Tá laghdú £34,989 ar an meastachán so i gcompráid le dhá mheastachán na bliana roimhe seo. Chífear, ámhthach, gurb é fé ndear sin ná go bhfuiltear ag meas gur mó iad na Leithreasaí-i-gCabhair a bhéas le fáil. Is mó de £1,666 an méid a meastar a caithfear, taobh amuigh den phá oibre agus costaisí eile a híoctar amach as na Leithreasaí-i-gCabhair. Baineann méadú £337 leis an gCeann-Ionad agus £7,875 leis na Tionnscail Mhára; agus baineann laghdú £4,992 leis na Tionnscail Tuaithe agus Taisc-Ionad Láir na Margaíochta agus £1,554 le Teach-Soláthar.
Ag tagairt don mheastachán in a mhír agus in a mhír ní gá a rá maidir leis na Mírchinn A go C, a bhaineas leis an gCeann-Ionad, ach gurb é is mó fé ndear an méadú glan orra ná breis ar an mbónus a bhéas le n-íoc agus gnáth-bhreisithe ar thuarasdail. Ní misde a thabhairt fé ndeara i dtaobh na fóirne, go mbaineann £4,824 den tsuim atá á soláthar di le hoifigigh atá ar iasacht ag Ranna eile Rialtais.
Maidir le Mírcheann D 1, a bhaineas le Tuarasdail na Saoistí agus Bainistreásaí atá ós cionn na nIonad Tionnscal Tuaithe, isé fé ndear an méadú de £734 ná bónus na haimsire éigeandála so agus athruithe ar chuid de na rátaí tuarasdail. Ní gá aon rud do rá i dtaobh na Mírcheann D 2, D 3, D 4 agus D 5 atá, nach mór, mar a bhíodar an bhliain roimhe seo.
Baineann na Mírchinn D 6, D 8 (1) agus D 9 (b) le soláthar le haghaidh abhar do na Tionnscail Tuaithe agus sé mór-mhéid atá á sholáthar ná £133,930 i gcompráid leis an £143,000 a soláthruíodh an bhliain roimhe seo leis an mbun-mheastachán agus leis an meastachán breise a bhí againn. Ní misde a rá in a thaobh sin gur féidir go rabhthas ró-dhóchasach, toise an t-airgead a bheith le spáráil ar mhírchinn eile, i dtaobh an mhéid abhar d'fhéadfaí a cheannach fé D 6. San iomlán ceaptar ná beidh mórán difríochta idir an méid a caitheadh an bhliain sin agus an méid ata á sholáthar don bhliain seo chughainn.
Meastar gur féidir go mbeidh laghduithe beaga ar a gcaithfear fé D 7, a bhaineas le hIol-Chostaisí na dTionnscal Fighteacháin, agus fé D 8 (2) go dtí (6), a bhaineas le hIol-Chostaisí an Tionnscail Bhréagán. Is laghduithe ar a meastar do Chostaisí Iomchair is mó fé ndear sin.
Maidir le Mírcheann D 9, a bhaineas leis an Tionnscal Sníomhacháin, tabharfar fé ndeara go bhfuil sé roinnte in a dhá chuid: ceann (a) fé ná fuil á sholáthar ach £10 mar chomhartha i dtaobh an Mhuilinn Sníomhacháin atá le bunú i gCill Chártha, Contae Dhúin na nGall, agus ceann (b) a bhaineas le hoibriú muilinn sníomhacháin i Rinn na Scríne, Condae Chorcaighe, atá tógtha againn ar léas d'fhonn snáthanna do chur ar fáil don Tionnscal Figheadóireachta atá ar siúl ag an bhFó-Roinn i gCill Chártha agus magcuairt. Níl ach comhartha sa mhéid atá á sholáthar don Mhuileann Sníomhacháin i gCill Chártha ach ní misde a thuigsint nach ionann sin agus a rá na ceannófaí an maisínreadh sníomhadóireachta atá ag teastáil chun é bhunú, dá ráinigheadh go scaoilfí chughainn an maisínreadh ón mBreatain Mhóir.
Ní gá aon rud do rá i dtaobh na Mírcheann E 1 agus E 2, a bhaineas le Tuarasdail agus Taisdeal na dTionnscal Mara.
Tá méadú £7,460 ar an soláthar fé Mhírcheann E 3 don Tionnscal Ceilpe agus Feamainne. Níor cheannuigh an Roinn ach 330 tonna ceilpe anuraidh in ionad an 1,000 tonna dár soláthruíodh i dtosach na bliana agus 3,000 tonna feamainne tiormuithe in ionad an 3,500 tonna dar soláthruíodh mar an gcéanna. Sé fé ndear dúinu gan níos mó ceilpe do cheannach ná daoine eile bheith á ceannach in áiteanna áirithe, gan tástáil, agus gan sinne bheith sásta a leithéid do dhéanamh toisc ná tiocfadh as dar linn ach caighdeán na ceipe d'ísliú. Do chúrsaí ceilpe na bliana so tá fógruithe againn go n-íocfar aisti dréir £1 an t-anonad de mhéid an íodín agus go mbeidh £10 an tonna mar bhar-phraghas uirri. Tá sócair againn, tar éis dúinn dul i gcómhairle leis an Aire Talmhaidheachta, ceannach agus díol na ceilpe mar leasachán, nó mar chuid de leasachán do thabhairt fé smacht. Ceaptar, dá bhárr sin, gur fearr-de an tionnscal féin agus gur fearr-de an t-abhar a bhéas le fáil ag lucht déanta agus ag lucht úsáidte leasacháin cheilpe.
Tá méadú £365 ar an soláthar fé Mhírcheann E 4 don Tionnscal Cairrgín. Ní bhaineann an soláthar san ach leis an gcairrgín a pioctar agus a pacáltar ag an Roinn chun é chur ar an margadh i gcóir bidh. Is mó go mór a húsáidtear an cairrgín chun cúrsaí ceárdais thar lear ná chun bidh ná ceárdais sa tír seo agus tá méadú mór tar éis teacht ar an bpraghas a híoctar as, de bhrígh ná fuil aon chairrgín eile ar an margadh sa Bhreatain fé láthair. Ó thaithighe, is féidir a rá gur baoghal don tionnscal daoine gan chleachta bheith ag plé leis d'fhonn proifíd mhór do dhéanamh le linn an chogaidh agus gan beann aca ar an mí-cháilíocht don chairrgín a thiocfadh as a mí-ghníomhartha maidir len a cheannach agus maidir len a láimhseáil. Is mór againn cáil is clú cairrgín na hÉireann agus, d'fhonn an cháil is an clú sin do chosaint, tá socair againn ceannach agus cur-tar-lear an chairrgín do thabhairt fé smacht. Ceaptar go dtiocfaidh as ucht an smachta sin gur mó-de na praghasanna a bhéas le fáil ag lucht bainte agus sábhálta an chairrgín; gur fearr-de caighdeán an abhair a cuirfear ar an margadh annso agus tar lear; agus go gcuirfear in áirithe go mbeidh ag an tír seo a riachtanaisí féin den abhar. Tá margadh maith ann anois do gach cairrgín a baintear agus a sábháltar i gceart.
Tá méadú £581 sa tsoláthar fé F 1 a bhaineas le tuarasdail Taise-Ionad Láir na Margaíochta agus sé bónus na haimsire éigeandála is mó fé near sin. Ní gá aon rud do rá i dtaobh na ndifríochtaí beaga atá ins na soláthair fé F 2 agus F 3, a bhaineas le Fógraíocht agus lolchostaisí an Taisc-Ionaid.
Níl ins na soláthar fé rannaí an Mhírchinn G ach comharthaí, taobh amuigh den tsoláthar fé roinn (6) do Sheirbhísí Báid. Níl ach aon tSeirbhís den tsórt sin i gceist, sin an tSeirbhís idir Dún na Séad agus Oileán Cléire, i gCondae Chorcaighe. Maithtear don bhádóir costas suirbhéireachta an bháid agus tá i gceist go mbeidh ar an Roinn rud éigin d'íoc freisin in aghaidh costaisí deisithe an bháid an fhaid a bhaineas caolracht le hioncuim na Seirbhíse le linn na haimsire éigeandála so.
Toise na ndeacrachtaí a bhaineas anois le cúrsaí Teach-Sholáthair, níl líon na fóirne atá i mbun na hoibre lasmuigh chómh mór agus bhíodh agus sin fé ndear na laghduithe atá le feicsint i Mírchinn H 1 agus H 2 do Thuarasdail agus Taisdeal na fóirne sin. Ní bhaineann an soláthar fé Mhírcheann H 4 ach le costas cothabhála agus deisithe na dtithe cómhnuithe atá ar cíos uainne ag Múinteóirí sa bhFíor-Ghaeltacht. Níl aon togra fé bhráid fé láthair chun tithe nua den tsórt sin do chur ar fáil.
Meastar gur mó de £36,655 na Leithreasaí-i-gCabhair a bhéas le fáil i mbliana i gcómpráid leis an mbliain roimhe seo. Baineann £27,400 de mhéadú leis an dTionnscail Tuaithe; £7,995 leis an dTionnscal Ceilpe agus Feamainne; agus £1,370 leis an dTionnscal Cairrgín Bidh. Meastar go níocfar amach £58,100 mar phá oibre ins na Tionnscail Tuaithe an bhliain seo i gcompráid leis an £47,270 a measadh don bhliain roimhe seo.
Tugann na figiúirí seo leanas léargus éigin ar an dul chun cinn a bhain le cúrsaí pá oibre ó 1935-36 amach:—
|
Bliain
|
Luach
|
|
|
1935-'36
|
£9,802
|
|
|
1936-'37
|
£12,768
|
|
|
1937-'38
|
£14,680
|
|
|
1938-'39
|
£18,766
|
|
|
1939-'40
|
£26,391
|
|
|
1940-'41
|
£38,517
|
|
|
1941-'42
|
£43,544
|
|
|
1942-'43 tuairim is
|
£43,000
|
|
agus bé méid na ndíolachán—
|
Bliain
|
Luach
|
|
|
i 1935-'36
|
£34,432
|
|
|
i 1938-'39
|
£46,183
|
|
|
i 1941-'42
|
£177,513
|
|
Brathann stáid na dTionnscal Tuaithe san am le teacht ar scéal na n-abhar a bhéas ar fáil. D'éirigh go rí-mhaith linn sa méid sin go dtí so, agus déanfaimíd ár rdícheall chun leanúint den stáir sin—ach ní foláir a thuigsint go bhfuil sé ag i níos deacra abhair dhéantóireachta fháil.
Sé fé ndear breis fáltaisí bheith á meas don Tionnscal Ceilpe agus Feamainne ná praghas na ndíolachán bheith dá árdú dréir praghas na gceannachán agus sinne bheith dá cheapadh gur mó den cheilp a bhéas againn le díol an bhliain seo. Maidir leis na fáltaisí a meastar do dhíolacháin an Chairrgín, ní misde dhom a rá arís ná baineann na díolacháin sin ach leis an gcairrgín bidh a pacáltar ag an bhFo-Roinn. Is mó go mór ná sin a ndíoltar den chairrgín chun cúrsaí ceárdais tar lear agus sa tír seo. Tá le tabhairt fé ndeara go bhfuilimíd ag súil go slánóidh na fáltaisí airgid ón gCeilp agus Reamainn agus Feamainn agus ón gCairrgín a bhéas á chaitheamh orra fé Mhírchinn E 3 agus E 4.
Ní misde dhom mar fhocal scuir a iarraidh ar na Teachtaí gan tabhacht na hoibre atá dá déanamh fén bhFo-Roinn seo, Seirbhísí ná Gaeltachta, do mheas dréir beag-mhéid an airgid atá dá lorg in a cóir. Is amhlaidh is mó atá á chaitheamh ná mar a caitheadh riamh cheana, ach ina choinnibh sin is mó go mór na fáltaisí airgid a gheibhtear ón gcaiteachas sin. Ní beag sin i laetheanta so na ndeacrachtaí agus na n-ollghlaoite ar airgead an Stáit.