Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Jun 1944

Vol. 94 No. 8

Supplementary Estimates, 1944-45. - Vote 50—Reformatory and Industrial Schools.

Tairgim:

Go ndeontar suim Bhreise ná raghaidh thar £3,000 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1945, chun costaisí i dtaobh Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, ar a n-áirmítear Aiteanna Coinneála (8 Edw. 7, c. 67; Uimh. 17 de 1926, Uimh. 12 de 1941, etc.).

That a Supplementary sum not exceeding £3,000 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1945, for Expenses in connection with Reformatory and Industrial Schools, including Places of Detention (8 Edw. 7, c. 67; No. 17 of 1926; No. 12 of 1941; etc.).

Fo-Mhírcheann A—Scoileanna Ceartúcháin.—I gcóir na gcostas a bhaineas le hárais nua a bunaíodh le goirid do chailíní fé bhun seacht mbliana déag a rinne coirthe in aghaidh na geanmnaíochta atá soláthar á dhéanamh fé Fho-Mhírcheann A. Go dtí seo ní raibh aon tsoláthar ceart déanta i gcóir na hócáide seo, mar ní raibh an scoil cheartúcháin atá ann fá choinne cailíní sásta glacadh lena leithéidí sin. Ar iarraidh a Ghrásta, Árd-Easpog Bhaile Átha Cliath, tá Siúracha Bhaintiarna Charthannais na Dídine tar éis scoil cheartúcháin nua—Scoil Anna—a bhunú i gCill Macoda in aice le Baile Átha Cliath le riaradh ar an gcineál sin cailíní. De bhrí nach mbeidh ach uimhir bheag cailíní sa scoil i dtosach báire, is é an deontas atáthar ar intinn a íoc i gcóir na céadbhliana deontas ar 20 duine, do réir an ghnáth-ráta (10/- an duine sa tseachtain) a híoctar leis na scoileanna ceartúcháin. Ach níl ins an uimhir sin ach buille fé thuairm.

£520 an costas a meastar a bheas ann i gcóir bliana iomláine. Ach sábhálfar £510 fén bhfo-mhírcheann ar mheastachán na bliana seo i gcóir scoileanna ceartúcháin agus saothair.

Ar an ábhar sin £10 an tsuim bhreise atá ag teastáil ó cheart.

Fo-Mhírcheann B—Scoileanna Saothair. Tá £1,800 sa mbreis ag teastáil sa gcás seo, i ngeall ar an árdú a ceadaíodh a dhéannamh le goirid ar an deontas a híoctar leis na scoileanna saothair. Ceadaíodh (a) an ráta deontais ar mhalraigh fé bhun 6 mblian a árdú ó 5/- sa tseachtain go dtí an gnáth-ráta, 7/6 in aghaidh na seachtaine agus (b) ceadaíodh deontas caipitíochta a íoc ar iomlán na malrach a bhíos sa scoil ach gan a dhul thar an líon atá ceaptha don scoil. Go dtí seo ní híoctai deontas caipitíochta ach ar uimhir áithrid (ar a dtugtaí an uimhir chláraithe) i ngach scoil. Dfhág sin go raidh malraigh de bhreis ar an uimhir sin ina lán de na scoileanna nach n-íoctaí aon deontas caipitíochta ón Stát orthu. I ngeall ar an árdu atá tagtha ar an gcostas cothuithe ins na scoileanna a ceadaíodh an t-árdú réamhráite.

Meastar go gcosnóidh an t-árdú sin breis agus £11,000 má áirítear bliain iomlán. Tá £1,000 sa mbreis curtha ar fáil le n-íoc as costais taistil malrach a gceadaíonn bainisteoirí na scol dóibh a dhul abhaile ar saoire. Is cuimhneach libh gur gheall mé go ndéanfainn scrúdú ar chás ar bith a cuirri os mo chomhair maidir le cúrsaí sin na laethe saoire. Ach ar eagla go mbeadh aon mhí-thuigsin ann maidir leis an scéal, ba mhaith liom a mhíniú nach bhfuil sé ar intinn go n-íocfadh an tsuim atá dhá chur ar fáil costais táistil go hiomlán na malrach a ligtear abhaile ar saoire. Ioctar an gnáth-dheontas caipitíochta leis na bainisteoirí ar son na tréimhse a mbíonn na malraigh ar saoire, agus iarrtar orthu an deontas a íocas an Stát i gcóir na tréimhse sin a íoc ar chostais taistil na malrach a théigheas ar saoire. An uair is mó na costais taistil ná suim an deontais tá sé ar intinn an difríocht a íoc leis na bainisteoirí agus is chuige sin an £1,000 seo atá á chur ar fáil anois.

Seirbhís nua ar fad é seo, agus ar an ábhar sin is deacair an costas a bhainfeas leis a mheas go cruinn. Sé is dóichí go dtiocfaidh méadú ar an uimhir malrach a ligfear abhaile ar saoire agus, thárla go bhfuil árdú maith tagtha ar chostais taistil, meastar gur chóir £1,000 a chur ar fáil i gcóir na hócáide.

Fo-Mhírcheann D—Costaisí Iompair. —I ngeall ar an gcaoi a bhfuil an seéal maidir leis na traenacha, beidh ar na Gárdaí Síochána malairt córach taistil a sholáthar leis na malraigh a thabhairt go dtí na scoltacha thar éis don chúirt ordú a gcur ann, nó iad d'aistriú ó na scoileanna saothair sóisir go dtí na scoltacha saothair sinnsir do bhuachaillí. I ngeall ar na deacrachta taistil freisin beidh ar an lucht tionlacain a dhul fá bhreis costais cothuithe. Meastar go mbeidh £500 eile de bhreis ar an gcéadmheastachán ag teastáil i gcóir na gcostas breise sin.

Fo-Mhícheann F—Deontaisí i gcabhair. Meastar go mbeidh tuairim agus £310 le fáil i mbliana fén bhfo-mhírcheann seo, agus beidh árdú do réir na suime sin ar na deontais i gcabhair. Roimhe seo híoctai leis na bainisteoirí, do réir fhórálacha Mhire 75 (7) d'Acht na Leanbhaí, 1908, an tsuim a fáightí ó thuismitheoirí ar mhalraigh nach n-íocadh an Stát aon deontas caipitíoctha orthu. De bharr an tsocruithe sin a rinneadh mar atá luaite fá fho-mhírcheann B is idir an Stát agus na húdaráis Áitiúla a roinnfear íocaíochta sin na dtuismitheoirí do réir forálacha Mhire 22 (d) d'Acht na Leanbhaí, 1941.

Ba chóir dom a lua go bhfuil earráid bheag sa gcóip chló-bhuailte den mheastachán sin a cuireadh thart. Níor chóir go mbeadh na focla "Scoltacha Saothair" tugtha síos i gcuid III de fho-mhírcheann D. Is ar an Vóta i gcóir na nGárdaí Síchána a thuiteas costas iompair na malrach thar éis don chúirt a ordú a gcur chun na scol sin.

There is just one question that I want to ask the Minister. He promised me that tickets would be issued for those industrial school boys when coming home on holidays. I would like to know if that will be done.

An arrangement is being made with the managers of the schools to enable them to allow children to come home. This is a new service. It is experimental for the present year. I think that what I have said will meet the position satisfactorily.

The children are to get leave to come home under this experimental scheme which is being initiated by the Minister. The point that I want to put to him is this: That you have very poor parents in Dublin, some of them on poor law relief, and if they are to be asked to send 30/- to the industrial school for the purchase of the railway tickets to enable the children to travel home, they will not be able to find it. The Minister promised me that he would see that tickets were given. I would like to know if that will be so.

The school managers will make the necessary arrangements. I am leaving the matter in their hands. A circular was sent to them on the 17th instant, setting out what we expected them to do to carry out this arrangement.

Thank you.

Deputy Byrne must be aware that a scheme of this kind is already in operation in the case of the Upton Industrial School, the manager of which makes the arrangements.

I do not want to enter into a debate on this, but, arising out of what the Deputy has said, I want to say that only a week ago a mother, who has two children in the industrial school in the Deputy's constituency, told me that she had been asked to send on 30/- to purchase tickets for the children to come home. If she does not provide the 30/- out of the sum she receives in poor law relief, she cannot see her children. I am satisfied with what the Minister has said.

Vote put and agreed to.
Top
Share