Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Feb 1943

Vol. 89 No. 5

Committee on Finance. - Vote 49—Science and Art.

Tairgim:—

Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £10 chun íoetha an Mhuirir a thíoefaidh chun bheith inioctha i rith na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1943, chun Tuarastail agus Costaisi na bhFundúireachtaí Eolaíochta agus Ealadhan agus chun Seirbhísí Oideachais Hghneitheacha áirithe agus Ildeontaisí-i-gCabhair.

That a supplementary sum, not exceeding £10, be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1943, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art and for certain Miscellaneous Educational Services and sundry Grants-in-Aid.

Ceannuíodh an chnuasacht chlaonchló ghriangrafadóireachta le linn do Mhuinntir Lawrence, Sráid Uí. Chonaill, Baile Atha Cliath, bheith ag eirghe as gnó le déanaighe.

£300, maille le £15 táille channdála, a híocadh ar an genuasacht. Is ar éigin má tá sráid bhaile ná príomhshráid in aon bhaile in Éirinn ó 1870 go dtí 1900 nach bhfuil pictiúir le fáil ar na 40,000 grianghraf atá sa genuasacht seo. Tá cuid mhaith pictiúir ann de cheanntracha Bhaile Atha Cliath agus Bhéal Feirste leis an linn sin, agus ina theannta sin tá suas le 30 radhare de bhailte beaga féin (e.g. Inis) agus suas le 6 cinn de shráid-bhailte (e.g. Béal Atha Dá Chab).

Tá pictiúirí sa gcnuasacht, freisin, a bhaineas le tionóntaí do chur as seilbh, le tionnscail áitiúla, agus le daoine tuatha atá gléasta do réir faisiún na tréimhse. Tá pictiúirí ann freisin de go leor foirgintí tábhachtacha agus de thithe móra tuatha.

I dteannta na gclaonchló agus cuid mhaith prionnda dhíobh, do cheannuigh an leabharlann cóipcheart na bpictúirí go léir atá sa genuasacht. Tá chuile chosúlacht, dá bhrí sin, go bhfuighfear ar ais ar ball tré tháillí chóipchirt an t-airgead go léir a híocadh ar an genuasacht nó cuid mhór dhe.

Vote put and agreed to.
Top
Share