Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 Mar 1947

Vol. 104 No. 17

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúdú na Meán-Scol.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais an bhfuil ar intinn aige scrúdú i labhairt na Gaeilge a dhéanamh riachtanach do mhic léinn na meán-scol i mbliana.

Tá scéim i bhfeidhm anois fén a mbeidh deontais speisialta iníoctha le meán-scoileanna a mbeidh caighdeán árd i labhairt na Gaeilge sroiste iontu. Chun críche na scéime sin, tá cigiríocht speisialta á déanamh ar na scoileanna i láthair na huaire agus tá triail i labhairt na Gaeilge á cur ar furmhór na scoláirí i ngach scoil. Níl beartaithe, ámh, trial i labhairt na Gaeilge bheith ina cuid éigeantach de na Scrúdúcháin Teistiméireachta.

An bhfuil socair ag an Aire scrúdú mar sin a dhéanamh i ngach scoil?

I ngach scoil i gceann dá bhlian.

I mbliana agus an bhlian seo chughainn? Cé hiad na daoine a dhéanfadh an scrúdú?

Cigirí an cheantair?

Cathain a bheidh sé riachtannach orthu — i gceann dá bhlian, an ea? Mise a chuir an cheist.

Top
Share