Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 May 1943

Vol. 90 No. 3

National School Teachers' Superannuation (Amendment) Scheme, 1943—Motion.

Tairgim:—

"Go ndaingnítear Scéim Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta (Leasú), 1943, do rinne an tAire Oideachais, le toiliú an Aire Airgeadais, fé Acht Aoisliúntais na Múinteoirí, 1928 (Uimhir 32 de 1928)".

Baineann an chéad chuid den Scéim seo le ceithre Múinteoirí i Scoileanna Saothair do chuaidh amach ar pinsion ó bhí an ladh d'Eanar, 1943, ann. Faoi fhorálacha na Prímh-Scéime do bhí pinsin na Múinteoirí seo le háireamh do réir an mheán-tuarastail bhlian-túil do na trí bliana dar deireadh an 31adh de Mhárta, 1942. Ar feadh an chéad dá bhliain de na trí bliana sin, ní raibh na Múinteoirí seo ag fáil tuarastail faoi'n socrú nua do tháinig i bhfeidhm an chéad lá d'Aibreán, 1941—socrú faoi n-ar haithníodh Múinteoirí na Scol Saothair mar Mhúinteoirí Náisiúnta agus faoi n-a bhfuair siad an ráta céanna tuarastail do gheobhaidís dá mba i Scoileanna Náisiúnta do bhéarfaidís iomlán a seirbhíse. Ins na ceithre cáis seo bhí an méadú tuarastail, ón ladh d'Aibreán, 1941, idir 60 per cent. agus 120 per cent. Is léir nar chóir na Múinteoirí seo do bheith faoi chailliúint ina bpinsin ar an abhar gur thárla d'am a bpinsean do theacht sula raibh trí bliana de sheirbhís aca faoi'n modh nua. Go mí-ádhúil, níor smaoiníodh ar a leithéid sin do thárlachtain nuair do tugadh isteach sa Dáil anuraidh an Scéim Pinsin do thug cearta pinsin do Mhúinteoirí na Scol Saothair, agus is riachtanach anois an Scéim sin do leasú chun an scéal do chur i gcóir.

Baineann an dara cuid den Scéim le haiscí do Bhan-Mhúinteoirí a chaitheas éirghe as a bposta tráth póstar iad. Do réir na rialach atá ann fá láthair, is éigean seacht mbliana de seirbhís inphinsin do bheith tugtha ag a leithéidí sin chun go mbeadh aisce pósta le fáil aca. Dubhrathas liom go bhfuil an modh seo leatromach ar an líon cuibheasach mór de Bhan-Mhúinteoirí nach n-éiríonn leo postaí inphinsin d'fháil i dtús ré a múinteoireachta agus a chaitheas sealanna i mbun posta nach bhfuil inphinsin— sealanna mar ionadaithe, no mar bhreis-chongantóirí tuata, cuir i gcás. Chun cothrom do dhéanamh i gcásanna den tsórt seo, táthar ag brath a cheadú go n-áirmheofar suas go dtí dhá bhliain de sheirbhís neimh-inphinsin san tréimhse de sheacht mbliana seirbhíse atá riachtanach chun aisce pósta d'fháil. Mar sin de, Ban-Mhúinteoir ar bith a mbeidh cúig bliana ar a laghad de sheirbhís inphinsin curtha isteach aici agus, ina theannta sin, tréimhse de seirbhís neimh-inphinsin a bhéas i gcó-fhad leis an tréimhse de sheirbhís inphinsin bhéas d'uireasbha ar na seacht mbliana, beidh aisce pósta ion-fhálta aici. I gcás den tsórt sin, déanfar an aisce d'áireamh do réir an tréimhse de sheirbhís in-phinsin.

Question put and agreed to.
Top
Share