Tairgim:—
Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £21,750 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta (9 agus 10 Geo. 5, c. 58, agus Uimh. 34 de 1928), maraon le Deontas-i-gCabhair chun Talamh do Thógaint.
That a supplementary sum, not exceeding £21,750, be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1942, for Salaries and Expenses in connection with Forestry (9 & 10 Geo. 5, c. 58, and No. 34 of 1928), including a Grant-in-Aid for Acquisition of Land.
Baineann an Vóta Breise atá beartuithe le suimeanna breise alos talamh do thógaint le haghaidh foraoiseachta le habhair fálachta do cheannach agus le costaisí agus fáltaisí maidir le mórriar adhmaid teine do sholáthar chun an easnaimh do shlánú atá ann de dheascaibh ganntanas guail.
Tá suim bhreise de £15,000 ag teastáil chun talamh do thógaint fé Mhírcheann C (1). I dtosach na bliana airgeadais atá ar rith anois isé an fuighleach do bhí sa Chiste um Thalamh do Thógaint (Deontas-i-gCabhair) ná £6,036. Chuir seo, maraon le suim de £25,000 do vótáladh i gcóir na bliana, suim iomlán de £31,036 ar fáil chun talamh do cheannach i rith na bliana. Isé an caiteachas glan as an gCiste seo go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1942, ná £29,281, ar a n-áirmhítear suim de £25,240 in aghaidh tailte do cheannach, agus isé an t-achar iomlán do bhí sna tailte sin ná 7,934¼ acra. Do bhí fuighleach de £1,755 ar fáil chun íoc as caiteachas i rith an chuid eile den bhliain. Isé méid an airgid cheannaigh atá dlite d'aisíoc as 1,025¼ acra ná £4,796. Tagann fiacha eile, fé n-a ndeachaidh an Roinn Foraoiseachta chun 9,357¾ acra do cheannach, £19,795. As an tsuim seo meastar go gcaithfear £10,000 ar a laighead roimh an 31adh lá de Mhárta seo chugainn.
Beidh suim de £1,500 iníoctha freisin in aghaidh cíosanna agus blianachtaí thiocfaidh chun a bheith dlite i rith a bhfuil gan caitheamh den bhliain airgeadais. Tá gá le deontas breise de £15,000 dá réir sin.
Fé Fho-Mhír C (2) tá suim bhreise de £34,000 dá cur ar fáil chun abhair do cheannach. O thosnuigh an phráinn tá ganntanas sreang fálachta ag cur becainn ar an Roinn Foraoiseachta i gcúrsaí plandála. Tá iarrachtaí á ndéanamh chun caindíocht mhór de líonra sreinge d'fháil o Ameirice, ach is deacair a rá conus eireoidh leis na hiarrachtaí sin. Go dtí seo táthar tar éis 6,000 rolla de líonra agus 50 tonna de shreang dheilgnigh do chur chun bealaigh as na monarchana in Ameirice. Go dtí seo níor tháinig ach cuid den tsreang seo go dtí an tír seo, ach fé théarmaí an chonnartha dlightear íocaiocht do dhéanamh nuair a cuirtear na hearraí amach as an monarachain. Tá 9,000 rolla eile de líonra sreinge nár cuireadh chun bealaigh go fóill. Isé is foras leis an tsuim bhreise de £34,000 atá á cur ar fáil fén rannán "Abhair" ná an tuigsint go geaithfidh íocaíocht a bheith déanta roimh an 31adh lá de Mhárta seo chugainn as an gcaindíocht iomlán de shreing do hordúiodh.
Is soláthar nua an soláthar atá á dhéanamh fén rannán "Soláthar Tein-abhair le haghaidh Práinne" sa mhírcheann chéanna. Ar iarratas ón Roinn Soláthairtí rinne an Roinn Foraoiseachta scéim do thionnscnamh i mí na Bealtaine, 1941, chun adhmad teine do chur ar fáil chun freastal do phráinn na huaire. Do thóg an Roinn ortha féin fén scéim 100,000 tonna d'adhmad teine ina bhforaoiseacha féin do leagadh agus é do sheachadadh do stáisiúin iompair. Do bhí an t-adhmad le hiompar chun carnáin chaothúla chun bluic do dhéanamh de ag Fuel Importers, Ltd.—cólucht do bunuíodh go speisialta chun margaíocht tein-abhair do stiúradh d'fhonn freastal do phráinn na huaire. Thóg Fuel Importers, Ltd. ortha féin na costais iomlána fé n-a raghfaí fén scéim d'aisíoc leis an Roinn. Tá beartuithe anois an chaindíocht de thein-abhar do bhí le cur ar fáil fén scéim seo do laigheadú go dtí 88,000 tonna. Suas go dtí an 31adh lá d'Eanar dob é an costas díreach a bhain leis an adhmad san do ghearradh agus d'iompar chun na stáisiún ná £72,076. Meastar gurb é an caiteachas iomlán suas go dtí deireadh na bliana airgeadais ná £75,000. Is muirear iomchuibhe ar Fho-Mhír C (2) den Vóta Foraoiseachta an caiteachas so, mar an t-adhmad atá i gceist is cineál é a glanfaí amach ar aon chuma an túisce bheadh sé ionmhargaidh, chun áit d'ullmhú i gcóir plandála. I ngeall ar leitheadúlacht na scéime, is inmhianuithe, ámh, an soláthar is gá do dhéanamh fé rannán ar leithligh sa Mhírcheann.
Tá soláthar cúiteamhach in aghaidh fáltais o Fuel Importers Ltd. fán rannán "Adhmad do Dhíol fén Scéim Soláthair Tein-Abhair le haghaidh Práinne" i mírcheann H—Leithreasaí-i-gCabhair.
Tá fo-scéim fé n-a bhfuil an Roinn ag cur 12,000 tonna bloc adhmaid teine ar fáil chun a ndíolta le bárdas Bhaile Atha Cliath, a ghníomhóidh mar ghníomhacht iomdhála, á muirearú ar Fho-Mhír C 2 (4)—Oibreacháin Chultúrdha (Saothar) agus ar Fho-Mhír C 3 —Muilte Sáibhéarachta ion-iompair (Saothar). Ní gá aon tsoláthar breise fé fho-mhír C 2, ach beidh suim bhreise de £750 ag teastaáil fé Fho-Mhír C 3. Bhéarfar na fáltais fén scéim seo chun creidiúna fé Fho-Mhír H (1)—Leithreasaí-i-gCabhair (Muilte Sáibhéarachta), agus tá liúntas déanta i gcóir suime breise de £2,000 fén rannán san. Ní déanfar furmhór an chaiteachais fén scéim d'aisíoc leis an Roinn go dtí tar éis deireadh na bliana airgeadais.
I ngeall ar ghanntanas abhar fálachta agus ar an laigheadú thiocfaidh dá dheascaibh ar obair phlandála, meastar go ndéanfar sábháil de £26,000 ar Fho-Mhír C (2). Isí an tsuim bhreise ghlan atá ag teastáil dá réir sin ná £21,750.