Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 26 Apr 1945

Vol. 96 No. 24

Private Deputies' Business. - Vote 45—Office of the Minister for Education.

Tairigim:—

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £152,652 chun slánuithe na suime is gá chun sláoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Oideachais.

That a sum not exceeding £152,652 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1946, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.

An t-airgead atá á iarraidh in ocht Bhótaí na Seirbhísí a riartar ag mo Roinn-se, is é is suim iomlán dó £5,631,262. Sa mbliain atá caite bhí £5,412,951 de shuim iomláin ann (agus trí Meastacháin Bhreise san áireamh sin).

Is ionann é sin agus £218,311, nó 4 fán gcéad de mhéadú i mbliana. Is iad seo leanas na prímh-dhifríochtaí:—

Bhóta 45—Oifig an Aire Oideachais. —Tá £22,340 de mhéadú ghlan sa gcás seo, agus tá tuairim's £18,000 den mhéadú sin ann mar gheall ar an socrú do rinneadh maidir le Bónas an Chostais Mhaireachtála agus maidir le méadú ráta an Bhónais Eigeandála .i. Bónas an Chostais Mhaireachtála d'íoc, ón lú Eanar, 1945, le gach oifigeach do réir 110 bpointe in ionad 85 pointe, agus scilling sa tseachtain de bhreis sa Bhónas Éigeandála d'íoc leis na h-oifigigh a bhfuil Bónas Éigeandála iníoctha leo.

De thoradh cruadhóg oibre b'éigean líonadh a dhéanamh ar roinnt fholún-tas a bhí gan líonadh mar gheall ar an éigeandáil agus, ina theannta sin, b'éigean a thuilleadh oifigeach d'fhostú mar gheall ar an socrú nua faoi n-a n-íoctar tuarastail mhúinteoirí na mBun-Scol faoi dhó sa mhí. Dá thoradh sin go léir, is riachtanach soláthar d'fhoirinn ar a bhfuil 506 daoine (agus 122 Cigire agus Thim-thire san áireamh) rud is ionann agus 13 de bhreis a bheith ar an bhfoirinn. Tá 19 n-oifigigh ar iasacht ag Ranna eile.

Bhóta 46—Bun-Oideachas.—Sa gcás seo táthar ag iarraidh £4,156,733 de iomlán ghlan, rud is ionann agus £93,694 níos mó ná iomlán na bliana seo caite.

Tar éis iarratais áirithe d'fháil ó Chumann na Múinteóirí socraíodh go ndéanfaí ón lú Abrán, 1945, dhá thráth-chuid in ionad aon tráth-chuid amháin sa mhí de thuarastal aon Mhúinteora Náisiúnta d'iarrfadh a thuarastal d'fháil sa gcaoi sin. Tá an íocaíocht sin an dá thráth-chuid iarrtha ag níos mó ná leath na múinteorí agus, dá bharr sin, tá £62,000 d'ítem neamh-fhillteach i bhFó-Mhír C (1). Is í sin an íocaíocht a déanfar i lár Mhí an Mhárta, 1946, ach nach ndéanfaí faoi'n sean mhodh go dtí Mí Abráin san aith-bhliain airgeadais.

Fá láthair tá £320,600 sa bhliain de Bhónas Eigeandála le híoc, rud is ionann agus £28,600 de mhéadú mar gheall ar an scilling sa tseachtain de bhreis agus toisc gur cuireadh críoch leis an "síleáil" do bhíodh os cionn £500.

Méadófar líon na ndaltaí sna Col-áistí Ullmhúcháin ó 432 go dtí 461, agus tá £3,286 sa bhreis ag teastáil dá thoradh sin. Na rialacha a cuireadh i bhfeidhm sna blianta seo chuaidh thart, tá siad ag teacht in éifeacht do réir a chéile agus, ar an abhar sin, beifear i ndon Coláiste Oiliúna Dhrom Connrach d'ath-oscailt i Meán Fómhair seo chughainn—i gceann aon bhliana amháin ó dúnadh é—agus beifear i ndon bliain sa bhreis de sheirbhís a cheadú do bhan-mhúinteoirí. Ó bhliain a 1938 bhí sé de ghnáth-riail ann go gcaithfeadh mná éirí as an múinteoireacht nuair a bheidís 60 bliain d'aois, nó nuair a bheadh 35 bliana de sheirbhís inphinsin curtha isteach acu-cibé dáta díobh sin ba mhoille. Anois, i gcás múinteoirí éifeachtach, féatar a gcoimeád sa tseirbhís go mbí siad 61 bliain d'aois nó go mbí 36 bliana de sheirbhís inphinsin curtha isteach acu. Déanfaidh an socrú sin tuairim's £8,700 sa bhliain de mhéadú ar an airgead a bheas ag teastáil le haghaidh tuarastail múinteoirí, ach coiscfidh sé, i mbliana, an gnáth-mhéadú i gcostas pinsean, óir beidh cuid mhaith níos lú de mhná ag éirí as an múinteoireacht sa bhliain airgeadais seo. Mar sin de, tá £300 níos lú ag teastail ná mar bhí anuraidh le haghaidh pinsean.

Ionnas go ndéanfaí laghdú éigin ar dhroch-iarsmaí na h-éigeandála i gcúrsaí freastal scoile, cinneadh ar riail speisialta maidir leis an bhfigiúir is riachtanach a bheith ann chun múinteoir a choimeád ina phosta nó chun duine a cheapadh in ionad múinteora a bheadh ag imeacht. In aon chás ina bhfuil an éigeandáil ina abhar díreach le meán-fhreastal ráithe ar bith a bheith fán bhfigiúir a bhíodh riachtanach, áireofar meán-fhreastal na ráithe ar an bhforas go raibh i láthair oiread fán gcéad de na daltaí agus bhíi láthair ins an ráithe chéanna den bhliain ar dheireadh di an 30ú Meitheamh, 1939. Cosnóidh an deonadh sin tuairim's £5,000 so bhliain, ach cuirfidh sé in áirithe nach bhfagfar scoileanna gan na foirne a bheadh acu le ceart dá mbeadh an éigeandáil gan cur isteach ar mheán-fhreastal na ndaltaí.

Cuirfear i bhfeidhm ath-shocruithe atá déanta i dtaobh Coláistí Samhraidh le haghaidh Gaeilge a theagasc agus, dá thoradh sin, mhéadaigh an soláthar i gcóir deontas do na Coláistí seo ó £600 go dtí £3,600.

Bhóta 47 — Meán-Oideachas. —Tá £35,460 de mhéadú ar an Bhóta seo.

I gcóir an deontais cheann-tsraithe (Fó-Mhír A (1)) a theastaíos an mhór-chuid de sin (£22,075). An soláthar chun críoch a chur leis an 10% de "ghearradh" atá á chur i bhfeidhm ar an deontas ceann-tsraithe ó bhí 1931 ann, is é is príomh-abhar don mhéadú fán bFo-Mhir seo. Ní cuirfear an "ghearradh" sin i bhfeidhm feasta ach amháin ar an mbreis ós cionn £500 a gheobhas scoil mar dheontas. Meastar go gcosnóidh an t-athrú sin tuairim's £15,000. Maidir leis an gcuid eile den mhéadú faoi'n bFó-mhír seo, thárla ann go príomhach é toisc an gnáth-mhéadú bliantúil (tuairim's 1,000 i líon daltaí na Meán-Scol.

An méadú ar an tsuim le haghaidh Deontais Saotharlann (£5,075), bain-eann sé go mór-mhór le hath-chóirú an 33?% de. "ghearradh" a rinneadh ar na deontais seo i mbliain a 1940/41; ní bheidh ach 10% de "ghearradh" ann sa chás seo feasta. Sa bhliain chéanna sin (1940/41), do rinneadh "gearradh" ar na deontais speisialta a tugtar do Scoileanna Gaeilge agus do Scoileanna Dhá-Theangacha mar gheall ar theagasc trí Ghaeilge. Tá soláthar déanta chun an "gearradh" sin, freisin, d'ath-chóiriú, agus is mar gheall air sin go príomhach atá an méadú ann faoi Fhó-mhír A (3).

An £4,000 de mhéadú sa solathar le haghaidh Tuarastail Phágh-bhreise, tá trí nithe ina gcúis leis: (1) an scilling sa tseachtain de mhéadú i ráta an Bhónais Éigeandála, (2) an Bónas sin a bheith anois gan "síleáil" agus é iníoctha le gach múinteoir atá ar Thuarastal Phágh-bhreise agus (3) an gnáth-mhéadú bliantúil i líon na múin-teoirí a n-íoctar Tuarastal Págh-bhreise leo. Bhí 1,696 múinteoirí den tsórt sin ann i mbliain a 1944/45 agus meastar go mbeidh 1,750 ann i mbliain a 1945/46, rud is ionann agus 54 de mhéadú. An soláthar atá á dhéanamh faoi'n bhFó-mhír seo, tá sé níos lú ná mar bhí sé anuraidh, óir rinneadh soláthar i Bhóta 1944/45 le haghaidh tuarastail mhíosa ins an mbreis mar gheall ar an athrú ó íocaíocht ráithiúil go híocaíocht mhíosúil de Thuarastal Phágh-breise.

Bhóta 48—Gairm-Oideachas.—Teas-taíonn £414,725 de shuim ghlan agus tá £51,728 de mhéadú ins an tsuim sin.

An tsuim iomlán atá le soláthar le haghaidh deontas do na Coistí, tá sí £46,900 níos mó ná figiúir na bliana seo caite, agus thárla £11,722 den mhéadú sin ann toisc an bun-deontas a bheith curtha in oiriúint do 110 mar fhigiúir costais mhaireachtála. Teastóidh £41,580 níos mó ná mar a theastaigh anuraidh le haghaidh na Stáit-Deontas breise a théigheas do réir an méid a soláthráitear os cionn an minimum go háitiúil. Tá £340 (ó £7,960 go £8,300) de mhéadú ar an deontas do Choiste Chathrach Bhaile Átha Cliath den Chomhairle le Leas Óige. Táthar ag déanamh socruithe faoi n-a bhféadfar deontais bhreise d'íoc le Coistí chun gairm-oideachas a chur ar fáil i Scoileanna Ceartúcháin agus i Scoileanna Saothair, agus tá £700 á sholáthar lena aghaidh sin sa Mheasta-chán seo.

Do réir an athruithe ar chúrsaí airgeadais atá leagtha amach in Alt 5 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), cuirfear deireadh leis na deontais bhreise a híoctaí go dtí seo le Coistí i gcóir cúrsa éigeantach de oideachas leanúnach agus sábhálfar £7,440 dá bhárr sin i mbliana.

Na deontais a híoctar le húdaráis áitiúla i gcóir pinsin na noifigeach Gairm-Oideachais atá éirithe as obair, beidh siadsan, freisin, méadaithe toisc figiúir an chostais mhaireachtála a bheith árdaithe ó 85 go dtí 110.

Beidh £3,500 de mhéadú ar an gcaiteachas a bhaineas le tréineáil mhúinteoirí Gairm-Oideachais, agus is é is príomhchúis leis sin buíon bhreise de mhúinteoiri in obair adhmaid agus i bhfoirgníocht a bheith á dtréineáil.

Bhóta 49—Eolaíocht agus Ealaí.— Táthar ag iarraidh £67,055 don Bhóta seo, agus tá sé sin £12,229 níos mó ná mar hiarradh i mbliain a 1944/45. Tá tuairim's £3,500 den méid sin ag teastáil toisc an bónas costais mhaireachtála do na foirne a bheith athraithe ó 85 go dtí 110 agus toisc an scilling sa tseachtain de bhreis a cuireadh leis an mBónas Éigeandála. An soláthar do chostas Foillseachán i nGaeilge (Fó-mhír B. 1), tá sé méadaithe ó £10,605 go dtí £13,000. Rinneadh an £2,395 de mhéadú toisc obair an Ghúim a bheith ag dul i méid; ó bhí an bhliain seo thart ann thosaigh an Gúm ar Théacs-Leabhra Iolscoile agus ar startha áitiúla i nGaeilge d'ullmhú le haghaidh a bhfoillsithe. Faoi Fhó-mhír B. 7. bhéarfar £5,000 de dheontas-i-gcabhair do Chomhdháil Náisiúnta no Gaeilge, rud is ionann agus £2,250 níos mó ná an £2,000 de dheontas móide an £750 de dheontas breise a fuair an Chomhdháil anuraidh. Táthar á thabhairt sin don Chomhdháil do chúnamh leo dul ar aghaidh leis an scéim timthir-eachta ar thagair mé di nuair a thug mé isteach an Meastachán Breise i Mí Feabhra seo chuaidh thart.

Ina theannta sin, thug an Meastachán céanna isteach an tseirbhís nua a bhaineas le scrúdú agus le cóip-fhoillsiú na Stair-Scríbhinn Éireannach atá i gCnuasachta Iasachta, seirbhís a bhfuil £2,000 de dheontas-i-gcabhair á sholáthar di i mbliana lena cur chun cinn. (Fó-mhír A 7.)

Soláthar nua eile faoi Bhóta 49 is ea an £2,000 de dheontas-i-gcabhair don Institiúid Náisiúnta Scannán le haghaidh an chaiteachais a bhainfeas le Leabharlann a chur ar fáil do scannáin oiriúnacha oideasúla a mbeidh cuid acu i nGaeilge. (Fó-mhír B 9.) I bFhó-mhír B 10 tá £10 de sholáthar ainmniúil á dhéanamh i gcóir scannán a chuirfidh an Institiúid ar fáil ar son na Ranna Rialtais. I bhFó-mhír B 11 tá £1,000 de sholáthar nua eile á dhéanamh i gcóir deontas do Choláistí Gaeilge maidir le ranga Gaeilge do dhaoine nach múinteoirí iad.

Bhóta 50—Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair.—Teastaíonn níos mó ná £2,000 de bhreis-suim iomlán ón Bhóta seo, ach ó thárla go bhfuiltear ag súil le £1,700 de mhéadú a bheith ar na Leithreasaí-i-gCabhair a thagas ó shíntiúis tuismitheoirí, is £440 an bhreis-suim ghlan a bheas ann. Is riachtanach soláthar a dhéanamh do líon mhéadaithe daltaí sna Scoileanna Ceartúcháin agus sna Scoileanna Saothair freisin, óir tá líon na ndaltaí a cuirtear chun na scol sin ag méadú leis. Tá £550 de laghdú ar an soláthar le haghaidh Costas Iompair (Fó-mhír D), óir ní raibh riachtanas leis an tsuim iomlán a soláthraíodh i mbliain a 1944/45.

Bhóta 51—An Gailerí Náisiúnta.—An figiúir árdaithe ar a n-áiritear Bónas an Chostais Mhaireachtála agus an scilling sa tseachtain de bhreis i ráta an Bhónas Éigeandála, is iad is cúis leis an £320 de mhéadú atá ar an soláthar don Institiúid seo.

Bhóta 28 — Institiúid Árd-Léinn Bhaile Átha Cliath.—Táthar ag iarraidh £20,390 de shuim iomlán don Bhóta seo, agus tá sí sin £2,100 níos mó ná soláthar na bliana seo caite, Méadú foirne in dhá Chomhscoil na hInstitiúide, agus soláthar breise le haghaidh foillseachán, is iad is cúis leis an tsuim a bheith níos mó.

Bun-Oideachas. — Bhí 454,647 de mheán-uimhir daltaí ar rollaí na mBun-Scol ins an scoil-bhliain 1943/44, agus orthu sin bhí 2,184 páiste a tháinig chun na tíre seo ar tearmann. Tá an uimhir sin 5,000 níos lú ná an uimhir a bhí ar na rollaí sa scoil-bhliain 1942/43.

Maidir leis an meán-fhreastal i mbliain a 1943/44, bhí sé rud beag níos lú ná mar bhí i mbliain 1942/43— 82.1 fán gcéad in ionad 82.8 fán gcéad. Na daltaí a mbaineann an tAcht Freastail Scoile leo (.i. daltaí idir 6 bliana agus 14 bliana d'aois), rinne siad-san 83.7 fán gcéad de mheán-fhreastal i mbliain a 1942/43, ach ní dhearna siad ach 83.1 fán gcéad i mbliain a 1943/44. Tá an éigeandáil ina cúis mhóir leis an laghdú sin an mheán-fhreastail.

Meán-fhreastal na ndaltaí idir 6 bliana agus 14 bliana d'aois, bhí sé ní b'aoirde i gContae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath agus i gContae-Bhuirg Chorcaighe ná mar bhí sé in aon límistéar eile. Bhí 86.2 fán gcéad de mheán-fhreastal i gCathair Bhaile Átha Cliath agus 86.1 fán gcéad i gCathair Chorcaighe, ach tá coistí scoil-fhreastail sa dá chondae-bhuirg sin agus is dócha gurb í a n-obair-sean is cúis leis an difríocht.

I gContae Chorcaighe bhí 84.9 fán gcéad; i gContae na hIar-Mhidhe bhí 84.5 fán gcéad agus i gContae Cheath-arlach bhí 84.3 fán gcéad de mheán-fhreastal ag páistí den aois-teorainn chéanna úd. Ach bhí an meán-fhreastal faoi 82 fán gcéad i gContae an Chabháin, i dTír Chonaill, i Muine-achán, i gCathair Luimnigh, i gCill Dara, i Longphort, sa Mhidhe, i gCill Mhanntáin, i Liathdruim, i Ros Comáin agus i Sligeach. Den méid páiste idir 6 bliana agus 14 bliana d'aois, bhí ó 18 fán gcéad go dtí 21 fán gcéad as láthair ó scoil sna háiteanna sin gach lá.

Tá méadú áirithe tagtha ar an líon scol in ar thuit an meán-fhreastal níos ísle ná 35. Bhí 951 den tsórt sin scol ann i mbliain a 1932, ach bhí 1,437 ann i mbliain a 1944. I dtosach na tréimhse sin bhí 24 scoileanna ina raibh an meán-fhreastal faoi 10, ach ina deireadh bhí 100 scoil den tsórt chéanna; ina tosach bhí 339 scoileanna ina raibh an meán-fhreastal idir 10 agus 19, ach ina deireadh bhí 494 scoileanna den tsórt chéanna; ina tosach bhí 286 scoileanna ina raibh an meán-fhreastal idir 20 agus 29, ach ina deireadh bhí 493; ina tosach bhí 302 scoil ina raibh an meán-fhreastal idir 30 agus 39, ach ina deireadh bhí 350. Tuairim's 50 de na 350 scoileanna sin a bhfuil a meán-fhreastal idir 30 agus 39, níl ach aon mhúinteoir amháin ins gach ceann acu. Furmhór mór na scol ina bhfuil an meán-fhreastal faoi 30, níl iontu ach aon mhúinteoir amháin. Ins an tréimhse chéanna úd, 1932-1944, rinneadh aon scoil amháin de dhá scoil ina lán áiteanna agus cuireadh deireadh le 339 scoileanna faoi leith sa gcaoi sin. Is léir on méid sin gur fadhb inti féin an scoil "bheag".

Sna háiteanna in ar bh'fhéidir a dhéanamh fuarathas buaidh ar an bhfaidhb sin trí éintíos, ach aith-nimíd ar na figiúirí go bhfuil roinnt mhaith scol ann a bhfuil acmhainn teagaisc agus riaracháin á chur amú leo, agus is dócha go bhfuil scoileanna eile gan a ndíol ceart d'acmhainn teagaisc a bheith iontu. Déarfar, b'fhéidir, go mba chóir na scoileanna atá ar fhíor-bheagán daltaí a dhúnadh agus na daltaí a chur chuig scoileanna atá san aon-cheanntar leo. Ach bheadh deac-rachtaí móra ag baint leis an obair sin —deacrachtaí agus costas iompair, deacrachtaí maidir le foirne teagaise, 7rl. Ina theannta sin ba chruadháil é ar lucht ceanntair ar bith, dar liom, gan scoil a bheith ina mease féin agus gan na páistí a bheith ar scoil i bhfogas dá muinntir agus dá mbaile dúchais. Ach tuigeann an Roinn Oideachais go bhfuil an fhadhb sin ann agus go bhfuil sí ag leathnú, agus táthar ag féacháil le teacht ar an gcaoi is fearr lena réiteach.

Is maith liom bheith i ndon a rá go bhfuil laghdú ag teacht do réir a chéile ar an easbaidh oibre i mease múinteoirí tréineáilte. Ní méadú ar phostaí do mhúinteoirí óga is cionn-tsiocair leis sir, afach, ach an cosc atá ar líon-mhaireacht na n-abhar múinteoírí le tamall de bhlianta. Gí nach bhfuil an easbaidh oibre d'fhear - mhúinteoirí chomh mór agus bhí, ní bheidh deireadh léi go ceann tréimhse eile agus, idir an dá linn, táimíd ag coimeád ann na postaí sealadacha a cuireadh ar fagháil seal blianta ó shoin leis an ngéar-chás a mhaolú. Maidir leis na ban-mhúinteoirí, tá an scéal i bhfad níos sásúla ná mar bhí sé agus ní fada go mbí deireadh leis an easbaidh oibre bhaineas leo-san.

Ó thárla feabhas ar an gcás i gcoitinne, bhí ar mo chumas maolú a dhéanamh ar an riail a rinneadh i mbliain a 1938 maidir leis an aois ina gcaithfeadh ban-mhúinteoirí stad de theagasc. Seasca bliain an aois stata atá ann do bhan-mhúinteoirí, ach go dtí 1938 leigtí dóibh leanúint den teagasc go mbídís 65, ar choinníoll iad a bheith éifeachtach. Ach, toise líon na ndaltaí scoile a bheith ag laghdú go mór, d'éirigh postaí do mhúinteoirí óga chomh gann sin gur bh'éigean rialacha speisialta a dhéanamh chun an scéal a leigheas. Mar sin de, socraíodh i mbliain a 1938 nach leigfí do bhan-mhúinteoirí leanúint do theagasc nuair a bheidis ós cionn 60. On lú Deireadh Fómhair, 1938, mar sin, cuirtí ban-mhuinteoirí ar pinsean nuair a bhídís 60 bliain d'aois nó nuair a bhíodh 35 bliana de sheirbhís críochnaithe acu—cibe dáta ba mhoille. Tuigeadh, áfach, go bhféadfadh an riail nua a bheith ina chúis le roinnt áirithe cruadhála agus ceadaíodh gan a cur i bhfeidhm go ponncúil i gcás ar bith a mbainfeadh cruadháil speisialta leis. Táthar tar éis maolú a dhéanamh anois ar an riail úd 1938 agus, dá réir sin, féadfar bliain sa mbreis de sheirbhís a cheadú do bhan-mhúinteoirí atá éifeachtach-rud is ionann agus go bhféadfar a gcoimeád sa tseirbhís go mbí siad 61 bhliain d'aois nó go gcríochnaí siad 36 bliana de sheirbhís, cibe dáta is moille. Tá an maolú sin i bhfeidhm ón 31ú lá de Mhárta seo caite. Ní féidir a thuilleadh a dhéanamh fá láthair, óir laghdófaí go ró-mhór líon na bpostaí do mhúinteoirí óga dá gceadaítí maolú ba mhó ná sin. Breathnófar an scéal ó am go ham, áfach, agus ceadófar a thuilleadh spáis, más féidir é; ach caithfear a thuigsint nach foláir uimhir réasúnta folúntas a choimeád ar fáil do dhaoine óga bheas ag teacht isteach sa tseirbhís.

Comhartha eile are an bhfeabhsú maidir le hobair do mhúinteoirí is ea an méid atá le rá agam i dtaobh an Choláiste Oiliúna d'fhear-mhúinteoirí Catoiliceacha-Coláiste Naomh Pádraig i nDrom Connrach. Mar gheall ar an bhfeabhsú sin d'éirigh linn a shocrú go ndéanfaí an Coláiste d'ath-oscailt i Meán Fómhair seo chugainn. Idir an méid fear-mhúinteoirí a bhí gan obair agus an méid mac léinn a bhí sna Coláistí Ullmhúcháin, measadh, sé bliana ó shoin, go mbeadh oiread múinteoirí againn agus bheadh ag teastáil uainn go dtí deireadh scoil-bhliana a 1947/48. De ghnáth, bíonn mic léinn ar feadh sé mblian atg foghluim le bheith ina múinteoirí— ceithre bliana sna Coláistí Ullmhúcháin agus dhá bhliain sa Choláistí Oiliúna. Níor glacadh mic léinn ar bith isteach i gColáistí Ullmhúcháin na mbuach-aillí i 1939, i 1940 ná i 1941. Ach tos-naíodh arís ar a leigean isteach i 1942, sa gcaoi a bhféadfaí buíon nua d'fhear-mhúinteoirí a ghlacadh isteach sa tseirbhís i Mí Iúil, 1948. Mar sin de, ní raibh mic léinn ar bith le teacht ó na Coláistí Ullmhúcháin chun an Choláiste Oiliúna i 1943 ná i 1944, agus i Mí Meitheamh seo chuaidh thart, nuair a bhí deireadh le cúrsa tréineála na mac léinn a thosnaigh i 1938, ní raibh a thuilleadh mac léinn ann le teacht isteach sa Choláiste Oiliúna.

Tar éis an scéal a serúdú le goirid, measadh gur chruinn, tríd as tríd, an t-áireamh a rinneamar sé bliana ó shoin, ach go raibh oiread d'fhéabhsú ar an gcás agus go bhféadfaimís uimhir bheag mhac léinn a ghlacadh isteach sa Choláiste Oiliúna i mbliana. Naomh Pádraig d'ath-oscailt i Meán Fómhair seo chugainn agus is iad a bheas ann, uimhir theoranta mhac léinn a tháinig trí chomórtas oscailte agus uimhir bheag eile ar bhfhéidir a gcúrsa sna Coláistí Ullmhúcháin a laghdú ó cheithre bliana go dtí trí bliana.

Mar aduairt mé anuraidh, coimeádadh an Coláiste Oiliúna agus an fhoireann fá réir don am a dtosnófaí arís ag tréineáil múinteoirí. Ar feadh na tréimhse a raibh an Coláiste dúnta bhí na hollamhain i gcionn oibre a bhfuil dlú-bhaint aici lena saothar sa Choláiste féin—ag ullmhú nótaí agus scéim teagaisc agus ag tabhairt cuairt ar bhun-scoileanna sa gcaoi a bhfuighdís cruinn-eolas ar gach a mbaineann le hobair na scol sin.

Na rialacha ath-chóirithe do Scrúdú chán Teistiméireacht na mBun-Scol, tá siad i bhfeidhm le dhá bhliain. Go dtí 1943 ní raibh an scrúdú ach roghnach; ach, do réir na Rialach ath-chóirithe a tugadh isteach an bhlian sin, chaith-feadh gach dalta dá raibh ar rolla an tSeiseadh Rang dul faoi scrúdú i 1943; i mbliain a 1944 agus ó sin amach bheadh an scrúdú éigeantach ar gach dalta dá mbeadh sa tSeiseadh Rang, nó i rang a b'aoirde ná an Seiseadh Rang, agus nach ndeachaidh faoi scrúdú cheana féin.

I 1943 chuaidh 44,272 dalta faoi scrúdú agus fuair 31,535 (tuairim's 71 fán gcéad) pas. I 1944 chuaidh 32,544 faoi scrúdú agus fuair 23,298 (tuairim's 71 fán gcéad freisin) pas. Mar is léir ó na figiúirí chuaidh roinnt mhaith níos lú faoi scrúdú i 1944 ná mar chuaidh i 1943. Iarrthóirí ó na hárd-ranga an chúis ba mhó bhí leis an mór-uimhir i 1943. Is fíor go raibh an scrúdú éigeantach ar dhaltaí an tSeiseadh Ranga an bhliain sin, ach bhí sé oscailte, freisin, do dhaltaí gan teis-timéireachtaí a bhí i ranga b'aoirde ná sin agus chuaidh 13,500 dalta ón Seachtú agus ón Ochtú Rang isteach air. I 1944 ní raibh baol ar oiread daltaí gan teistiméireachtaí sa Seachtú ná san Ochtú Rang agus ní dheachaidh 4,000 féin ó na ranga sin faoi scrúdú i 1944.

Uimhir na ndaltaí ón Seiseadh Rang féin a chuaidh faoi scrúdú i 1944, bhí sí 2,000 ní ba lú ná uimhir 1943; ach féadfaí a rá go raibh an laghdú sin do réir an lagduithe a bhí tagtha ar líon iomlán na ndaltaí a bhí ar rollaí an tSeiseadh Ranga.

Maidir leis na socruithe a bhi riachtanach chun uimhir chomh mór sin a chur faoi scrúdú, is áthas liom bheith i ndon a rá i mbliana arís gur mhór an gar don Roinn an comh-chunamh a bhí le fáil go háitiúil. Muna mbeadh an comh-chúnamh sin ar fáil, ba rí-dhea-cair na socruithe riachtanacha a dhéanamh, agus is mian liom anois baochas a thabhairt dóibh siúd go léir a chuidigh linn—na bainisteoirí, múin-tir na nOrd Creidimh agus na múin-teorí tuata.

Thrácht mé anuraidh ar bhuntáiste an scrúduithe seo—ar an bhfianaise atá sna teistiméireachtaí go bhfuil caigh-deán áirithe oideachais sroiste ag lucht a ngnóthuithe. Rud socharach is ea an teistiméireacht do dhaltaí ar mian leo dul faoi chúrsa meán-oideachais nó gairm-oideachais; ach, ina theannta sin, táim cinnte go mbeidh tóraíocht i bhfad níos mó uirthi ar ball i measc daltaí a bheas ag iarraidh posta in áiteacha ina mbíthear ag súil le caigh-deán áirithe oideachais a bheith ag an lucht oibre. Is deimhin liom go rach-aidh an tóraíocht i méid do réir mar bheifear á thuigsint go coiteann go bhfuil an scrúdú oscailte do gach dalta shroiseas an Seiseadh Rang. Táim cinnte, freisin, gurb eol dá lán tuismi-theoirí cheana féin cad iad na bun-táistí bhaineas leis an scrúdú seo, agus measaim go dtabharfaidh na tuismi-theoirí i gcoitinne dá n-aire go mbeidh caoi ag a gclainn féacháil leis an teistiméireacht a ghnóthú.

Tá dóchas agam, freisin, go n-aith-neoidh na múinteoirí i gcoitinne cad iad na buntáistí fhéadas a gcuid daltaí fháil ón scrúdú agus go mbeidh lán chúnamh san obair le fáil uathu go léir. Mar aduairt mé cheana, táim i gcomhnaí toilteannach ar dhul chun agallmha le lucht Chumann na Múin-teoirí i dtaobh aon athruithe ar mhodh oibre an scrúdúcháin a d'fhéadfadh bheith ina chúis lena gcomh-chúnamh san i gcoitinne fháil don scéim mar atá sí bunaithe anois.

Le tuairim's deich mbliana anuas tháinig laghdú ar an méid scoláirí a chuaidh go dtí na Coláistí Gaeilge. Éiríonn le cuid mhaith oidí óga an Teas-tas Dá-Theangach a bhaint amach ag an scrúdú deiridh sa gColáiste Oiliúna agus míníonn sin an laghdú ar bheal-ach. Caithfidh sé go bhfuil baint, freisin, ag na deacrachtaí atá ag baint le cúrsaí taistil agus ciondála ó thosaigh an cogadh leis an laghdú sin.

Cuireadh Coiste de chuid na Roinne ar bun féachaint an bhféadfaí feidhm a bhaint as na Coláistí le cuidiúle aith-bheochaint na Gaeilge i measc an ghnáth-phobail agus le cabhrú leis na múinteoirí le toradh níos fearr a fháil maidir le múineadh na ngnáth-abhar scoile tríd an nGaeilge.

Mhol an Coiste nithe áirithe agus tá beartaithe na moltaí sin a chur i bhfeidhm an bhliain seo chugainn. Do réin na moltaí sin, leagfar amach cúrsaí a bheas níos feiliúnaí do oidí a bhfuil eolas éifeachtiúil acu ar an nGaeilge cheana. Bhéarfar níos mó aird ar mhodhanna múinteoireachta agus bhéarfar cuireadh do lucht stiúrtha na gColáistí cúrsaí feiliúnacha a thabhairt sna gnáth-abhair atá ar an gclár. Táthar ag súil, ar an mbealach sin, go gcuirfear cúrsaí oiliúna ar fáil thríd an nGaeilge do na múinteoirí. Tá tosnú déanta ag cuid de na Coláistí cheana féin agus d'éirigh leo múin-teoirí a mhealladh isteach i ranganna, cé nár theastaigh cúrsaí sa nGaeilge féin uathu. Molfar do Choláistí cúrsaí feiliúnacha a chur ar fáil freisin— cúrsaí Gaeilge—do dhaoine eile nach múinteoirí iad.

Naoi bpingne an uair a' chloig an ráta íocaíochta a bheas ann do chúr-saí na múinteoirí ach beidh ar gach aon mhúinteoir bheith 20 uair a' chloig ar a laghad i láthair. Ní híocfar ar níos mó ná 80 uair a' chloig in aon tseisiún amháin. I gcás cúrsaí do dhaoine nach múinteoirí, íocfar do réir 4 pingne an uair a' chloig in aghaidh gach scoláire a chuir ar a laghad 15 uair a' chloig isteach, ach ní híocfar ar níos mó ná 40 uair a chloig in aon tseisiún. Ní híocfar ar an dá chineál scoláire ach in aghaidh aon tseisiúin amháin sa mbliain agus ní híocfar astu thar trí bliana i ngach tréimhse chúig mblian.

Ní thig linn aon tuairim chinnte a thabhairt faoi'n gcostas a bheas ag baint leis an scéim seo ar feadh na céad bhliana, ach tá £5,000 leagtha amach ina cómhair.

Tá breis agus £35,000 d'árdú thar mar a bhí anuraidh ar an Meastachán, i gcomhair an Mheán-oideachais. An méadú a tháinig ar an líon daltaí atá ag freastal ar na Meán-scoileanna agus an feabhas a cuireadh ar na deontais a híoctar leis na scoileanna céanna, sin iad an dá ní is údar le mór-chuid den árdú. Le roinnt bhlian anuas tá na scoileanna sin agus an uimhir daltaí a ghníos freastal orthu ag dul i líon-mhaire. Níor tháinig aon trághadh ar cheachtar den dá ní sin le linn na bliana seo a chuaidh tharainn. I mbliana tá 379 scoil ann agus tá 41,178 dalta ag freastal orthu. Is taith-neamhach an scéal le n-a aithris é gur ar éigin atá aon bhaile mór raithiúil sa gcuid seo den tír atá faoi n-ár stiúrú-na nach bhfuil fáil ar mheán-oideachas ann anois ag muintir an cheanntair ina bhfuil an baile suite.

O am go ham laghdaíodh go mór na deontais a híoctaí leis na meán-scoileanna i dtús aimsire. Sa mbliain 1931-32 laghdaíodh 10 fán gcéad an deontas ceann-tsraithe agus an deontas saotharlainne a bhí iníoctha le gach scoil. Ar theacht an chogaidh laghdaíodh arís do réir 23? fán gcéad an deontas saotharlainne. Ina theannta sin rinneadh roinnt mhaith laghduithe ar na deontais bhreise a bhí iníoctha le scoileanna ina ndéantaí an teagasc trí Ghaeilge nó trí Ghaeilge is Béarla.

Ba mhór an buille ann féin do na scoileanna an laghdú sin ó thaobh airgid. Ach tháinig an crú ar an táirgne i geeart i ngeall ar an gcogadh, ionnas go mb'fhollas nach mbeadh ar chumas a lán acu, go háithrid na scoileanna beaga, leanacht orthu ar na deontais a bhíodar a shaothrú. Le theacht i gcabhair orthu b'eigin na deontais a gheobhaidís ón Stát a árdú. Ar an abhar sin rinneadh athruithe i gcóir na blian-scoile 1944-45 ar na rialacha a bhaineas leis na deontais sin. Siad na hathruithe iad: (1) Nach gcuirfí an 10 fán gcéad d'ísliú a ceapadh sa mbliain 1931-32 i bhfeidhm ar an gcéad £500 den ghnáth-dheontas ceann-tsraithe; (2) nach leanfaí den 23? fán gcéad de laghdú rinneadh ar theacht an chogaidh ar na deontais saotharlainne; (3) i gcás scoileanna de Ghrad A árdófar an deontas speisialta ceann-tsraithe ó 15 fán gcéad go dtí 20 fán gcéad agus i gcás scoileanna de Grád B 1 siad sin na scoileanna ina ndéantar 3/4 cuid nó thairis sin den teas-gasc trí Ghaeilge iontu árdófar an deontas ó 10 fán gcéad do dtí 12½ fán gcéad.

I rith na bliana seo a chuaidh thart rinneadh an teagasc go hiomlán trí Ghaeilge i 100 scoil agus rinneadh cuid den teagasc trí Ghaeilge i 113 scoil, sin 213 scoil idir an dá chineál. Bhí 24,163 dalta ag freastal na scol sin. B'ionann sin agus 60 fán gcéad den líon daltaí a bhí ag freastal na Meán-scol go léir. Thríd is tríd, tá bail mhaith go leor ar cheist na Gaeilge—idir labhairt na teangan agus scríobhadh na teangan— san dá chineál sin scol. Go deimhin is féidir a rá go bhfuil bail an-mhaith uirthi ina bhfurmhór. Ach tá roinnt mhaith de na scoileanna eile a bhfuil an Ghaeilge faon-lag go leor iontu, go háitrid labhairt na Gaeilge. Tá sin le tabhairt faoi deara go mór-mhór sna scoileanna a dtagann furmhór a gcuid daltaí nó mór-chuid acu, chuca ó scoileanna príobháideacha. Ní chaith-eann na scoileanna príobháideacha sin an oiread ama ná an oiread saothair le teagasc na Gaeilge agus a bheithfí ag súil leis. I láthair na huaire tá an Roinn seo agamsa ag scrúdú an scéil sin féachaint cén chaoi an bhféadfaí an scéal a fheabhsú sna meán-scoileanna sin.

Cuireadh cúrsaí Gaeilge Samhraidh mar a bhíodh ann roimhe seo ar fáil anuraidh do oidí meán-scoile. I mBaile Átha Cliath a bhí na cúrsaí sin ar siúl agus chuaidh an oireadh oidí ann ag foghluim agus nach mbeadh áit ann dá thuille. Bhí mé ag smaoi-neadh ar fhairsinge a leigean ar na cúrsaí sin i mbliana agus iad a chur ar bun i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, sin má bhíonn a sáith éilimh orthu.

Is mór a ghoill an cogadh ar na Meán-scoileanna. An ganntan páipéir, an t-árdú a tháinig ar luach leabhar agus ar nithe eile, ganntan solais agus abhair teine, agus na deacrachtaí a bhain lé cúrsaí scoile, níl sa méid sin ach cuid de na nithe a bhí ina chúis buaidhrimh acu i ngeall ar an gcogadh.

Ach tá áthas orm é bheith le rá agam gur maith mar a d'fhéach na Bainis-teoirí agus na hoidí leis an gceann is fearr fhál ar na cúrsaí sin agus leis an dochar mór a bhaint astu chomh fada agus ab'fhéidir é.

Tá rudaí aithrid eann a tháinig treas-na ar an nGairm-oideachas i rith na bliana 1943-44. Obair a bheith le fáil thar mar a bhíodh ag daoine óga, ganntan urdhamhna agus an chaoi a raibh an scéal maidir le cúrsaí taistil, sin nithe a chuir isteach air. Bhí 13,000 dalta ag freastal ar ranganna lae lán-aimsire na scol sin. Cúrsa teagaisc a d'fheilfeadh do dhaoine a bheadh á n-ullmhú féin i gcóir tionnseal nó tráchtála a leagtar amach i gcóir na ndaltaí iontu. I rith an tseisiúin 1943/44 fritheadh obair mar cheár-daithe, mar bhan-táilliúirí, obair i monarchain, obair mar fhreastalaithe agus obair thráchtála do 765 dalta a bhí ag freastal ar scoileanna Gairm-oideachais Chathair Átha Cliath.

Tairgim go dtugtar tuairisc ar a ndearnadh.

Progress reported; Committee to sit again.
The Dáil adjourned at 9 p.m. until 10.30 a.m. on Friday, April 27th.
Top
Share