Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Nov 1943

Vol. 91 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teach Scoile Inis Bó Finne.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil an-droch-chaoi ar theach scoile Inis Bó Finne, Contae na Gaillimhe; agus an féidir leis a rá go gcuirfidh an Roinn dlús lena deasú.

Is eol dom go bhfuil droch-chaoi ar theach sgoile Inis Bó Finne. Tugadh deontas le haghaidh na n-oibreacha atá riachtanach leis an teach do chur i riocht sásúil. Tá Coimisinéirí na nOibreacha Puiblidhe ag ullambú na bpleananna faoi láthair, agus ceapann siad nach fada go mbeidh siad i ndon fuagra do chur amach ag iarraidh tairisgintí le haghaidh na hoibre.

Top
Share