den Aire Leasa Shóisialaigh a n-inseoidh sé cémhéad Cúnaimh Dhífhostaíochta a híocadh sna ceantracha a mbaineann na hOrduithe Tréimhse Fostaíochta leo: (a) i rith na bliana caileandair seo caite; (b) i rith na céad Tréimhse Fostaíochta anuraidh; agus (c) i rith na dara Tréimhse Fostaíochta anuraidh.
Written Answers. - Cúnamh Difhostaíochta.
Níl an t-eolas a iarras an Teachta le fáil agus ní féidir é a chur le chéile as na cuntais ar íocaíochta Cúnaimh Dífhostaíochta a fáitear gach seachtain mar nach dtugtar tuarascáil faoi leith ar an méid a íoctar ins na ceantracha a mbaineann na hOrduithe Tréimhsí Fostaíochta leo.