Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1944

Vol. 93 No. 13

Committee on Finance. - Vote 54—Gaeltacht Services.

Tairgim:—

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £3,789 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1945, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, ar a n-áirmhítear Deontaisí um Thógáil Tithe agus Bréidíní Baile do cheannach agus do dhíol.

That a sum, not exceeding £3,789, be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1945, for Salaries and Expenses in connection with Gaeltacht Services, including Housing Grants and the purchase and sale of Homespuns.

Is lugha de £11,200 an glan-mhéid a hiarrtar fén meastachán so ná mar a hiarradh fé dhá mheastachán na bliana seo caithte. Is mó de £59,285, áfach, mór-mhéid an mheastacháin, ach is mó de £70,485 na Leithreasaí-i-gCabhair a meastar a gheobhfar i rith na bliana so. Mar sin, is léir gur mó an lámhadas a meastar don bhliain seo cé gur lugha an méid airgid atá á iarraidh ar an Stát-Chiste. Tá méadú £773 glan ar an soláthar i gcóir an Cheann-Ionaid; méadú £57,110 a gcóir na dTionnscal Tuaithe; agus méadú £4,212 i gcóir na dTionnscal Mara. Tá laghdú £241 glan ar an soláthar i gcóir Taisc-Ionaid Láir na Margaíochta: laghdú £10 i gcóir Seirbhísí Ilghnéitheacha; agus laghdú £2,559 i gcóir Teach-Soláthair na Gaeltachta.

Sé fé ndear an méadú beag ar na mírchinn a bhaineas leis an gCeann-Ionad ná breis bónuis bheith le n-íoc agus gnáth-bhreisithe ar thuarastail, laghduithe tré chaolú i líon na fóirne dá soláthruítear. Ní miste a thabhairt fé ndeara go mbaineann £4,090 den mhéid a soláthruítear i gcóir tuarastal le hoifigigh atá ar iasacht ag Ranna eile Rialtais.

Maidir le Mírcheann D (1) a bhaineas le Tuarastail Saoistí, Bainistreásaí, etc., na dTionnscal Tuaithe, sé fé ndear an mhéaduithe de £657 ná méadú ar líon na fóirne dá soláthruítear, gnáth-bhreisithe ar thuarastail agus breis ar an mbónus a bheas le n-íoc. Sé fé ndear na méaduithe ar na Mhírchinn D (2) agus D (3) ná soláthair don bhónus aimsir éigeandála a bheas le n-íoc leis na Teagascóirí atá i gceist. Is beag iad na méaduithe atá ar na Mírchinn D (4) agus D (5).

Maidir leis na mírchinn D 6, D 8 (1) agus D 9 (b) a bhaineas le habhair do chur ar fáil do na Tionnscail Tuaithe, sé an mór-mhéid dá soláthruítear ná £133,100 i gcompráid leis an £91,580 glan, a bhí sa tsoláthar i gcóir na bliana seo caithte tar éis an mheastacháin fhoirlíontaigh a tugadh di. Is féidir na beimíd in ann abhair fháil den mhéid dar soláthruíodh ach déanfar gach iarracht chun an méid is mó is féidir fháil. Bhí súil againn le tuille fháil an bhliain seo caithte, ach níor éirigh linn.

Is mó de £500 an soláthar fé D. 7 agus baineann sin nach mór ar fad le soláthar bhreise d'Abhair Pacála a ceaptar a bheidh le fáil do na Tionnscail Fighteacháin. Tá méadú de £590 ar an soláthar fé D. 8 (2) go dtí (6). Is le hIolchostais an Tionnscail Bhréagán a bhaineann sin agus sé is mó fé ndear é ná soláthar breise bheith déanta do Chostais Iompair agus d'Abhair Pacála.

Maidir leis an Mírcheann D. 9, a bhaineas leis an Tionnscal Sníomhacháin tabharfar fé ndeara go bhfuil sé ina dhá chuid: cuid (a) agus cuid (b). Baineann cuid (a) le soláthar £10, mar chomhartha, a cuireadh isteach i dtaobh an Mhuilinn Shníomhacháin atá le bunú i gCill Chártha, Co. Dhún na nGall. Níl aon athrú ar an scéal toisc nach bhfuil maisínreadh le fáil ón m Breatain Mhóir i gcóir an Mhuilinn sin fé láthair agus sin é an fáth ná fuil sa tsoláthar ach comhartha. Baineann cuid (b) le Muileann Sníomhacháin i Rinn na Scríne, Co. Choreaighe, a thógamar ar léas d'fhonn abhras do chur ar fáil don Tionnscal Figheadóireachta a oibrímíd i gCill Chártha, Co. Dhún na nGall.

Baineann Mírcheann D.10 le Ceannach Bréidín Bhaile. Is mó de £13,585 an soláthar atá á dhéanamh ina chóir ná mar a soláthruíodh sa bhliain seo caithte. Is féidir ná beidh an soláthar mór go leor do réir na meastachán is déanaighe atá againn don obair seo ach ní miste a thuigsint go n-iarrfar tuille soláthair más gá é. Is amhlaidh a thosnuíomar ar an obair seo ar an Aire Soláthairtí dá rá nárbh fhéidir faoiseamh ina ndeacrachtaí do thabhairt do lucht déanta bréidín baile muna ndéanfaí eagracht margaíochta láir do bhunú dá cheannach agus dá dhíol. Fén socrú so, deinimíd an bréidín do cheannach ar an bpraghas is mó is féidir ag féachaint don mhargadh a bhíonn ann don cháileacht ar leith a bhíonn i gceist; deinimíd é chur dá shnasáil ansin; agus iar sin tá orainn margadh do lorg dó.

Ní foláir a thuigsint, maidir leis sin de, nach sinne an t-aon eagracht amháin a dhíolann bréidín baile leosin dá dtugtar cead chun é cheannach. Tá táirgtheoirí ceadúnuithe ann gur cead dóibh an bréidín do dhíol díreach mar a dhíolaimíd é, agus tá de bhuntáiste aca gur bréidín do réir a n-orduithe féin a bhíonn aca, áit ná bíonn againn ach a ndeineann an lucht déanta ar a dtoil féin. Chó fada agus is féidir é, deinimíd comhairle do thabhairt don lucht déanta i dtaobh conus ab fhéidir a gcuid gréasán d'fheabhsú; agus le tamall anuas tá á bhreithniú againn cad eile nár mhiste a dhéanamh chun cabhruithe leis an déantús. Fé láthair, níl de dhualgas orainn ach bheith in ár n-eagracht margaíochta, agus ní féidir a rá go fóill cad eile ar a socrófar.

Fé E 1, tá soláthar do Chongantóir do Mhaoirseoir na dTorthaí Mara. Is amhlaidh ná féadfaí féachaint i ndiaidh na hoibre ceilpe, feamainne agus cairrgín gan an congnamh sin. Is mó, toisc na cúise céanna, an soláthar atá déanta do Chostaisí Taistil fé E 2.

Is mó de £5,890 an soláthar fé E (3) don Tionscal Ceilpe is Feamainne ach is costais iompair, is mó fé ndear an méadú sin. Is deacair meastachán ceart do dhéanamh ar a mbeidh le n-íoc ar chostais iompair ach beidh pé méid a híocfar ionbhailithe ó lucht ceannuithe na dTorthaí Mara agus tá soláthar ina thaobh sin ina meastar do Leithreasaí-í-gCabhair. Fuaireamar beagnach 900 tonna ceilpe i rith na bliana seo caithte, tuairim is 1,600 tonna slata mara agus feamainne brotha agus tuairim is 1,200 tonna feamainne gearrtha. In aghaidh na feamainne laminaria a díoladh tar lear, fuarthas don tír seo a chó-mheas d'abhar eile leasacháin. Táthar ag leanúint den rialra a cuireadh i bhfeidhm maidir lé ceannach na ceilpe, ós mar sin a soláthrófar an cheilp is fearr is féidir mar abhar leasacháin. Beidh £10 an tonna mar bharr-phraghas ar an gceilp arís, ach tá an scála féna bhun sin athruithe ionnus gur fearr an praghas a bheas le n-íoc i mbliana as ceilp a déanfar gan slata mara. Beifear ag ceannach na slata mara mar rud ar leith agus tabharfar praghas maith orra.

Tá laghdú £2,265 ar an soláthar fé E. 4 don Tionnscal Cairrgín. Ní bhaineann an soláthar ach leis an gcairrgín a pioctar agus a pacáltar ag an Roinn chun é chur ar an margadh i gcóir bídh. Is amhlaidh a tháinig laghdú ar an nglaoch ar an gcairrgín sin le linn na bliana seo caithte agus sin fé ndear gan an tsuim chéanna do sholáthar i mbliana. Ní chuirfidh sésin teora lena geaithfear, áfach, má thárluíonn go mbeidh glaoch uirri. Is thar lear a díoltar an chuid is mó den bharr chairrgín gach bliain agus táthar ag leanúint den rialra a cuireadh i bhfeidhm ar cheannach agus dhíol i dtosach na bliana airgeadais seo caithte. Is féidir a rá go dtáinig feabhas mór ar cháileacht an chairrgín de bhárr an rialra sin agus nach baol, má leantar de, ná go mbeidh margadh ann don chairrgín fós tar éis deire an chogaidh seo. Cuireann Rialtas na Breataine teora leis an bpraghas ar a gceannuítear cairrgín thall ach deinimíd gach iarracht is féidir ionnus go bhfaighidh lucht a bainte agus a sábhálta sa tír seo praghas réasúnta maith.

Tá méadú £389 ar an soláthar fé F (1) do Thuarastail an Taisc-Ionaid. 'Siad an bónus aimsir éigeandála agus an méadú ar an bhfuirinn is mó fé ndear an bhreis. Tá ar an bhfuirinn anois bréidín baile do chur ar an margadh chó maith le hearraí na dTionnscal Tuaithe atá ar siúl ag an Roinn féin. Is beag an difríocht atá sa tsoláthar fé F (2) d'Fhógránacht. Is lugha an soláthar fé F (3) d'Iolchostais toisc gur fé mhírcheann eile a soláthruítear d'abhair Phacála áirithe dá soláthruítí anso cheana; ach is mó a soláthruítear do Chostais Iompair toisc Bréidín Baile bheith dá láimhseáil anois.

Níl isna soláthair fé G do Sheirbhísí Ilghnéitheacha ach comharthaí taobh amuigh den tsoláthar, fe mhionroinn (5), do Sheirbhísí Báid. Níl ach aon tSeirbhís amháin den tsórt sin i gceist, sin, an tSeirbhís idir Dún na Séad agus Oileán Cléire i gContae Chorcaighe.

Tá laghdú £759 ar an soláthar fé H 1 do Thuarastail na fóirne Teach-Soláthar, toisc gur lugha anois líon na fóirne teicniúla is gá bheith ina bhun ag féachaint do na deacrachtaí a bhaineas le cúrsaí soláthairtí. Tá laghdú freisin ar a soláthruítear fé H 2 do Chostais Taistil agus fé G 3 do Dheontais fé na hAchtanna. Tá soláthar fé H 4 do chostais cothabhála agus deisithe na dtithe comhnaithe atá ar chíos uainne ag Múinteoirí sa bhFíor-Ghaeltacht. Ní bhaineann an soláthar ach leis na costais sin.

Meastar, ag féachaint don méid a soláthruíodh i leith caithteachaisí, gur féidir gur mó de £70,485 na Leithreasaí-i-gCabhair a bheas le fáil i mbliana. Baineann £25,960 le fáiltí glan na dTionnscal Tuaithe agus £38,860 le fáiltí glan ó dhíol an Bhréidin Baile. Meastar gur £63,825 a híocfar amach mar phágh oibre i mbliana i gcompráid leis an £58,100 a measadh do bhliain seo caithte. Teasbánann na figiúirí seo leanas conus mar bhí maidir le págh oibre, ó 1935-36 amach:—

1935-36, £9,802; 1936-37, £12,768;

1937-38, £14,680; 1938-39, £18,766;

1939-40, £26,391; 1940-41, £38,517;

1941-42, £43,544; 1942-43, £46,365;

1943-44, £52,500.

Bé méid na ndíolachán:—1935-36, £34,432; 1938-39, £46,183; 1941-42, £177,513; 1942-43, £196,484; 1943-44, £206,000.

Brathann stáid na dTionnscal Tuaithe ar na habhair atá ar fáil dóibh. D'éirigh go maith linn maidir le teacht ar abhair go dtí seo agus déanfaimíd ár ndícheall san aimsir le teacht—ach ní foláir a thuigsint go bhfuil sé ag éirghe níos deacra abhair do choimeád leis na tionnscail.

Meastar go bhfaghfar ar a laghad £57,560 glan ó fháiltí as Bréidín Baile do dhíol. Do réir an eolais is déanaighe dá bhfuil againn is féidir gur mó i bhfad ná sin a gheobhfar toisc gur féidir gur mó a ceannófar den Bhréidin sin ná ar soláthruíodh dó fe mhírcheann D 10.

Tá méadú mór ar a meastar d'fháiltí as Ceilp agus Feamainn do dhíol ach, fé mar adubhart agus mé ag trácht ar mhírcheann E 3, is le costais iompair is mó a bhaineas an méadú sin.

Tá laghdú ar a meastar d'fháiltí as Cairrgín Bidh do dhíol. Sé fé ndear sin ná an glaoch uirri gan bheith chó maith agus a bhí. Ní háirmhítear aon rud sna fáiltí seo do chairrgín cheárdais ós rud é gur fé dhaoine príobháideacha a deintear an chuid sin de thionnscal an chairrgín.

Is beag an méid airgid atá dá iarraidh fén Vóta so, ach chífear ó na mór-fhigiúirí go gceiltear fén mbeagmhéid sin obair atá mór go maith agus ana-thábhachtach do mhuintir na Gaeltachta.

Níl sé i bhfad ó shoin ó bhí Meastachán breise againn do Sheirbhísí na Gaeltachta agus dubhradh a lán ar an Mheastachán sin. Ar an abhar sin ní bhéidh oiread cainte ag cuid againn anois ar an phríomh-Mheastachán.

Bá chóir go mbeadh sé soiléir go leor ag muintir na tíre seo anois nach ceist náisiúnta amháin ceist na Gaeltachta ach ceist eacnamaíochta. Sna ceanntair bhochta seo tá an talamh lom, gortach tanaidhe agus ní thig slí bheatha a bhaint as. Tá na gabháltais ró-bheag le muirghean a thógáil ortha. Níl ann ach go gcoinníonn siad an t-anam agus an cholann le chéile. Ní thiocfadh leis na daoine seo bheith beo gan na tionnscail baile atá aca, mar obair na holna, báinín, cniotáil, bróidneoireacht, iascaireacht, ceilp, carraigín agus saothrú a gelann ar an choigrích.

Isé is lugha a bhíthear ag dréim ó Rialtas Náisiúnta go dtabhradh siad cúram do na tionnscail dúthchais seo ortha féin agus iad a fheabhsú agus a leathnú ar fud na Gaeltachta, agus margadh d'fháil do shaothar na ndaoine seo. Táthar á dhéanamh seo san am i láthair, ach níl an Roinn ag cur an dúthracht ceart leis an obair seo. Tá an t-othar ag dul chun báis agus an Ghaeltacht ag dul chun báine agus na doctúirí ag caibideal. Thiocfadh a dhá oiread d'fháil ó na tionncail seo dá gcuirtí an suim ceart ionta. Níl an fuinneamh no an dul chun cinn ar chúl na dtionnscal seo atá riachtanach má tá siad le bheith beo láidir againn nuair a bheas an cogadh seo thart.

Caithfidh an Roinn níos mó suime a chur ionta, go háithrid tionnscal an bháinín. Seo tionnscal a fhóireas go fíor-mhaith do mhuintir na Gaeltachta. Tá bun maith air i dTír Chonaill cheana féin ach thiocfadh é a dhéanamh i bhfad níos láidre ná tá sé. Tá an t-éadach a ghnítear ar an seol láimhe anois ionchurtha le héadach ar bith ar an mhargadh. Tá na sníomhnóirí agus na figheadóirí ag biseadh gach lá ag cur deilbh úr agus snas níos fearr ar an bháinín. D'fhéadfadh an Roinn cuidiú a thabhairt do na daoine seo nach bhfuiltear a thabhairt dóibh. Thiocfadh olann níos míne d'fháil dóibh, ola agus dathanna d'fháil dóibh, agus eolas agus teagase a thabhairt dóibh le éadach a dhéanamh trom no éadtrom do gach seisiúr, do réir mar bheadh éileamh air. Acht níltear á dhéanamh sin.

Ansin thiocfadh cuidiú mór a thabhairt do na daoine seo dá bhfuigheadh siad an chuid is masluithe den obair déanta i muileann olna. Sin an olann a bhriseadh agus a spíonadh, a dhathú agus a bhealú, a chíoradh agus a chárdáil le dul chun túirne. Thiocfadh leis an mhuileann an t-éadach a sciúradh agus a reamhrú i ndiaidh é theacht ón fhigheadóir. San am i láthair caithfear an sciúradh seo a dhéanamh i mBaile Atha Cliath. Ba cheart an obair seo a dhéanamh uilig sa nGaeltacht. Tá an chumhacht sa mhuileann i gCill Chártha anois ach níl na hinnill ansin le húsáid a bhaint as an chumhacht sin. Ba mhór an neamairt nach bhfuarthas na hinnill don mhuileann seo i 1939 ach níl gar a bheith ag caint air sin anois. Má tá inill no gléasra ar fáil sa tír don mhuileann seo ba chóir greim d'fháil ortha gan mhoill. Bheadh céim chun tosaigh tugtha ansin a rachadh go mór chun tairbhe do mhuintir na Gaeltachta. Bhéarfadh sé slí bheatha do na céadta a bheadh ar ghann-chuid gan é nó bheadh ag imeacht thar sáile uainn de dhíobháil oibre sa bhaile.

Rud amháin eile. Ba mhaith linn na cuntais a bheith níos cruinne agus níos iomláine agus cuntas ar leith do gach tionnscal.

Is maith liom tagairt a dhéanamh do na tionnscail tuaithe agus a rá cho tairbheach is atá siad do na háiteacha ina bhfuil siad suidhte. Is féidir le cailíní idir deich fichead agus dhá phunt sa tseachtain an duine a thuilleamh. Is léir go bhfuil obair mar seo i bhfad Éireann níos fearr agus níos tairbhighe ná aon tsaghas eile oibre dá fheabhas ó bhaile agus go mórmhór ná obair i Sasana. Tá éileamh mór i nGaillimh Thiar ar tuilleadh de na tionnscail seo mar aithníonn na daoine bochta rud fóintiúil nuair a fheiceann siad ag obair é agus tá meas mór aca ortha seo. Tá a fhios agam cho deacair is atá sé meaisíní a fháil agus mura féidir monarchana a bhunú béidir go bhféadfaí obair láimhe bhaineas leis an tionnscal a chur ar fáil. Is feasach mé gurb iad lucht an Airm is mó a cheannuíonn saothar na nIonad Tionnscail, ach tá súil agam go mbeidh sé ar chumas na Roinne an obair a choinneál ar siúl nuair a bheas an cogadh thart.

Nílim ag déanamh dearmaid ar a bhfuil déanta agus nach raibh an Roinn failligheach ó thosuigh an cogadh agus go raibh siad beartach in aghaidh chuile constaice dá raibh rómpa.

D'iarrfainn ar an Aire a rá céard tá de rún aige a dhéanamh faoi thionnscal ceann-casna a bhunú i gConamara, rud a ghabhfadh go mór chun maitheasa agus chun tairbhe an cheanntair sin. Rinneas féin tagairt don cheist seo cheana agus bhíos ag súil go mbéidir go mbeadh tionnscal mar atá aca i dTír Conaill curtha ar bun in áit eicínt thiar i gConamara roimhe seo.

Tá moladh agus creidiúint ag dul don Roinn agus molaim iad. Tá a fhios agam go bhfuil croidhe an Aire san áit cheart maidir leis an nGaeltacht. Le có-oibriú eatorra is féidir tuilleadh feabhais a chur ar shaol na ndaoine bochta.

Tá súil agam go mbeidh an tAire chó maith is cheapas muid dó le haghaidh na Gaeltachta. Bhí a chroidhe san áit cheart riamh chó fada le chuile rud a bhí Gaelach. Agus anois ó thárla gurb é atá i mbunadh na Gaeltachta tá súil againn go bhfágfa sé í níos fearr agus níos Gaelaighe ná fuair sé í. Ba mhaith an rud dá gcuirtí tuille de na scoltacha cniotála thart timpeall, mar tá na mná ag déanamh go maith ortha. Do réir Mhichíl Óig Mhic Pháidín tá na daoine ag déanamh a seacht saibhreas i nGaeltacht Dhún na nGall ar na bréidíní agus a leitheidí. B'iongantach an rud dá bhféadadh an tAire a leithide seo a thosuighe i gceart i gConamara. Tá an olann againn agus na daoine—níl uainn ach an gléas oibre fháil. Do réir Mhichíl Óig Mhic Pháidín tá na fir ag cárdáil chó maith leis na mná i nDún na nGall. Is maith é sin, mar déantúsaí mar sin a theastuíos sa nGaeltacht agus a choinníos gach duine ag obair agus sa mbaile.

Anois an cheilp—feicim go ndubhairt an Coiste um Chuntaisí Puibli go raibh súil aca go mbeadh níos mó ceilpe le fáil i mbliana ná anuraidh. Tá faitíos orm nach mbeidh, mar bhí na slata mara á ndóghadh le haghaidh ceilpe anuraidh. I mbliana tá siad á gceannach asta féin agus á ndíol mar atá siad. Mar sin beidh ábhar is fearr na ceilpe ar iarraidh—mar b'asta a b'fhearr a thagadh ceilp le haghaidh leasú. Déarfainnse leis an Aire go mb'fhearr dhó an teist a laghdú no luacha a árdú. Mara ndéana sé é sin ní chuirfe sé fonn ar na daoine an fheamainn a chruinniú mar beidh faitíos ortha nach bhfuighe siad an oiread uirthi is fuair siad anuraidh.

An carraigín anois—ceapaimse go mb'fhearr dhá phraghas air ná trí cinn, mar tá faitíos orm go gceannuítear é ar an bpraghas is ísle go mion agus go minic agus go ndíoltar arís é ar an dara praghas no ar an bpraghas uachtair. Sin é le rá, an dream a chaitheas a saol agus a n-aimsir á phiocadh agus á thriomú, nuair a thugas siad chuig na ceannuitheoirí é go ndeireann siad nach bhfuil sé sáthach maith le haghaidh an chéad phraghas no an dara praghas agus gur ag na ceannuitheoirí bhíos na buntáistí ba cheart a bheith ag na daoine a chaitheas a saol agus a n-aimsir leis. Is maith an rud go bhfuil riail ann go gcaithfear é bheith go maith ach tá faitíos orm, ar nós go leor rialta, go bhfuil cuid de na daoine ag déanamh níos mó air ná ba cheart. D'iarrfainn ar an Aire iallach a chur ar a chuid fear breathnú amach dó seo.

A matter in which I am very much interested was dealt with some time ago when the Supplementary Estimates were under consideration. I refer to the purchase of homespuns. On that occasion I made suggestions which had been conveyed to me by people engaged in that industry. They were hopeful that these suggestions, if put into operation, would be of considerable help. So far as I am aware, no steps have, so far, been taken to meet the points that were raised on that occasion.

Considerable difficulty is being experienced at the moment in connection with the manufacture of homespuns. The difficulty arises out of the meagre supplies of the oil used in the carding of the wool. Representations were made to the Minister and to the Department, and so far as I have been informed the people concerned were referred to the Clover Meat Industry, and were told that there they would get oil supplies. Communications were addressed to the proprietors of that industry, and the reply was that there was no oil available.

I read in a local paper the report of the committee set up to take charge of the carder which the Gaeltacht Services Department was good enough to place at the disposal of the homespun workers. I was rather surprised at the amount of wool that passed through that carder in a period of 12 months. Over 100,000 lbs. of wool were carded in Ardara in that period, and that did not represent by any means all the wool carded. A large amount was carded in the homes of the workers. That will give Deputies an idea of the amount of oil required for the carding of the wool. I realise the difficulties with regard to procuring oil, but at the same time I think some effort should be made to obtain supplies for these people. This is a vital industry, and oil supplies are badly needed, and I would ask the Minister to approach the Department of Supplies so as to ensure that adequate quantities of oil will be made available for the carding of the wool.

I feel that the Department is not approaching this matter in a sufficiently serious way, and it would seem to me that the Minister is inclined to regard this as something thrust upon him by another Department in order to get over the difficulties that have arisen. It would appear that they are just carrying on this duty for the time being, and are not accepting much responsibility. I suggest that that is a wrong approach. This industry was practically allowed to die, but it is now being revived and it provides people in several parishes with a reasonable means of livelihood. In many of the small uneconomic holdings there is a weaving and spinning tradition, and I think it is the duty of the Department to see that these industries are kept alive, and I hope that in the future it will take a more serious view of the situation. There is no reason why the two industries, home spinning and machine spinning, should not run hand-in-hand. At any rate, the Department should adopt a more serious attitude in regard to this matter and endeavour to meet the requirements of the people engaged in those industries.

In the course of his statement, the Minister suggested that people have been licensed to produce and sell the homespun article, and in addition the Department have direct supervision. I suggest that if the Gaeltacht Department indicates the designs that it requires and gives all the information necessary to the weavers, the weavers will give a ready response and will-be quite prepared to supply the types of cloth needed. The buyers give all cloths very severe examination and rightly so. I do not see any reason why the Gaeltacht Department should not be in the same position as the private individual. If they know what they want, they should provide the weavers with the designs. If that is done, I have every reason to believe that the results will be quite satisfactory. I think the Minister will find that the weavers, spinners, and indeed everybody engaged in the industry will be only too anxious to co-operate with the Department.

Under the existing arrangements, there is every hope that this industry will be established on a permanent basis. The people realise that they have an organisation to market their cloth, and that they have more or less a stabilised price. In that way they recognise that it is in their own interests to use every endeavour to make the industry a success. I hope the Department will co-operate with those people and give the weavers designs, so that they will know what type of cloth is required. With co-operation of that type, there is no reason why the industry should not be very successful.

Maidir lena ndubhairt an Teachta Mac Phartholáin, níorbh' fhéidir dúinn, agus an saol chó corruithe agus atá sé, thógáint orainn féin tionnscail nua bréidín bhaile do bhunú nó sean-tionnscail do leathnú ach oiread. Brathann a ndeintear ar an méid abhair is féidir dúinn do sholáthar do na tionnscail agus, mar adubhart cheana, tá sé ag éirghe níos deacra dúinn abhair d'fháil.

Tuigeann na Teachtaí, ós na figiúirí do léigheas dóibh, go bhfuil ag éirghe go maith linn san obair seo, agus go bhfuil gach is féidir linn a dhéanamh á dhéanamh againn. Ba mhaith liom scéal na Gaeltachta do thuigsint i gceart, agus cé go bhfuil a lán cloiste agus léighte agam ar dheacrachtaí agus cruatain saoil na Gaeltachta, táim ar intinn cuaird do thabhairt don Ghaeltacht i mbliana, chun na rudaí gur dhein na Teachtaí tagairt dóibh do shuathadh agus do scrúdú.

Question put and agreed to.
Top
Share