Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Oct 1943

Vol. 91 No. 6

Death of a Deputy

A Chinn Chomhairle, ón uair a bhí an cruinniú deireannach den Dáil againn thárla rud gur méala mór linn é—sé sin bás Mháirtín Uí Riain, a bhí ina Theachta Dála do Thiobraid Árann, beannacht Dé lena. anam.

Toghadh ina Theachta Dála é den chéad uair sa mbliain 1933 agus is dúthrachtach a chólíon sé a dhualgaisí sa ghradam san go lá a bháis.

Chó maith le bheith ina Theachta bhí dlúth-bhaint aige leis an saol puiblí ina Chontae féin. Dob' é Cathaoirleach na Comhairle Contae é ó 1933 go dtí gur cailleadh é. Feirmeoireacht ba shlí bheatha dhó. Bhí sé ina bhall de Choiste Talmhaíochta na Contae agus chuir sé spéis mhór i ngach a mbaineann le talmhaíocht.

Fear an chroidhe mhóir a bhí ann nach raibh an focal searbh ina bhéal aige riamh, ach é fíor-lághach, cneasta le cách. Bhí meas agus cion againn go léir air. Saighdiúir calma a b'eadh é leis, a rinne a chuid féin sa troid ar son saoirse na hÉireann.

Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, có-bhrón na Dála a chur in iúl dá mhuintir.

Deputies rose in their places.

Top
Share