Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Jan 1947

Vol. 104 No. 3

Committee on Finance. - Vóta 50—Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair.

Tairgim:

Go ndeonfar suim breise ná raghaidh thar £13,180 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1947, chun Costas i dtaobh Scol Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear áiteanna Coinneála (8 Edw. 7, c. 67; Uimh. 17 de 1926; Uimh. 12 de 1941; etc.).

Fé mar a mhínías im ráiteas agus mé ag tabhairt isteach meastacháin mo Roinne don bhliain airgeadais atá ann fé láthair (22ú Bealtaine, 1946, Col. 555), ghnítear soláthar anois i gcóir deontas chun a chur i gcumas bamisteoirí Scoileanna Saothair gnáthdheisiúchán agus gnáth-fheabhsu ar a gcuid foirgnimh scol a chur i ngníomh. Ach do thárla dhá chás éagoiteanta nach mbeadh na gnáth-dheontais sáthach mór dóibh, agus is mar gheall orthu san atá sé de riachtanas orm an Meastachán seo a'iarraidh.

Is é atá sa chéad chás díobh sin ná ath-thógaint Scol Saothair Naomh Iósef do Chailíní i gCo. Chabháin. Fé mar is eol do chách, bhí sé de mhí-ádh ar an tsean-scoil gur dódh go talamh í, i mbliain a 1943. An coimhthionól ban rialta a bhfuil an Scoil Saothair faoi n-a gcúram, do chinneadar go dtosnófaí láithreach ar fhoirgneamh nua scoile a dhéanamh i ngar d'áit na seanscoile, agus do bhí ceadú le n-a aghaidh sin acu ón Dochtúir Sár-Urramach Ó Liatháin, Easpog na Cille Móire. Tá an foirgneamh nua déanta anois, agus do thuillfeadh 100 páiste ann do réir na gcaighdeán áiseanna a meastar anois a bheith riachtanach. £42,000 an costas iomlán a bhí leis an bhfoirgneamh nua so, agus is í an tsuim iomlán atá ag na mná riaghalta ina chóir sin ná £27,000 —£13,382 d'árachas ar an tsean-scoil agus £13,674 d'airgead suncáilte atá acu féin go príobháideach. Fágann sé sin go bhfuil £15,000 d'fhiacha le n-íoc. Táim cinnte go mba dheacair, agus gur dócha nárbh fhéidir don Choimhthionól na fiacha troma sin a íoc; agus mar gheall ar an tionóisc mhifhortúnach agus mar gheall ar na árdchostais atá ann fé láthair, táthar ag brath £7,500 de dheontas speisialta a thabhairt—is é sin leath na bhfiach úd atá luaite agam.

Maidir leis an gcás eile ina bhfuil cabhair speisialta airgeadais ag teastáil, is é atá ansin ná Scoil Saothair nua do bhuachaillí a dhéanamh in aice Bhaile Átha Cliath. Scoil Saothair Ard Aidhin agus Scoil Saothair na Cairrige Léithe, an dá scoil atá in aice Bhaile Átha Cliath, táid le roinnt bhlian, róbheag don méid buachaill ba mhian leis na Cúirteanna a chur chucu. Ar an ábhar san, ba riachtanach do na breithimh, ina lán cás, buachaillí a chur chun Scoileanna Saothair a bhí i bhfad ó bhaile (e.g., go Dún na Séad, Co. Chorcaighe agus go Tráigh Lí.). Ní sásúil a leithéid sin de shocrú agus fé mar is eol do chuid de Theachtaí Chathair Bhaile Átha Cliath bítear ag cur ina aghaidh agus ag casaoid mar gheall air.

Ó thárla nárbh fhéidir an scéal a leigheas tré fhairsingiú na scol atá i mBaile Átha Cliath fé láthair, do hiarradh ar na Bráithre Críostúla Scoil Saothair breise do bhuachaillí a bhunú i gcomhursanacht na cathrach. Do gheall na Bráithre go toilteannach go ndéanfaidís é sin; ach do chuireadar in iúl nach leigfeadh ard-chostais na haimsire seo dóibh dul ar aghaidh leis, mura bhfághthaí cabhair airgeadais lena aghaidh. Mar sin de, do gheallas do na bráithre go n-iarrfainn, in am trátha, ar an Dáil leath an chostais cheadaithe a thabhairt dóibh ina dheontas go mbeadh maximum áirithe mar choinníoll air. Ar fháil na geallúna sin do na Bráithre, do rinneadar cuartú agus scrúdú cúramach ar na tithe móra a b'fhéidir bheith ar fáil i gcomhursanacht Bhaile Átha Cliath, agus ba é a meas gurb í Páirc Oakley, in aice Chill-Droichid, an áit is oiriúnaí.

Do cheannuigh na Bráithre an teach mór sin maraon leis na 156 d'acraí talún a bhaineas leis, agus tá cuid den ullmhú déanta acu air cheana. Tá £19,548 caite acu cheana. Do theastaigh £15,356 de sin i gcóir an luacha ceannachta (agus táillí), agus tá leath an chostais sin á iarraidh sa Meastachán so .i. £9,774.

Ní hé sin, dar ndóigh, an costas iomlán a bheas le soláthar na scoile nua. Is é atá beartaithe go mbeidh ionaid do 100 buachaill, ar a laghad, inti i dtosach, agus go mbeidh ionaid inti do 250 amach anso, más gá é. Na foirgnimh atá i bPáire Oakley, nílid ngar do bheith sáthach mhór don riachtanas, agus caithfear foirgnimh nua a dhéanamh le haghaidh seipéil, rang sheomraí, seomraí codlata, seomraí oibre, 7rl. Tá pleananna ina chóir sin á ndéanamh; ach ní féidir a rá go deimhin fé láthair cad é an costas fíoriomlán. Ba cheart freisin, a thuigsint nach féidir an scoil nua bheith infheadhma go ceann tamaill réasúnta; ach táim cinnte nach dtárlóidh aon mhoill gur féidir do na Bráithre í sheachaint.

Do cuireadh an cheist agus do glacadh leí.

Supplementary Estimates reported and agreed to.

Top
Share