Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £852,147 chun slánuithe na suime is gá chun íioctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talmhan na hEireann (44 agus 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4; 48 agus 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 54 agus 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7. Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Uimh. 27 agus Uimh. 42 de 1923; Uimh. 25 de 1925; Uimh. 11 de 1926; Uimh. 19 de 1927; Uimh. 31 de 1929; Uimh. 11 de 1931; Uimh. 33 agus Uimh. 38 de 1933; Uimh. 11 de 1934; Uimh. 41 de 1936; agus Uimh. 26 de 1939).
That a sum not exceeding £852,147 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1942, for the Salaries and Expenses of the Offices of the Minister for Lands and of the Irish Land Commission (44 & 45 Vict., c. 49, sec. 46, and c. 71, sec. 4; 48 & 49 Vict. c. 73, secs. 17, 18 and 20; 54 & 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38, and c. 56; 9 Edw. 7, c. 42, Nos. 27 and 42 of 1923; No. 25 of 1925; No. 11 of 1926; No. 19 of 1927; No. 31 of 1929; No. 11 of 1931; Nos. 33 and 38 of 1933; No. 11 of 1934; No. 41 of 1926; and No. 26 of 1939).
Tá laigheadú de £115,135 ar mhéid an Mheastacháin do Thailte i gcóir na bliana 1941-42. Nuair a bhí an Meastachán á chur le chéile do rinneadh scrúdú cúramach faoi gach Altán de d'fhonn go ndéanfaí, ag cuimhneamh ar an mór-phráinn atá ann faoi láthair, fearachas ar gach slí ab'fhéidir. Is faoi Altán I (Estáit d'fheabhsú, etc.) atá an laigheadú is mó. Isé méid atá á lorg faoi'n Altán san i gcóir na bliana so ná £457,950; £560,255 do hiarradh anuraidh. Fagann san go bhfuil laigheadú de £102,305 á dhéanamh. Isé fá ndeár a lán den laigheadú so ná nach féidir do Choimisiún na Talmhan faoi láthair oiread tailimh agus is gnáth a thógaint agus a roinn toisc an chuma ina bhfuil cúrsaí. Tá cuid mhaith d'fhuirinn Choimisiún na Talmhan tugtha ar iasacht do Ranna eile go ceann na tréimhse práinne, agus tiocfaidh den disciú fóirne seo, agus fós de sna deacrachtaí de dheascaibh ganntan abhar tógála, go laghdófar caiteachas faoi'n Altán so. Chífear ón ráiteas ar an meastachán a cuireadh chun na dTeachtaí go bhfuil deighilt níos mionchruinne déanta an turas so ar na hítimí atá san Altán. Tá iomlán an mheastacháin, £457,950, do réir an chaiteachais faoi'n Altán so i rith na bliana so caithte.
Is beag de sna hAltáin eile den Vóta so atá de chineál gur féidir mórán laigheadú dhéanamh ortha, agus tá gearr-chuid aca is gá a mhéadú beagán in aghaidh na bliana. Dob fhéidir £7,455 do shábháil sa gcaiteachas ar Thuarastail, Pagh agus Liúntaisí faoi Altán A. Is toisc folúntaisí d'fhágaint gan líonadh do thárla an chuid is mó den tsábháil seo. Tá laigheadú de £1,000 ar chostaisí. Taistil faoi Altán B. Táthar ag braith air go sábhálfar £2,000 faoi Altán E.2—Fo-Chostaisí Brainse an Atúrnae—toisc gan an oiread imeachta do bheith ar siúl chun tailte do thógaint fé sna hAchtanna Talmhan 1923-39; agus meastar go sabhálfar fairis sin £2,500 faoi Altán J—Roimh-íoc chun slánuithe easnaimh in ioncum o thailte nea-thionóntaithe ar n-a gceannach faoi na hAchtanna seo. Níl aon atharú ar fhurmhór na nAltán eile agus is ar éigin is gá éinní rá ina dtaobh.
Notice taken that 20 Deputies were not present; House counted and 20 Deputies being present,