Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Oct 1946

Vol. 103 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuairisceoiri an Oireachtais.

D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais an feasach dó go raibh fógra ar na páipéir ar an mallaibh ag lorg iarratas ar phostanna mar thuairisceoir i dTithe an Oireachtais agus ná raibh éinní sa bhfógra sin i dtaobh an Ghaeilge a bheith mar cheann de na cáilíochta riachtanacha; agus, ó tharla gurb í an Ghaeilge teanga náisiúnta na tíre, an ndéarfaidh sé cad chuige nach bhfuil sí riachtanach ag tuairisceoirí i dTithe an Oireachtais.

Proinnsias Mac Aodhagáin

Is eol dom gur foillsíodh an fógra a luaitear. Sócruíodh gurbh fhearr, i gcás na bpost dá ndéantar tagairt, gan a leagadh síos mar cháilíocht riachtanach ach an t-eolas teicniúil nó gairmiúil is gá don phost. Do réir an ghnáth-chleachta, áfach, tá tosaíochta éagsúla tugtha, 'sna Rialacháin don chomórtas, i leith eolais ar an nGaeilge. Tabharfar tosaíocht iomlán d'iarrthóir cháilithe atá i ndon obair thuairisceoireachta a dhéanamh i nGaeilge, agus marcanna breise d'iarrthóir cháilithe ag a bhfuil Gaeilge euíosach mhaith. Mar sin, cé nach bhfuil an Ghaeilge leagaithe cíos mar cháilíocht ríachtanach, is léir gur mór ar fad an buntáiste d'iarrthóiri cháilithe an Ghaeilge a bheith acu.

Ní miste a rá chomh maith go bhfuil socrú ndéanta, 'sna Coinníollacha Seirbhíse do na poist, go leigfear d'iarrthóir a n-eireoidh leis, agus atá i ndon tuairisciú i nGaeilge, dul isteach ar an scála tuarastail iomchuibhe ag pointe nách aoirde ná cúig breisithe os cionn an íosphointe, so sin, ardú £50 móide bónas d'fhear agus £37 10s. Od. móide bónas do mhnaoi.

Top
Share