Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Jul 1945

Vol. 97 No. 17

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil do Thógáil ag Lisin Coille.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil teach nua scoile ag teastáil go géar ag Lisín Coille, Baile Atha an Ríogh; agus an féidir leis a rá an bhfuil de rún ag an Roinn Oideachais ceann a thógáil ann.

Ní raibh mé sásta tar éis an fhiosrúcháin a rinneadh blian ó shoin go raibh teach nua scoile ag teastáil go géar ag Lisín Coille agus socruíodh mar sin gan éinní a dhéanamh 'na thaobh le linn na h-Éigeandála. Féachfaidh mé isteach sa cheist arís anois agus má's léir go bhfuil práinn le sgoil nua do thógáil sa cheanntar, féadfaidh an Roinn an cheist do phlé leis an sagairt paróiste.

Top
Share