Tairgim:—
Go ndaingneofar Scéim Aoisliúntas na Múinteoirí Scoile Náisiúnta (Leasú), 1947, a rinne an tAire Oideachais le toiliú an Aire Airgeadais faoi Acht Aoisliúntais na Múinteoirí, 1928 (Uimh. 32 de 1928).
That the National School Teachers' Superannuation (A m e n d m e n t) Scheme, 1947, made by the Minister for Education with the consent of the Minister for Finance under the Teachers' Superannuation Act, 1928 (No. 32 of 1928), be confirmed.
Is é fáth na scéime seo socrú a dhéanamh maidir le háireamh pinsean agus aisce i gcásanna áirithe a tharla de bharr na hÉigeandála, stailc na múinteoirí, agus lán-deontas-i-gcabhair a thabhairt do Scoileanna Náisiúnta na Scol Ceartúcháin agus na Scol Saothair; sin agus socrú a dhéanamh chun athrú a chur ar an mbun-mhodh atá ann le háireamh a dhéanamh ar an meán-tuarastal bliantúil i gcóir críocha aoisliúntas agus chun leasú a dhéanamh ar an gcóid atá ann fá láthair maidir le pointí áirithe.
O thaobh na hÉigeandála tá socrú déanta i Mír 5 den Scéim go n-áireofar mar sheirbhís in pinsin i gcóir críocha na Príomh-Scéime seirbhís a thug múinteoir cáilithe sna Fórsaí Cosanta i rith na tréimhse ón 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939, go dtí an 11ú lá de Bhealtaine, 1945. Má tharla, ar chríochnú a sheirbhíse san arm, go raibh sé deacair ar mhúinteoir post fháil mar mhúinteoir scoile náisiúnta, féadfar an t-achar a chaith sé ag lorg poist a áireamh mar sheirbhís inphinsin. Ní áireofar, áfach, ina leithéid sin de chás, tréimhse is faide ná trí mhí. Más rud é, le linn dó a bheith san arm, go raibh múinteoir eile ar fostú aige mar ionadaí, beidh seirbhís an mhúinteora ionaid inphinsin, freisin.
Cinntítear i Mír 10 go n-áireofar i gcóir pinsin suim iomlán an Bhónais Éigeandála a híocadh le múinteoirí náisiúnta a bhí, freisin, ina mbunmháistrí poist. Go dtí an lú lá d'Aibreán, 1946, ba as an Vóta i gcóir Poist agus Telegrafa a híoctaí cuid den bhónas seo. As an Vóta i gcóir an Bhun-Oideachais a híoctaí an chuid eile. Fán gcóid atá ann fá láthair ní féidir pinsean múinteora a áireamh ach ar an íocaíocht a fuair sé as an Vóta i gcóir an Bhun-Oideachais. Cinntítear sa leasú seo go n-áireofar i gcóir pinsin an íocaíocht a fuair sé mar mhúinteoir náisiúnta agus suim iomlán an Bhónais Éigeandála don tréimhse go dtí an lú lá d'Aibreán, 1946, is cuma cia acu an Roinn Oideachais nó an Roinn Poist agus Telegrafa d'íoc an bónas leis. Níl aon deacracht ag baint leis an mBónas Éigeandála a híocadh tar éis an lú lá d'Aibreán, 1946, mar socraíodh gurb i an Roinn seo agamsa a díocfadh iomlán an bhónais ón dáta sin go dtí an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, trá a dtáinig na scálaí nua tuarastail i bhfeidhm agus ar cuireadh ar ceal an Bónas Éigeandála a bhí iníoctha leis na Múinteoirí Náisiúnta. Tá socrú déanta sa leasú maidir le múinteoirí atá imithe amach cheana ar pinsean.
O thaobh stailc na múinteoirí tá socrú déanta i Mír 6 i gcás múinteora a fuair bás le linn dó a bheith ar stailc. Ina leithéid sin de chás beidh ionadaithe pearsanta an mhúinteora mhairbh i dteideal an aisce bháis atá ag dul, fá na Scéimeanna Aoisliúntas, do mhúinteoir a bhí ar fostú le linn dó bás d'fháil. Tá socrú déanta i Mír 7 i gcóir ban-mhúinteoir a phós le linn di a bheith ar stailc. Beidh a leithéid i dteideal an aisce phósta atá ag dul fá na Scéimeanna Aoisliúntas, do mhúinteoir a bhí ar fostú le linn pósadh di.
Sa mblian 1941 a tugadh cabhair den chéad uair do na Scoileanna Ceartúcháin agus do na Scoileanna Saothair as an Vóta i gcóir an Bhun-Oideachais, ach níor tugadh dóibh, an trá sin, an chabhair go hiomlán a bheirtear do na gná-bhunscoileanna. Is é an fáth ar reachtaíodh Scéim Aoisliúntas na bliana 1942 chun cearta pinsin a thabhairt do mhúinteoirí tuata a bhí ar fostaíocht sna scoileanna úd maidir leis an tréimhse seirbhíse a bhú tugtha acu roimh an mbliain 1941 agus i ndiaidh na bliana sin. Ón lú lá d'Aibreán, 1946, ámh, tá na scoileanna seo ar aondul leis na gná-bhunscoileanna. Ar an abhar sin, bíonn an tseirbhís a bheirtear iontu inphinsin fán ngná-chóid. Fágann sin nach bhfuil riachtanas feasta le Scéim na bliana 1942 i gcás seirbhíse a tugadh tar éis an lú lá d'Aibreán, 1946, agus níonn Mír 8 athghairm uirthi féin dá réir.
Gná-bhunscoileanna atá fá stiúradh na n-ord crábhaidh, tá sé de roghain acu cabhair ón Stát fháil do réir bun-mhodha na caipitíochta, .i. deontas do réir an aonaid de ghná-thinnrimh, sin nó do réir bun-mhodha na haicmíochta. Sa dara cás seo íocann an Roinn Oideachais a thuarastal pearsanta le gach ball den fhoirinn. Nuair a cuireadh na scoileanna ceartúcháin agus na scoileanna saothair ar aonchéim leis na gná-bhunscoileanna ón lú lá d'Aibreán, 1946, hiarradh ar na stiúrthóirí roghain a dhéanamh idir an dá mhodha íocaíochta. Sna cásanna ina ndearna na stiúrthóirí roghain de mhodh na haicmíochta is inphinsin fá na Scéimeanna atá ann fá láthair an tseirbhís a chuir baill den ord isteach mar mhúinteoirí ar an bhfoirinn aitheanta ón lú lá d'Aibreán, 1946. Ach ní foláir socrú fá leith a dhéanamh lena chinntú go mbeadh an chreidiúint chéanna i gcóir pinsin le fáil acu agus atá le fáil ag múinteoirí tuata ar son seirbhíse a thugadar i Scoileanna Ceartúcháin agus i Scoileanna Saothair roimh an dáta sin. Tá an socrú sin déanta i Mír 9.
(a) Tá socrú déanta i Mír 11 chun athrú a chur ar an tréimhse tri mblian as a mbaintear leas ag áireamh an mhean-tuarastail bliantúil i gcóir pinsin agus i gcóir aisce pósta agus aisce báis. Go dtí seo ba é an 31 ú lá den Mhárta a bhí ann roimh ré ba chríoch don tréimhse trí mblian sin i ngach cás, ach as seo amach beidh críoch ar an tréimhse an lá deireannach den cheathrú, más é sin an lá a théas an múinteoir ar pinsean, a phósas an múinteoir nó a gheobhas an múinteoir bás.
Munar ar an dáta sin a tharlas aon cheann de na neithe úd beidh deireadh na tréimhse ann an lá deiridh den cheathrú a bhí ann roimhe sin. I ngeall air sin beidh méadú, tríd is tríd, ar an meán-tuarastal bliantúil.
(b) Ar theacht i bhfeidhm do na scálaí nua tuarastail ar an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, múinteoirí ar bith a bhí le dhul ar pinsean fán teora aoise roimh an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1947, ceadaíodh dóibh leanacht orthu sa tseirbhís go dtí an dáta sin. Do réir an tsocruithe atá déanta sa mír seo is ar an meán-tuarastal a fuaireadar i rith na dtrí mblian dar críoch an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1947, a háireofar a bpinsean. Dá réir sin beidh tréimhse 14 mhí acu ar na scálaí feabhsaithe fá chóir crícheanna pinsin. Ina theannta sin, múinteoirí a rachas ar pinsiún fán teora aoise i rith an dá bhlian seo ag teacht beidh síneadh ar an tréimhse seirbhíse i gcóir pinsin a bheas acu ar na scálá arda. Iad seo a rachas ar pinsean an 31ú lá de Mhí na Nollag, 1949, nó am ar bith ina dhiaidh sin is ar an meán-tuarastal a fuaireadar i rith trí mblian iomlán ar na scálaí nua a haireofar a bpinsean. Marach an socrú atá déanta sa mír seo ní bheadh sin amhlaidh go dtí an lú lá d'Aibreán, 1950. An t-athrú a nítear ar mhodh áirimh an mheán-tuarastail bhliantúil rachaidh sé chun tairbhe, freisin, dóibh seo a bheas i dteideal aisce pósta nó aisce báis.
Níl aon mhór-thábhacht i Míreann 12 agus 13. I ngeall ar an nganntán múinteoirí a bhí ann le blianta gairide bíonn cásanna ann agus iarrann an bainisteoir ar mhúinteoir a bhí ar pinsean a theacht ar ais ag teagasc i rith tréimhse áirithe nó go gceaptar múinteoir seasmhach. Ina leithéidí sin de chásanna stadann pinsean an mhúinteora agus bheirtear pinsean as an nua dhó ar chríochnú a sheirbhíse shealadaí. Tharlódh go mbeadh an pinsean as an nua so níos lú ná an pinsean tosaigh agus is é is aidhm le hAlt a 12 ná féachaint chuige nach dtarlóidh amhlaidh. Tá socrú déanta i Mír 13 chun an pinsean a chur fionraí nuair nach mó ná trí mhí an tréimhse ath-fhostuaithe agus nach gcuireann sé isteach ar shuim an phinsin. Go dtí seo níorbh fholáir ar dtús an pinsean a chur ar ceal agus pinsean nua den tsuim chéanna a dheonadh arís.
Fá na scéimeanna atá ann fá láthair ní foláir an pinsean a íoc uair sa mí ach ba mhaith an rud é dá mb'fhéidir é íoc an trá a measfaí ab fheiliúnaí ina chóir ó am go ham. Bheirtear cumhacht chuige sin i Mír 14.
Do hiarradh orm i roinnt cás pinsean a íoc fá dhó sa mí agus mar adúirt mé ar ócáid eile tá mé toilteanach an moladh a bhreithniú má bheirtear fianaise dhom go bhfuil aon éileamh mór go ndéanfainn amhlaidh.
Chun freastal ar chás fá leith cruatain a cuireadh Mír 15 isteach. Chuir a lán daoine an cás os mo chomhair. Is é an cás é, ban-mhúinteoir a rugadh sa mbliain 1877, agus a thug seirbhís leanúnach i Scoil Saothair ón mbliain 1913, agus a bhí ag múineadh roimhe sin féin. Thug Scéim Aoisliúntas na bliana 1942 creidiúint fá chóir pinsin dá leithéid sin i gcás seirbhíse a tugadh go dtí an bhliain 1941, ach, de bhrí nár fheagair an múinteoir áirithe seo don tsainmhíniú ar "mhúinteoir" atá ag gabháil leis an bPríomh-Scéim ní raibh sí i dteideal pinsin. Cuirfear an scéal ina cheart sa mír seo. Is éard atá ar intinn a dhéanamh aitheantas mar "mhúinteoir" a thabhairt di go foirmiúil ar feadh tréimhse gairid agus ansin í a chur ar pinsean ar an bpointe cuí.
Ní mheasaim go bhfuil aon abhair conspóide sna moltaí seo agus iarraim ar an Dáil an rún a rith go foirmiúil ag daingniú na Scéime.