Tairgim:—
Go bhfuil sé oiriúnach a údarú go n-íocfaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an costas faoina raghaidh an tAire Oideachais chun aon Acht do riaradh a rithfear sa tSiosón so do dhéanamh rialála ar onnmhuiriú scríbhní agus pictiúirí d'fhonn breacacháin do choimeád orthu san atá inspéise ó thaobh cúrsaí náisiúnta, staire, geinealais nó litríochta.
Ní dóigh liom go mbeidh morán costais ag baint leis an mBille seo. Beidh an scéim faoi stiúriú Stiúrthóra na Leabharainne Naisiúnta agus a chomh-oibritheoirí ansin. Níl a fhios agam cad é an costas a bheas ann ach ní dóigh liom go mbeidh morán i gceist. Tá an obair ar siúl cheana sa Leabharlainn Naisiúnta agus is mó dhéanfaid faoin scéim nua, ach ní féidir liom aon tuairim chruinn do thabhairt ar an méid airgid a chosnós sé.