacht, á rádh go bhfuil na baill tar éis éirighe as; caidé an cineál coisde atá ceaptha aige a chur ina áit; ós amhlaidh gur mar mhaithe le drámaidheacht sa bhFíor-Ghaedhealtacht uilig a cuireadh an deontas ar fághail caidé an fáth nár cuireadh acht daoine a bhí 'na gcomhnaidhe i dTír Chonaill ar an choisde comhairle; agus cad a bhí sa litir den 8adh lá de Lúghnasa, 1936, fán chonndae a raibh an deontas le caitheamh ann.

Do fuarthas litir i dtosach na míosa so ó'n Rúnaí á rádh go raibh socair ag na baill de'n Choisde a bhí i láthair ag an gcruinniú deireannach éirghe as an obair. Ní raibh ach triúr ball i láthair ag an gcruinniú san, agus bhítheas ag súil nuair thuig an Coisde gur cuireadh an deontas ar fagháil ar mhaithe leis an bhFíor-Ghaedhealtacht uile, go mb'fhéidir go ndéanfaí an sgéal d'aithbhreithniú. Dá bhrígh sin, níor deineadh éinni go fóill 'sa mhéid a bhaineas le rún an Choisde; is furas, dar ndóigh, an cheist a réidhteach gan Coisde nua do cheapadh.

Badh mhaith liom a chur i gcuimhne do'n Teachta an freagra a thug mé ar cheist a chuir sé annseo i mí Feabhra, 1935, nuair a dubhairt mé: "Tá beartuighte suim bheag breise de chur leis an deontas le h-aghaidh drámaí Gaedhilge 'sa bhliadhain airgeadais seo chughainn agus caithfear cuid de'n bhreis sin i nGaedhealtacht Thír Chonaill." Do fuarthas iarrataisí ó cheanntair i bhFíor-Ghaedhealtacht Thír Chonaill agus do cuireadh Coisde ar bun de dhaoinibh a raibh eolas fá leith aca ar na ceanntair sin, chun comhairle a thabhairt i dtaobh an chuma 's fearr chun an deontas do roinnt ortha. Do minigheadh 'sa litir de'n 28adh Lughnasa, 1935, go mbeadh deontas airgid ar fagháil chun cabhruighthe leis an drámaidheacht i bhFíor-Ghaedhealteacht Thír Chonaill, ach níorbh' ionann san agus a rádh nach mbeadh cead ag na ceanntair Fior-Gheadhealacha eile bheith páirteach ann. Taobh amuigh de Thír Chonaill, ní raibh ach dhá cheanntar páirteach 'sa sgéim, cumann amháin i bhFíor-Ghaedhealtacht Chorcaighe agus cumann eile i Nua-Ghaédhealtacht na Midhe.

Top
Share