Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Oct 1942

Vol. 88 No. 12

National School Teachers' Superannuation (Amendment) Scheme, 1942.

Tairgim:—

Go ndaingnítear Scéim Aois-Liúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta (Leasú), 1942, do rinne an tAire Oideachais le toiliú an Aire Airgeadais fé Acht Aois-Liúntais na Múinteoirí, 1928 (Uimh. 32 de 1928).

Tar éis an tuarascbháil d'fhágháil ón gCoimisiún do rinne fiosrúchán ar Chóras na Scol Ceartúcháin agus na Scol Saothair, do ghlac an Riaghaltas leis an bprionsapal gur chóir oideachas na bpáiste sna scoileanna úd do chur ar aon-dul le córas na scol náisiúnta. Ón ladh de Aibreán, 1941, tá na scoileanna ceartúcháin agus na scoileanna saothair dhá n-aithneachtáil mar scoileanna náisiúnta, agus do tugadh aithneachtáil mar mhúinteoirí náisiúnta don mhéid dá gcuid múinteoirí liteardha ag a raibh na cáilídheachta riachtanacha. Tá tuarastail na múinteóir sin ina chúram ar an Bhóta Bun-Oideachais anois, ach amháin go bhfuil coingheall sealadach ann gurab iad na bainisteoirí a íocfas an chéad £72 per annum i geás na bhfear-oide, agus an chéad £60 i geás na mban-oide. Nuair a bhíos ag tabhairt isteach an Mheastacháin Bhreise chun soláthair airgid don tsocrú seo, dubhairt mé go gcuirfinn i láthair na Dála scéim nua faoi n-a gcuirfí buntáistí scéim phinsion na múinteoir náisiúnta ar fághail do na tuataí atá i mbun adhbhar liteardha sna scoileanna ceartúcháin agus sna scoileanna saothair. Tá an scéim sin anois dhá cur i láthair na Dála le haghaidh a cheaduighthe, do réir mar orduigheas Acht 1928.

Chífear gur leis na múinteoirí tuata amháin a bhaineas an scéim seo. Is é an ghnáth-riaghail é nach inphinsiona múinteoirí náisiúnta atá ina mbaill de Óird riaghalta, gídh go bhfuil ballríocht sa scéim pinsion ag beagán beag díobh sin .i. ag múinteoirí atá ar an bhfuirinn sna scoileanna ar a dtugtar "scoileanna aicmighthe." San moladh do rinne an coimisiún fiosrúcháin ina thaobh seo, níor baineadh le dream ar bith ach le múinteoirí tuata. Do thagair an coimisiún do alt 56 de Acht na bPáiste, 1908, faoi n-ar tugadh cumas do bhainisteoirí scol ceartúcháin agus scol saothair chun scéim pinsion do chur ar bun dá gcuid fostaí. Níor baineadh feidhm as an gcumas sin, agus do fágadh na múinteoirí gan teideal ar phinsin ná ar aiscí tar éis scuir dóibh. Dubhairt an coimisiún gur fhág sin an scéal ar staid mhíshásamhail, agus dhéanfaidh an scéim seo an "staid mhí-shásamhail" do leigheas.

I mír a 6 den scéim seo, tá eolas fá thuarastaíl inphinsíona na múinteóir a mbaineann an scéim leo. Maidir le tréimhse seirbhíse roimh an ladh de Aibreán, 1941 (céad-dáta an chórais nua íocaíochta), is é rud a bhéas ina thuarastal inphinsiona an tuarastal d'íoc bainisteóir na scoile ar son teagaisc liteardha, agus cuirfear le sin luach réasúnta ar bhiadh agus lóistín (má bhí a leithéidí dhá bhfagháil). Maidir le tréimhse seirbhíse ón ladh Aibreáin, 1941, anuas, is é rud a bhéas ina thuarastal inphinsíona an lántuarastal do chéad dhá fhagháil ag an múinteóir, dá mbíodh sé ag teagasc i ngnáth-scoil náisiúnta-rud is ionann agus a rádh go mbunóchthar pinsion múinteóra ar an gcuid den tuarastal do fuair sé ón Roinn, más aon leis an gcuid den tuarastal a bhfuil sé d'fhiachaibh ar an mbainisteoir a íoc faoi'n tsocrú sealadach dar thagair mé cheana féin.

Do réir mhíre a 8 den scéim seo, áirmheochthar, le haghaidh pinsin, dhá dtrian den seirbhís iomláin mar mhúinteóir liteardha roimh an ladh de Aibreán, 1941. Is ionann sin agus an socrú ar glacadh leis i mbliadhain a 1934, an tráth do cinneadh ar dtús sochair pinsin do thabhairt do chongantóirí tuata agus do mhaighistreásaí conganta sóirsearacha. An dara cuid den Mír seo, baineann sí le uimhir bhig mhúintóir a bhfuil aithneachtáil sealadach dhá thabhairt dóibh mar mhúinteóirí liteardha. Níl siad sin cáilighthe le haghaidh lán-aithneachtála; ach táthar ag tabhairt caoi dóibh chun a thuilleadh cáilidheachta d'fhágháil, agus idir an dá linn tá tuarastal do réir mhinimum an scála dhá thabhairt dóibh. Do cinneadh nach mbeadh na múinteóirí seo ionghlactha le haghaidh sochar pinsion go dtí go gcóimhlíonadh siad na coingheallacha chun lán-aithneachtála. Nuair a bhéas lán-aithneachtáil fachta aca, beidh siad i dteideal a seirbhís iomlán ón ladh de Aibreán, 1941, do chur san áireamh, agus, ina theannta sin, dhá dtrian dá seirbhís roimh an ladh de Aibreán, 1941, ionann agus dá mbíodh lán-aithneachtáil aca ón dáta sin anuas. Is réasúnta, dar liom, an méid sin do cheadú dóibh agus is dóigh liom go mbeidh gach éinne sásta leis.

An chuid eile de na míora, baineann sí le gnáth-chúrsaí riaracháin, agus ní gádh a thuilleadh ama do chaitheamh léi. Mar sin de, iaraim ar an Dáil anois ceadú fuirmeálta do thabhairt don scéim.

The Minister has simply carried out the promise he made. I am very glad that he has carried it out without, on the whole, undue delay. It is a natural consequence of the action that was taken with reference to reformatory and industrial school teachers. I am glad to say that, though action of that sort is not always followed out in its logical consequences, that has been done in this case. I am not in a position to deal with the details of the scheme but I am sure the House will approve of it as a whole. I do not know whether or not the teachers' executive had an opportunity of discussing it, but the general purpose of the Order seems to me to be a perfectly fair attempt to deal with the situation.

Motion put and agreed to.
Top
Share