Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Nov 1943

Vol. 91 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabhra Bun-Scoile i gCúige Uladh.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil míshásamh ar oidí scoile i gCúige Uladh siocair nach bhfuil ach fíorbheagán leabhra Gaedhilge i gcanúin Chúige Uladh ar an liosta oifigiúil de leabhra bun-scoile atá curtha amach ag an Roinn Oideachais; agus, ós rud é go dtáinig na leabhra Gaedhilge is fearr dar cuireadh i geló le cúpla bliain anuas o údair as Cúige Uladh, an bhféadfadh an tAire léigheas a chur ar an scéal in aithghiorracht.

Tá fhios agam nach bhfuil ach beagán leabhar i gcóir na mbun-rang i gcanúin Chúige Uladh ar an liosta oifigiúil de leabhra atá ceaduighthe le húsáid ins na bunscoileanna, ach tá uimhir réasúnta maith de leabhra léightbeoireachta ceaduighthe i gcóir na n-Árd-Rang. Bheirtear cothrom cúraim do leabhra i gcanúin ar bith a chuireann na foilisightheoirí fá bhráid na Roinne, agus táthar sásta tuilleadh leabhar i gcanúin Chúige Uladh do chur ar an liosta am ar bith atá leabhra feiliúnacha ar fagháil.

Top
Share