Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 May 1944

Vol. 93 No. 13

Committee on Finance. - Vote 45—Office of the Minister for Education.

Tairgim:

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £135,212 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1945, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.

That a sum not exceeding £135,212 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1945, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.

Na seirbhísí atá dhá riarú ag an Roinn Oideachais, tá siad faoi ocht Vótaí ins na Meastacháin. £5,406,241 an tsuim iomlán atá dhá hiarraidh ins na hocht Vótaí seo. Don bhliain seo chuaidh thart (1943-44), do hiarradh £5,208,358 (agus trí Meastacháin bhreise san áireamh sin). Is ionann sin agus £197,883, nó 3.8 per cent. de mhéadú. Ag seo leanas na difríochta is mó atá idir Vótaí an dá bhlian:—

Tá £6,524 de mhéadú ghlan ins an tsuim atá dhá hiarraidh fé Vóta 45— Oifig an Aire Oideachais. Tá £3,270 de sin ag teastáil mar gheall ar an mBónus Éigeandála atá deonuithe ó bhí an ladh d'Eanar, 1944, ann. Ina theannta sin, tá £1,700 den mhéadú ag teastáil, toisc gur haistríodh ón Vóta le haghaidh Tailte, an soláthar bhaineas le mo thuarastal-sa mar Aire.

Tá soláthar dhá dhéanamh le haghaidh foirne ar a bhfuil 493 dhaoine, agus ortha sin tá 121 de Chigirí nó de Thimthirí. Is ionann sin agus 6 daoine de bhreis ar fhuirinn 1943/44. Ach tá 23 daoine den fhuirinn ar iasacht ag Ranna eile.

£4,063,039 an tsuim atá ag teastáil le haghaidh Vóta 46—Bhun-Oideachais— rud is ionann agus £101,254 de mhéadú nua. Toisc gur hathruíodh ráta an Bhónus Éigeandála ó 7/- go 10/- le haghaidh fear agus ó 5/- go 8/- le haghaidh ban, agus toisc gur hárduíodh an "tsíleáil" ó £399 go £500, béidh £104,000 de bhreis ag teastáil i gcóir an Bhónus seo. Teastóidh £439,000 le haghaidh Pinsean Oidí—rud is ionann agus £18,000 de mhéadú. Ins na Coláistí Ullmhúcháin, i seisiún a 1944/45, méadófar líon na ndalta ó 331 go 432, agus cosnóidh na Coláistí seo £3,929 sa mbreis. Meastar, freisin, go mbeidh £2,500 de mhéadú ag teastáil ins na Stát-deóntais chun scoileanna do théidheamh agus do ghlanadh, toisc an bhreis-chostais bhaineas le habhar teineadh.

Maidir le Vóta 47—Meán-oideachas— do méaduíodh an Bónus Éigeandála do Mheán-Oidí mar do rinneadh i gcás Oidí na mBun-Scol, agus meastar go gcosnóidh an méadú sin £21,400. In ionad tuarastail na Meán-Oidí d'íoc go ráithiúil, mar ghníthear faoi láthair, tá socruithe go níocfar go míosúil iad ón ladh d'Abrán, 1944. Isé an socrú sin is fáth le £20,000 den £49,000 de mhéadú i bhFo-Mhír B. Teastóidh an t-airgead sin chun tuarastail míosa d'íoc i ndeireadh Mhárta, 1945, in ionad a bhfágáil gan íoc, mar ba ghnáth, go dtí an aithbhliain airgeadais.

Tá líon daltaí na Meán-Scol ag síor-mhéadú agus ní féidir do chostas na brainse seo oideachais gan bheith ag méadú dá réir sin.

Gidh go bhfuil laghdú ar an soláthar le haghaidh Scoláireacht (Fo-Mhír D), ní hionann é agus aon athrú do bheith ar pholasaí choiteann na Roinne ina dtaobh seo. 'Séard is príomh-abhar leis go bhfuil deireadh anois le breisuimhir scoláireacht do bronnadh i 1939, an uair ba lugha líon na ndalta ins na Coláistí Ullmhúcháin agus do socruíodh ar scoláireachtaí breise do thairgsint do dhaltaí as an bhFíor-Ghaeltacht ionnas go dtiocfadh siad sin chun na gColáistí Ullmhúcháin.

Tabharfar faoi deara go bhfuil socruithe againn athbhunú do dhéanamh ar na Cúrsaí Speisialta Samhraidh i nGaedhilg do Mheán-Oidí—Cúrsaí a bhí leigthe ar lár ó 1939.

£362,997 atáthar d'iarraidh do Vóta 48—Ceárd-Oideachas. Tá £23,257 de mhéadú ghlan ansin, agu tá £22,237 den mhéadú ag teastáil mar gheall ar dheontaisí méaduithe do na Coistí Gairm-Oideachais.

Táthar chun £7,960 de dheontas speisialta do thabhairt do Choiste Chathrach Bhaile Átha Cliath d'obair Chomhairle le Leas Óige ins an bhliain seo chugainn.

Tá socruithe ar Chúrsa Tréineála do bhunú d'Oidí Obair Adhmaid agus Foirgníochta. Mairfidh an Cúrsa ó Dheireadh Fómhair, 1944, go Mheitheamh, 1946. Meastar gur £1,958 an costas bheas leis seo go dtí 31adh Márta, 1945, agus gur £7,076 an costas iomlán.

Bunófar Gearr-Chursaí Samhraidh, freisin, i mBiadh-Eolaíocht, in Eolaíocht Tuaithe agus i Matamaiticí Ceárdúla.

An £54,816 atá measta do Vóta 49— Eolaíocht agus Ealadhain—tá sé £6,264 níos mó ná airgead vóta na bliana atá caithte. An Breis-Bhónus Éigeandála is fáth le £963 den mhéadú.

Chun leabhra do cheannach don Leabharlainn Náisiúnta tá £2,000 dhá sholáthar. £2,100 an tsuim do hiarradh anuraidh. Ba cheart dom a mhíniú gur £2,600 an gnáth-dheontas bliantúil a hiarrtaí roimh aimsir na hÉigeandála. Mar gheall ar bheith coigilteach, do laghduíodh sin go dtí £1,600 ach do méaduíodh sin go dtí £2,100 do bhliain a 1943-44. Tá sé curtha in iúl dúinn ag an Stiúrthóir gur ró-ghann £1,600 de dheontas bhliantúil le haghaidh riachtanais na Leabharlainne agus tá socruithe ar a mhéadú go £2,000.

Progress reported; Committee to sit again.
Top
Share