Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 2 May 1947

Vol. 105 No. 15

Death of a Deputy.

Cúis bhróin dom a chur in iúl don Dáil go bhfuil an Teachta Pádraig Ó Fógartaigh, Co. Bhaile Atha Cliath, tar éis bháis, go ndéana Dia trócaire ar a anam.

Do toghadh iná Theachta Dála é don chéad uair sa bhliain 1937, agus ba chomhalta den Dáil é ón uair sin go dtí gur cailleadh maidin inniu é.

Bhí dlúth-bhaint aige le saol poiblí Co. Bhaile Atha Cliath. Ba Chomhairleoir Contae ar feadh tréimhse fada é; bhí sé ina Chathaoirleach ar Choimisinéirí Bhaile Brigin agus ina bhall d'údaráis aitiúla eile.

Ba mhór a shuim i Lúth-Chleasa Gael agus i gcúrsaí spóirt i gcoitinn.

Teachta dúthrachtach, dícheallach ab'ea é agus níor staon sé riamh óna chuid oibre ar son pobuil a Dháilcheanntair go dtí uair a bháis.

Táim á iarraidh ort, a Chinn Chomhairle, cómh-bhrón na Dála a chur in iúl dá bhaintrigh agus dá chlainn.

Deputies rose in their places.

The Dáil adjourned at 2 p.m. until 3 p.m. on Tuesday, 6th May, 1947.

Top
Share