Tairgim: "Go léightear an Bille den dara huair."
Is é is cuspóir don Bhille seo leasú do dhéanamh ar fhorálacha an Achta Ghairm-Oideachais, 1930, maidir le híocaíocht do Bhaill na gCoistí Gairm-Oideachais ar son an chostais taistil bhaineas le freastal ar chruinnithe na gCoistí. In Alt 22 agus sa Dara Sceideal den Acht sin atá na forálacha seo, agus údaruíonn siad íocaíocht as costas taistil "ó chomhnaidhe oifigiúil an bhaill go dtí ionad an chruinnithe", do réir ceithre pingne an míle slí ar bhóthar iarainn agus cúig pingne an míle ar bhealach ar bith cile. B'íonann sin agus nach raibh íocaíocht le fáil ar son costas taistil abhaile o ionad an chruinnithe agus nach rabhthas ag fáil ach leath an ráta seo thuas ar son an turais go léir.
Ina theannta sin, ní raibh costais ar bith iníoctha go dtí tar éis an 30adh de Mheitheamh gach bliain, agus sin féin ar choinníoll gur freastaladh cúig cruinnithe ar a laghad sa bhliain a chríochnuigh ar an dáta sin. Bhí na coinníollacha sin ró-chruaidh o thús; tá siad níos cruaidhe anois, mar gheall ar an staid ina bhfuil an córas iompair le linn na héigeandála agus tá sé ag sír-éirghe níos deacra do Choistí Gairm-Oideachais líon gnótha d'fháil ag na cruinnithe. Dá bhrí sin, táthar ag brath a shocrú go dtabharfar allúntas réasúnta feasta do bhaill na gCoistí Gairm-Oideachais agus na bhFo-Choistí bhaineas leo ar son costas taistil chun na gcruinnithe agus uatha sin abhaile, gan féachaint don méid cruinniú do freastaladh. Dá réir sin, is ionann forálacha don Bhille seo agus d'Alt 80 den Acht Rialtais Aitiúil, 1941, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an ladh d'Iúl, 1943— isé sin ar bheith caithte don tréimhse láithreach de dhá mhí dhéag lena mbaineann có-fhorálacha an Achta Gairm-Oideachais, 1930.