Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Feb 1942

Vol. 85 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Pinsean na Múinteoirí.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an feasach dó nach bhfuil acht baicle beag de na sean-mhúinteoirí scoile beó anois a d'eirigh as an mhúinteoireacht roimh 1920 agus nach bhfuair acht pinsean beag aindeiseach; an bhfuil fhios aige nach leor do na seandaoine seo a chaith 40 bliain ag múinteoireacht an siofraidh beag déirceach atá ar fáil aca anois; agus an bhféacha sé le breis a thabhairt dóibh sa phinsean a choinneochas o annro agus o ocras iad i ndeire a saoghail.

Múinteoirí scoile a éirigh as an múinteoireacht ar phinsean roimh Lughnasa, 1920, agus gur lugha a lánioncum ná £200 i n-aghaidh na bliadhna i gcás daoine pósta nó £150 i gcás daoine aontumha, tá siad i dteidiol breise pinsin fé'n Pensions (Increase) Act, 1920, agus fé'n Acht Aois-liuntas agus Pinsean, 1923. Luigheann na breise seo idir 30 per cent. go 50 per cent. de'n phinsean a fuaireadar an céad lá.

Má tá aithne ag an dTeachta ar aon mhúinteoir ar phinsean nach bhfuil an bhreis seo 'á fhagháil aige, bheinn fé chamaoin aige ach eolas an scéil a chur chugham chun go bhféadfainn é a thaighde.

Top
Share