Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £124,814 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1943, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Foraoiseachta (9 agus 10 Geo. 5, c. 58; agus Uimh. 34 de 1928), ar a n-áirmhítear Deontas-i-gCabhair chun Talamh do Thógaint.
That a sum not exceeding £124,814 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1943, for Salaries and Expenses in connection with Forestry (9 and 10 Geo. 5, c. 58; and No. 34 of 1928), including a Grant-in-Aid for Acquisition of Land.
I gcompráid le blianta eile, níl athrú mór ar bith anuas ná suas ar iomlán an ghlan-soláthair atáthar d'iarraidh sa Meastachán seo le haghaidh Foraoiseachta. Ach, dá ainneoin sin, do thárla cuid mhaith athruithe, i rith na bliana, ar chuid de phrímhghnéithe oibre Roinne na Foraoiseachta. Níor bhféidir oiread damhna d'allmhuiriú le haghaidh fálta, agus níor bhféidir síolta ar bith d'fháil as tíortha thar lear, agus do rinne an dá ní sin laghdú mór ar an bplanndáil ba phríomh-obair don Roinn sa ngnáth-shaol. Ach, má bhí an chailliúint sin ann, do bhí gnóthachan ann ba mhó ná í, mar gheall ar an ngannú trom do tháinig ar allmhuiriú adhmaid le haghaidh gnótha tráchtála agus le haghaidh teinte. Ar an Roinn Soláthairtí, dar ndó atá an príomh-chúram maidir leis na nithe riachtanachá sin; ach, ós ní go bhfuil Roinn na Foraoiseachta ar an sealbhóir foraoiseacht is mó sa tír, do tháinig sé de dhualgas ar an Roinn sin páirt mhór do dhéanamh i soláthar an adhmaid do bhí ag teastáil. Cibé athruithe atá ar bhun-fhigiúracha an Mheastacháin seo, atá a bhfurmhór ann de bhárr chora na héigeandála. Ag seo leanas príomh-athruithe na bhfigiúr ó bhí an bhliain seo thart ann.
Fó-Mhírcheann A—Tuarastail, Páigheanna agus Allúntais (£18,282)—An £2,000 nó mar sin de bhreis atá annseo, is é is príomh-chúis leis na mionmhéaduighthe foirne do rinneadh le haghaidh Cléireachais agus Cigireachta maidir le díol adhmaid agus le riarachán Achta Foraoiseachta 1928.
Fó-Mhírcheann C (1)—Talamh do Cheannach (£60,000)—Sa gcéadmheastachán do 1941-42, ní raibh ach £25,000 chun talamh do cheannach le haghaidh foraoiseachta, óir do bhítheas ag súil go rachadh an obair sin chun moille le linn na héigeandála. Ach do fuarthas amach, ina dhiaidh sin, go raibh an éigeandáil féin ina cúis le sóirt áirithe talmhan do bheith ar fáil ní ba réidhe chun a cheannuithe ná mar bheadh sé sa ngnáth-shaol, agus, mar sin de, do fuarthas £15,000 de bhreis-dheontas. Ina theannta sin, do bhí £6,036 d'fhuighleach ón mbliain roimh ré—rud d'fhág £16,036 de shuim iomlán ar fáil le haghaidh talamh do cheannach sa mbliain dár geionn. Ins an mbliain sin, 1941-42, do thárla £32,286 de chaiteachas glan as Ciste an Deontais-i-gCabhair, agus do húsáideadh £28,604 de sin i gceannach talmhan ar bh'achar iomlán dí 8,457¼ de acraí. Do fágadh £13,750 d'fhuighleach, agus idir sin agus an méid atáthar d'iarraidh i Meastachán 1942-43, do bheadh £73,750 de shuim iomlán ar fáil chun talamh do cheannach sa mbliain atá romhainn. Atá agam annseo figiúracha áirithe thaisbeánas an staid ina raibh gnótha ceannuithe talmhan, an ladh de Aibreán, 1942, agus gheobhfar uathasan tuairim éigin don caiteachas is dócha bheith ann i mbliana. San am sin, do bhí socruithe deimhne déanta do cheannach tailte áirithe ar luach dóibh £23,747 agus ar bh'achar iomlán dóibh 10,753¼ d'acraí. San am chéadna do bhí margaíocht ar cois chun 13,160 acra eile do cheannach ar £49,115 de luach iomlán. Dá bhfuighthí seilbh na dtailte sin go léir roimh dheireadh na bliana 1942-43, do bheadh tuairim is £75,000 de chaiteachas iomlán ann, £5,000, abair, ina theannta sin i gcóir cíos agus blianacht.
B'fhéidir, dar ndó, nach gcuirfí na margaíochta sin go léir i gcrích taobh istigh den bhliain, óir is minic a bhíos moill mhór ag baint le scrúdú teideal; ach is dóigh líom go bhféadfadh tailte nach iad sin do bheith le fáil. Daoine ag a bhfuil eastáit mhóra chrannacha, ní handóigh go sanntóchadh siad an luach árd atá le fáil ar adhmad fá láthair agus go ndíolfadh siad na crainn. Ina dhiadh sin, b'fhéidir go mb'fhearr leo an talamh do dhíol le Roinn na Foraoiseachta ná ath-phlanndáil do dhéanamh do réir choinníoll na gceadúnas chun crainn do leagan atá ann faoi Acht Foraoiseachta 1928. Dá ndéantaí roinnt mhargadh den tsórt sin do chur i gcrích gan mhoill, do thiocfadh cuid mhaith costais ar an Roinn mar gheall ortha. Ní dócha go mbeidh a leithéid de sheans ann athuair, agus ba tairbheach an ní seilbh d'fáil ar cibé éastáit a dtairgfear iad do dhíol. Gan amhras ar bith, ba socharach don náisiún oiread agus b'fhéidir de na mór-estáit chrannacha do theacht faoi stiúir na Roinne. Daoine príobháideacha a mbíonn a leithéidí aca, is annamh chuireas siad mór-scéimeanna planndála i gcrích mar ba chóir, óir bíonn an costas riachtanach thar chumas aca.
Fó-Mhírcheann C 2—Síolrú, Airíocht agus rl. (£209,471)—Is truagh liom é do bheith orm a innsint gur bh'éigean obair an tsioluithe do laghdú. Is é is cionntach le sin a ghainneacht atá na damhnaí—go háirithe miotal-sreang le haghaidh fálta. Ní féidir a leithéidi d'fháil as tíortha na hEorpa. Le tamall thart, do bhítheas ag féacháil le lón mór do mhiotal-líonta d'fháil as Americeá. Do fuarthas roinnt bheag ó am go ham; ach dá mbéadh na horduithe go léir le fáil féin ó na monarchain Americeánacha, is eagal liom go mba deacair áit d'fháil dóibh i longa anall. An £21,000 atá sa bhFó-Mhircheann seo le haghaidh damhna, do cuireadh ann é d'íoc ar son cibé miotallíon bhéas le fáil agus ar son a n-iompair chun na tíre seo. An soláthar le haghaidh Airíochta agus Oibríochta (£28,000), tá sé £1,000 níos lugha ná mar do bhí i Meastachán bliana roimh ré, agus is é is cúis le sin laghdú na hoibre bhaineas le fálú.
Faoi Fhó-Mhírcheann na hOibre bhaineas le Síolrú, do hiarradh £100,000 anuraidh, ach níl ach £80,000 dá iarraidh i mbliana. Do b'éigean an laghdú sin do dhéanamh mar gheall ar nithe nach bhfuil neart ag an Roinn ortha, e.g., gan oiread planndála do bheith dá dhéanamh ó thárla gann na damhnaí le haghaidh fálta. Mar is eól do na Teachtaí, do bhí an Roinn, le tamall thart, ag iarraidh na planndála bliantúla do mhéadú. Ins an mbliain roimh an éigeandáil do planndáileadh 7,600 acra; ach, i mbliain a 1940-41, do b'éigean teacht le 5,961 acra. Maidir leis an mbliain seo, ní dócha go bplanndálfar breis mhór ar bith agus 4,000 acra—gidh go bhfuil san áireamh sin tailte áirithe do fuarthas le goirid agus nach bhfuil fálú ag teastáil uatha. An lón beag de dhamhna fáluigthe atá againn, táthar ghá úsáid chomh tábhachtach agus is féidir; ach is beag nach cinnte go gcaithfear teacht le scéim laghduithe, an bhliain seo chugainn, freisin, muna n-éirighidh linn cuid mhaith damhna d'fháil as Americea. Tá an soláthar le haghaidh síolruithe dhá choinneáil ar scála laghduithe dá réir sin. Ach, dár ndóigh, déanfar gach dícheall chun oiread planndála agus is féidir do dhéanamh.
Ní gá dhom míniú ar bith do thabhairt uaim i dtaobh an tsoláthair de £50,000 le haghaidh lóin d'adhmad teineadh. Nuair a bhíos ag trácht le goirid ar an Meastachán Breise le haghaidh Foraoiseachta, do thugas colas do na Teachtaí faoi'n scéim tré n-a raibh an Roinn ag soláthar tuairim is 88,000 tonna d'adhmad teineadh do coinneóchthaí i dtaisce ag Comhlucht Allmhuirithe na nAdhbhar Teineadh. Do réir mar atá cúrsaí adhbhar teineadh fá láthair, is ró-chosúil go gcaithfear cromadh arís ar an obair seo chomh luath agus bhéas deireadh le hobair na planndála. Ach ní féidir, go fóill, a mheas cad é an méid d'adhbhar teineadh caithfear d'fháil ó Fhoraois-Thailte an Stáit sa mbliain atá romhainn. Mar sin de, níl sa £50,000 ach soláthar sealadach ar dócha breis do bheith ag teastáil ina theannta níos fuide anonn sa mbliain.
Fó-Mhírcheann C (3)—Oiriúnú Adhmaid (£5,964)—Faoi'n bhFó-Mhírcheann seo, tá soláthar breise dhá dhéanamh don tsaothar bheas riachtanach in oibriú muileann so-aistrithe sábhadóireachta. Do méaduigheadh líon na muileann seo sa gcaoi ina raibh seacht gcinn díobh ann anuraidh, agus gheobhfar a thuilleadh, más féidir sin. Tá na muilte seo an-oiriúnach do dhéanamh bloc le haghaidh teinte, agus tá an obair sin ar siul aca go lán-aimsireach fá lathair.
Fó-Mhírcheann H—Leithreasuithe-i-gCabhair (£94,940)—Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú maith ar na fáltais ó Mhuilte Sábhadóireachta de thoradh an bhreise éilimh bhéas ar na bluic ghníthear ins na muilte so-aistrithe. Den méid atáthar a sholáthar, atáthar ag meas go bhfuighfear £10,000 ó Bhárdas Bhaile Atha Cliath, óir atá scéim ar cois tré n-a gcuirfidh an Roinn 12,000 tonna d'adhmad teineadh ar fáil don Bhárdas le n-a dháiliú.
Meastachán na bhfáltas ó Mhór-Dhíolacháin Adhmaid, do bhí £25,000 ann anuraidh, agus do laghduíodh sin go dtí £20,000 i mbliana. Is éigean do thionnscail na n-obair adhmaid damhna ár dtíre féin d'úsáid fá láthair, agus atá an damhna sin ag dul i ngainne go tapaidh. Mar sin de, atá an Roinn ag féacháil le caomhnadh do dhéanamh ar cibé adhmad foirbthe atá ar Fhoraois-Thailte an Stáit, ionnas go mbuanófar, chomh fada agus is féidir, an lón le haghaidh bun-riachtanas. Maidir leis an gcaomhnadh sin, tá Roinn na Soláthar ag aontú leis an Roinn seo. Ach, os a chomhair sin, atáthar ag reic, tré mhion-díolacháin áitiúla, níos mó ná an gnáth-mhéid d'adhmad—tanúcháin foraoiseach agus rl. —agus atá sin dá áireamh sa Mheastachán.
Ba é ba phríomh-chuspóir don Acht Foraoiseachta, 1928 cosc do chur ar leagan na gcrann as éadan, agus a chur in áirithe go ndéanfaí crainntailte d'ath-phlanndáil tar éis a mbearrtha. De thoradh an mhóiréilimh atá fá láthair ar adhmad le haghaidh gnóthaí tráchtála agus le haghaidh teinte, do cuireadh isteach i bhfad níos mó ná an gnáth-uimhir d'fhógraí leagain, agus fágann sin breis-ualach mór oibre ar a bhfuil againn d'oifigigh foraoiseachta—go háirithe ó do laghduíodh na gléasraí taistil. Tá gach dícheall dhá dhéanamh chun freastal tapaidh do thabhairt do na hiarratais, ach ní féidir gan roinnt áirithe mhoille do bheith ann. Atá Acht na Foraoiseachta i bhfeidhm le dhá bhliain déag, agus ar feadh an dá bhliain seo thart, do cuireadh coingheallacha an Achta in úil don phobal— go mór-mhór an coinníoll faoi na gcaithfidh fógra roimh ré do theacht chuige an Stáisiún Gárda is comhgaraí do bhaile ó dhuine ar bith ar mian leis crann do leagan. Dá ainneoin sin, tá leitreacha ag iarraidh ceada leagain dhá bhfáil gach lá, agus gan cruinnchuntas ar bith ionnta maidir le huimhir na gcrann, ná le n-a n-ionaid, ná leis an úsáid atáthar ag brath a dhéanamh den adhmad.
Do rinneadh gearán le goirid dhá rá gur chóir na riaghlacha do shimpliú i gcásanna daoine ar mhian leo uimhir an-bheag de chrainn do leagan ar a ngabháltais féin. I geás den tsórt sin, ní riachtanach don únaer ach an Fógra leagain do chur isteach chuig an Stáisiún Gárda is comhgaraí dhó; agus ní dóigh liom gur leathtrom mór ar bith an méid sin. I bhfurmhór mhór na gcás, ní diúltuítear don iarratas, agus, ar bheith caithte don tréimhse reachtúil (21 lá), is ceadmhach don iarrathóir dul ar aghaidh leis an leagan. Ach, do réir chosúlacha, is maith le mórán daoine an cead do ghlacadh gan a iarraidh agus gan áird ar bith do thabhairt ar choinníollacha Achta na Foraoiseachta. Ar an abhar sin, béidir nár mhisde dom a thabhairt de rabhadh uaim anois nach gceadófar a leithéid siúd d'obair, agus go gcuirfear an dlí i bhfeidhm in gach cás ina bhfuighfear fianaise go ndearnadh leagan ar bith gan an ceadúnas reachtúil do bheith fachta roimh ré. Go minic, gníthear leith-scéal gur riachtanach crainn do leagan mar gheall ar iad do bheith ina mbac ar threabhadh nó ar fhás barra; ach, sa gcas ina mbeadh sin amhlaidh, d'fhéadfaí an riachtanas d'fheiceáil roimh ré agus an fógra leagain do chur isteach san am cheart.
Do réir tuarascbhála atá dhá bhfáil, is cosúil go bhfuiltear ag leagan crann chun a ndóighte, gidh go bhfuil na crainn chéanna oiriúnach do ghnóthaí tráchtála. Ní ceart sin do dhéanamh. Ní féidir adhmad d'allmhuiriú d'fháil fá láthair, agus atá adhmad na tíre seo gann go maith mar atá sé. Ar an abhar sin, ní mór dúinn gan mí-úsáid do dhéanamh de chrainn atá oiriúnach don fhoirgneóireacht, do dhéantóireacht bosca, agus rl. Caithfear a gcaomhnadh le haghaidh na n-ócáidí sin, agus atá an Roinn Foraoiseachta ag comh-oibriú le Roinn na Soláthar ionnas go ndéanfar an caomhnadh atá riachtanach.