Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Feb 1942

Vol. 85 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aistriúcháin ar na Soisgéil.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil fhios aige go bhfuil an Canónach Mac Giolla Cheara ag déanamh aistriúcháin ar na soisgéil anois; an bhfuil fhios aige go rachadh sé go mór chun sochair do chúis na teangan leagan Gaedhilge de na Soisgéil a bheith ar fáil go saor; an feasach dó nach bhfuil lucht an Ghúim toilteannach an t-aistriúchán a fhoillsiú; agus más mar sin atá, an ndéanfa sé socrú leo chun leabhair an Chanónaigh d'fhoillsiú.

Aontuighim leis an Teachta Mac Pháidin go rachadh sé go mhór chun sochair do chúis na teangan leagan Gaedhilge de na Soiscéil a bheith ar fagháil go saor. Is eól dom gur chuir an Canaónach Mac Giolla Cheara i bhfios do'n Roinn go bhfuil a leithéid de aistriúchán déanta aige. Acht do bhí socrú eile déanta i bhfad sul má bhfuarthas an scéala sin o'n gCanónach Mac Giolla Cheara. 'Sé rud do socruigheadh go gcriochnófaí agus go gcuirfí faoi eagar an t-aistriúchán Gaedhilge do bhí dhá dhéanamh ag an Athair Peadar Ó Laoghaire ar an Tiomna Nuadh. Do réir mar is eól dom, tá mórán de'n obair sin déanta, agus tá cló curtha, cheana féin, ar an leagan eagruighthe de na Ceithre Soiscéil. Mar sin de, táthar i n-amhras nach bhféadfaí glacadh le h-aistriúchán eile Gaedhilge de na Soiscéil chun a fhoillsighthe; ach tá an scéal go léir faoi bhreathnú ag an Roinn.

Ní cheart a rádh gur dhiúltuigh an Gúm glacadh leis an aistriúchán atá déanta ag an gCanónach Mac Giolla Cheara, óir níor cinneadh ar aon chomhairle fá leith i dtaobh an scéil go fóill.

Cathain a bheidh an t-Aistriúchán bhí á dhéanamh ag an Athair Peadar O Laoghaire le fáil againn?

Níl a fhios agam. Sin ceist eile.

An féidir leis an Aire aon tuairim mar gheall air do thabhairt dúinn?

Ní féidir, mar níl an cheist seo díreach faoi mo Roinn-se. Is faoi cheannasaí Oifig an tSoláthair an obair sin, ach déanfaidh mé iarracht an t-eolas d'fháil ar an gceist.

Top
Share