Tairgim:
Go ndcontar suim ná raghaidh thar £122,844 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta (9 agus 10 Geo. 5, c. 58 agus Uimh. 34 de 1928), ar a n-áirmhítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh do Thógaint.
That a sum, not exceeding £122,844, be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1942, for Salaries and Expenses in connection with Forestry (9 and 10 Geo. 5, c. 58 and No. 34 of 1928), including a Grant-in-Aid for Acquisition of Land.
An cor atá ar an saol de dheascaibh an chogaidh tá sé ag cur isteach ar chúrsaí foraoiseachta fé mar atá sé ag cur isteach ar chúrsaí eile raghadh chun leasa na tíre, agus tá a rian san le feicsint ar mheastachán so na bliana airgeadais seo. An méid iomlán glan —£185,264—atá á lorg sa vóta so, is lugha de £43,991 é ná an tsuim do vótáladh in aghaidh na bliana so caithte. Isé fé ndeár an laigheadú so ná cajteachas measta na bliana so do bheith laigheaduithe £23,881 agus méadú de £20,110 do bheith ar na fáltaisí le n-a bhfuil súil. As adhmad a dhíol iseadh a thiocfaidh an chuid is mó de sna fáltaisí seo, ach fágann san go gcaithfear tarraing an-mhór a dhéanamh ar a bhfuil d'adhmad inghearrtha ar láimh ag an Rannóig Fhoraoiseachta fé mar do rinneadh anuraidh. Ní féadfar leanúint de shíor den tarraing seo agus is cinnte go raghaidh an t-ioncum a bheidh ag teacht aisti i laighead amach anseo, cé go mbeidh an-chuimse sparaí de bharr tanaidheachain le díol ach glaoch a bheith ortha. Toisc a laighead adhmaid dob fhéidir d'iomportáil le roinnt aimsire anuas, agus fós gan aon adhmad do bheith á iomportáil fé láthair, caithfimíd bheith i dtaoibh leis an méid adhmaid atá le fáil sa tír; agus tá an Rannóg Fhoraoiseachta ar a ndícheall ag cur adhmaid ar an margadh atá oiriúnach do shiúinéireacht.
Do bhain dhá chonstaic mhóra le cúrsaí foraoiseachta i rith na bliana seo caithte. Sa chéad dul síos, níorbh fhéidir leor-sholáthairt d'eangach choiníní d'fháil do réir mar bhí gá leis sna háiteanna bhí á bplanndáil. Ní raibh an eangach le fáil ón Mór-Roinn agus ní raibh le fáil ón mBreatain Mhóir ach tuairim leis an gceathrú cuid den ghnáth-mhéid a bhíonn ag teastáil. Táthar ag féachaint, ámh, le heangach d'fháil o Ameirice agus tá dóthain dhá bhliain dá ordú. Ansan arís, maidir leis na síolta le haghaidh na ngarraithe altroma, ní raibh fáil ar na caindíochta dhíobh a bhí beartuithe a chur, ach do cruinníodh an oiread síolta agus dob fhéidir in ár dtailte coille féin agus do slánuíodh cuid den easnamh ar an gcuma san. Ni haireofar deasca an easnaimh síl i gceart go ceann cúpla blian no trí.
Is oth liom a rá gur baol laigheadú do theacht ar an méid tailimh is féidir a chur fé chrainn, ach tá sé socair an oiread ullmhúcháin agus is féidir do dhéanamh i dtreo go raghaidh an phlanndáil i méid an túisce bheidh cúrsaí ina ngnáth-riocht arís, agus chuige sin táthar ag leanúint de thalamh oiriúnach a cheannach d'fhonn gan aon easba tailimh do bheith ag cur isteach ar an bplanndáil nuair a bheidh caoi ann chun dul ar aghaidh i gceart léi. Isé méid tailimh do fuarthas i rith na bliana dar chríoch an 31adh lá de Mhárta so caithte ná 9,483 acra; 12,739 n-acra do fuarthas i rith na bliana roimhe sin. Do ceannuíodh 63 réimse (gan an méid a tógadh ar léas d'áireamh) agus 135 acra is meán-achar do sna réimsí sin. Níl so chó mór agus a bhí coinne leis, ach tá margántaíocht atá ar siúl le Coimisiún na Talmhan agus le húnaerí príobháideacha i dtaobh líomatáistí móra do cheannach ag dul ar aghaidh go maith agus deallruíonn an scéal gur gearr go gcríochnófar í.
Níorbh fhéidir, toisc a olcas a bhí an aímsir, an méid planndála bhí beartuithe le haghaidh an tsaosúir seo caithte do chríochnú roimh dheireadh na bliana agus leanadh leis an phlanndáil thar an ngnáth-am i mbliana. Táthar ag súil go mbeidh suas le 6,000 acra sa mbreis curtha fé chrainn nuair a bheidh an phlanndáil sin críochnuithe, ach is lugha an t-achar san ná an t-achar a planndáltaí aon bhliain le roinnt bhlian anuas.
Tuairim 146,275 acra de thailte foraoiseachta atá ar láimh anois agus tá 102,500 acra dhe sin planndálta agus 24,400 acra dhe nach féidir a phlanndáil. Tá 102 ionad foraoiseachta ann anois; agus ortha san tá ionaid fhoraoiseachta nua i Muine an Mheadha agus ar an gCreagán, Co. na Gaillimhe, ar Thulach na nAspol, Co. an Chláir, i gCluain na nGall, Co. Loch Garman, agus ag Ráth Naoi, Co. Chill Mantan. Ar na réimsí atá ag gabháil le hionad Ráth Naoi tá líomatáistí do bhí ina gcuid d'Fhoraois Ráth Droma; bhí an Fhoraois seo rófhairsing agus ró-scaipthe le déanaighe chun í mhaoirsiú agus í riaradh mar aonad amháin. Táthar tar éis líomatáistí nua eile do fuarthas do chur ag gabháil le sean-ionaid ar féidir iad d'oibriú go caothúil mar chuid díobh. Cabhruíonn so chun na costaisí maoirseachta do choimeád chó beag agus is féidir é.
Tá an tsuim airgid atá á lorg fé gach altán den Vóta so luaidhte sna Meastacháin, agus tá beartuithe agam gan mion-trácht do dhéanamh ach ar na hítimí sin atá tar éis dul go mór i méid no i laighead i gcomparáid leis na hítimí có-réire i Vóta na bliana so caithte.
Níltear ag iarraidh ach £20,000 i mbliana chun talamh d'fháil. Do fuarthas £45,000 an bhliain seo caithte. Os rud é gur i bhfuirm Deontais-i-gCabhair do gheibhtear na suimeanna vótáltar fén Altán so, ní deintear na hiarmhéideanna bhíonn ann i ndeireadh na bliana do thabhairt thar n-ais, ach bheirtear ar aghaidh iad go dtí an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Timpeall le £6,036 d'iarmhéid atá tugtha ar aghaidh ón mbliain 1940-41. Táthar chun an tsuim sin, maraon leis an £20,000 atá á lorg anois, eadhon, £26,036 ar fad, do chur ar fáil chun talamh do cheannach i rith na bliana so. Ina choinnibh sin, ámh, tá an Rannóg Fhoraoiseachta tar éis socruithe cinnte do dhéanamh le roinnt únaerí talmhan chun 5,262½ acra do cheannach uatha ar £18,054 agus táid, freisin, tar éis a thairgsint do Choimisiún na Talmhan réimsí darb achar iomlán 3,549½ n-acra do cheannach uatha san ar £12,000.
Ina theannta san, do fuarthas timpeall 46 tairgsint á thairgsint 13,859½ n-acra do dhíol leis an Rannóig agus tá molta an talamh san do cheannach ar £30,000. Fairis sin, tá breithniú á dhéanamh ag an Rannóig Fhoraoiseachta agus ag Coimisiún na Talmhan le chéile i dtaobh 8,200 acra eile, adeirtear is fiú os cionn £26,000, do cheannach. Chífear, dá bhrí sin, má bhíonn aon choda móra de sna tailte atá fé bhreithniú réidh chun a gceannuithe i rith na bliana, ná beidh dóthain airgid ann le haghaidh na n-íocaíocht go léir. Ach is gnáth moill do bhaint le talamh do cheannach, mar is minic gur gá tamall fada chun na dteoranta do shocrú i slí le n-a mbeadh an dá thaobh sásta agus chun leor-chearta slí do cheapadh, agus mar sin de. Uime sin, meastar gur leor an t-airgead a bheidh ar láimh i gcóir gach íocaíochta bheidh le déanamh i gcaitheamh na bliana cé go gcaithfear an scéal d'aith-bhreithniú go cúramach o am go ham.
Maidir le cúrsaí altroma agus cothabhála, isé cúis is mó atá leis an laigheadú de £4,078 sa tsuim atá á lorg fén altán so ná gan an oiread céanna airgid do bheith le caitheamh ar abhair fhálta ná ar phágh an lucht oibre bhíonn ag gabháil do shíol-chur agus do phlanndáil. Do thráchtas cheana ar a dheacra atá sé leor-sholáthairtí d'eangach d'fháil agus ar an gceataighe do rinne an t-easnamh san maidir le planndáil i gcaitheamh an gheimhridh seo caithte. Rinneadh iarrachtaí ar sholáthairtí d'fháil as Americe agus, ar eagla na heagla, tá oiread agus a dhéanfadh an gnó ar feadh breis agus dhá bhliain á ordú. Má eiríonn leis na hiarrachtaí sin, ní bheidh ár ndóthain airgid sa mhéid atá á lorg anois agus caithfear airgead sa mbreis do lorg ar an Dáil amach anseo. Isé fáth gur laigheaduíodh an méid airgid le haghaidh lucht oibre ná ná rabhthas ag coinne leis an méid céanna planndála dhéanamh, ach má gheibhtear dóthain den eangaigh, agus é sin in am, féadfar planndáil bhreise do dhéanamh. An tsuim atá á lorg chun síolta agus planndaí óga do cheannach, tá sí ar có-mhéid le suim na bliana so caithte cé gur baol ná beidh sé aon bhlas níos éasca na nithe sin a cheannach feasta ná mar atá fé láthair.
Ag cuimhneamh, ámh, ar an méid a chuirfeadh ganntan síl anois isteach ar chúrsaí planndála i gceann a dó no a trí de bhlianta eile, tráth a bheidh feabhas tar éis teacht ar chúrsaí, le congnamh Dé, déanfar gach dícheall chun leor-sholáthairtí síl d'fháil agus ní tabharfar faillighe dá laighead san oiread síl agus is féidir d'fhás cois baile. Ní healadha do lucht foraoiseachta go mbeadh ortha de ghnáth bheith ag ceannach síoltán agus fásóga ach ní bhíonn leigheas air uaireanta, fiú amháin i gcás é bheith ar chumas na Roinne a cuid oibre altromais do leagadh amach tamall maith roimh ré. An saosúr so caithte do horduíodh timpeal le 868,000 síoltán agus 40,000 fásóga o fhásóirí in Éirinn agus do malairtíodh roinnt planndaí le Riaghaltas Thuaiscirt Éireann.
Tá airgead le cur ar fáil fé altán C3 —adhmad do ghearradh—chun dhá mhuileann sheasta sháibhéarachta do choimeád ar siúl, ceann i nDún Droma, Co. Thiobrad Arann, agus ceann i gCeapa na Corcóige, Cunga, Co. Mhuigheo, agus chun innill trasghearrtha bheaga áirithe a hoibrítear le comhacht mheicniúil do choimeád ar siúl freisin. Sna muilte seasta gearrtar adhmad le haghaidh lucht na comharsanachta agus deintear geataí, cuaillí fáil, agus mar sin de, ionta i gcóir na Roinne féin. Is chun abhar teine do dhéanamh as rosánach agus as adhmad eile ná bíonn aon tairbhe ann le haghaidh tráchtála a húsáidtear na hinnill trasghearrtha.
Maidir le hAltán H—Leithreasaí-i-gCabhair—bhéarfar fé ndeár go bhfuil coinne leis na fáltaisí do dhul i méid go mór i mbliana. Ní féidir agus an chaoi atá ar an saol, lastaí toirtiúla ar nós lastaí adhmaid d'iomportáil feasta. Dá bhrí sin, beidh lucht úsáidthe adhmaid i gcleithiúnas an adhmaid dúthchais agus, ní nach iongnadh, nuair do mhéaduigh ar an nglaoch do mhéaduigh ar phraghsanna an adhmaid thar mar bhíodar sarar chuir an cogadh isteach ar an ngnáth-thrádáil. Ach cé gur féidir, de bharr an ghlaoidh mhéaduithe seo, cineálacha áirithe adhmaid do dhíol anois nárbh fhéidir a dhíol go dtí seo, tá a chontabhairtí féin ag baint leis an scéal. An méid adhmaid atá ar fáil—agus ní méid ró-mhór é—táthar á dhíthiú, agus is ró-bhaol go ndéanfar adhmad anaibidh, ba cheart d'fhágaint ag fás tamall maith eile dá bhféadfaí é, do ghearradh in antráth agus gur measade sin amach anseo na tionnscail atá ag brath ar an adhmad dúthchais agus ina bhfuil roinnt mhaith daoine ar fuaid na tíre ag obair.
Is mó go mór an méid adhmaid atá á dhíol ag an Rannóig Fhoraoiseachta fé láthair ná mar a bhí á dhíol aca go dtí seo. Is mar mhaithe le cúrsaí tionnscail atá so á dhéanamh agus leanfar de faid a bheidh adhmad lán-aibidh le fáil ar thailte Foraoise an Stáit, ach amháin sa chorr-chás san ina gcaithfear na crainn a choinneáil ar mhaithe le cúrasí taithneamhachta. Toisc a ghainne agus a dhaoire atá an gual, tá éileamh thar cuimse ar thein-abhar de shaghsanna eile. I dtreo gur fearr-de a féadfar riaradh ar an éileamh san, glacann an Rannóg Fhoraoiseachta comhairle leis an Roinn Soláthairtí go minic agus tá an dá thaobh ag obair as lámhaibh a chéile d'fhonn an connadh atá sa tír seo againn do chur ar fáil do réir mar a bheidh gádh leis. Ní nach iongnadh, ní fuláir don Roinn Fhoraoiseachta déanamh mar a chítear don Roinn Soláthairtí is fearr maidir le habhar teine den tsórt seo do chur ar fáil don phobal.
Isé rún do bhí leis an Acht Foraoiseachta, 1928, ná srian a chur le coillte a ghearradh as éadan agus a chur in áirithe go n-athphlanndálfaí talamh a ngearrfaí coill de. Sa chaoi ina bhfuil an scéal fé láthair, is beag is féidir a dhéanamh chun cosc a chur le crainn lán-abaidhe do ghearradh gan cur as do shlí mhaireachtana an dreama bhíonn ag gabháil do thionnscail a bhíonn ag brath, go díreach no go neamh-dhíreach, ar adhmad do bheith le fáil. Ach, chó fada agus is féidir é, tá srian á chur le crainn an-abaidhe do ghearradh agus táthar ag féachaint chuige go ndéanfar athphlanndáil pé áit ina ndeintear an choill ar fad do ghearradh agus fós ní ceaduítear fiú amháin crainn fháil ná crainn aonraic do ghearradh gan paiste de thalamh dhíomhaoin, má bhíonn a leithéid ann, do phlanndáil mar chúiteamh sa ghearradh san.
Is maith liom a rá go bhfuil deireadh anois leis an mí-thuigsint do bhí ann tamall o shoin, nuair a bhíothas á cheapadh nár ghá áird a thabhairt ar fhorálacha an Achta so toisc an riachtanas mór náisiúnta bhí ann, agus go bhfuil furmhór na bhfeirmeoirí móra agus na gceannaithe adhmaid ag déanamh do réir mar a héilítear ortha leis an Acht. Ina dhiaidh sin is uile, is minic fós do gheibhtear gearáin i dtaobh an tAcht do bheith á shárú, agus is beag gearán aca san ná bunuítear imeachta dlí mar gheall air má bhíonn fianaise chinnte ar fáil.
Is mó scéal a gheibheann an Roinn i dtaobh gearradh na gcrann do bheith ag dul i méid ar fuaid na tíre agus á mholadh nár cheart a cheadú crainn ar bith a leagadh no ag gearán go bhfuil easportáil thar cuimse á dhéanamh ar an adhmad. Maidir leis na gearáin seo, ba mhaith liom a rá nach buntáiste ar bith aon tráth crainn lánabaidhe d'fhágaint gan gearradh ach amháin nuair ba dhochar an gearradh do thaithneamhacht agus d'amharc na dúithche. B'fhearr é beith mar nós againn bheith ag gearradh diaidh ar ndiaidh agus bheith ag ath-chur do réir mar a gearrfaí. Sa chaoi a bhfuil an scéal fé láthair, ámh, níl de roghain againn ach gearradh thar fóir anois agus socrú a dhéanamh chun coillte óga do chur, amach anseo, in ionad an mhéide gearrfar, no ár muilte sáibhéarachta go léir do dhúnadh go luath agus eirghe as gach obair inar gá adhmad d'úsáid. Measaim nach bhfuil ach an t-aon rogha amháin is féidir a ghlacadh.
Maidir le hadhmad d'easportáil, má bheirtear roinnt adhmaid chun siúil as comharsanacht áirithe, ní fhágann san go bhfuiltear á chur amach as an tír. Fé mar atá an scéal ag lucht muilte sáibhéarachta fé láthair, bíonn ortha dul níos sia agus níos sia fós o bhaile ag lorg adhmaid agus, ar aon chuma, tá dlúth-smacht á choimeád le tamall anuas ag an Roinn Soláthairtí ar easportáil an adhmaid. Níor tugadh ceadúnaisí easportála ach amháin maidir le cineálacha áirithe adhmaid ná raibh ach fíor-bheagán glaoch ortha sa tír seo. Bítear ag faire ar an gcúrsa i gcomhnaidhe agus tuigtear dom go srianfar an easportáil seo tuilleadh, má ceaptar gur gá san.