Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Dec 1947

Vol. 109 No. 5

Committee on Finance. - Scéim Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí (Leasú), 1947—Tairiscint.

Tairgim:—

Go ndaingneofar Scéim na MeánMhúinteoirí Aoisliúntas (Leasú), 1947, a rinne an tAire Oideachais le toiliú an Aire Airgeadais faoi Acht Aoisliúntais na Múinteoirí, 1928 (Uimh. 32 de 1928).

That the Secondary Teachers' Superannuation (A m e n d m e n t) Scheme, 1947, made by the Minister for Education with the consent of the Minister for Finance under the Teachers' Superannuation Act, 1928 (No. 32 of 1928), be confirmed.

Sé is príomh-chúis don Scéim leasuithe seo ná deireadh do chur leis an leathtrom a deineadh ar mhúinteoirí áirithe in áireamh a bpinsean toisc na teorann a cuireadh le híoc Bónais Eigeandála. Ón lú Eanair, 1943, ní raibh an Bónas so iníoctha le duine go raibh thar £398 17s. sa bhliain aige agus ón lú Eanair, 1944, ní raibh sé iníoctha le duine go raibh thar £500 sa bhliain aige. De bhárr na dteorann san bhí roinnt bheag múinteoirí nach bhfuair aon Bhónas Eigeandála nó níos lú ná an Bhónas Eigeandála iomlán i ngeall ar thuarastal scoile níos mó ná an bun minimum (£200 sa bhliain i gcás fir agus £180 sa bhliain i gcás mná) a bheith á fháil acu. De bhrí gur sochar oifige inphinsin an Bónas Eigeandála thárla i gcás na múinteoirí a bhí ina mbaill den Scéim Aoisliúntais agus a d'éirigh as gairm ar nó tar éis an lú Lúnasa, 1943, agus nach raibh an Bónas san in iomlán nó aon chuid de á fháil aca go raibh laghduithe beaga ar a bpinsin i geomparáid le múinteoirí eile a bhí sa riocht chéanna leo ach amháin nach raibh ach an Bun-thuarastal minimum á fháil acu sin ón scoil. Bé ba chúis leis an difríocht sin ná go náirítear chun críche pinsin fé bhrí na PríomhScéime an Bun-thuarastal, i.e., an tuarastal scoile i gcás gach múinteora mar £200 i gcás fir agus £180 i gcás mná. Fén leasú atá beartaithe anois, do réir mar atá leagtha amach in Alt 5 den Scéim leasaithe seo, múinteoirí nach bhfuair i ngeall ar an teora a cuireadh le híoc Bónais Eigeandála fé mar atá luaite cheana an Bónas in iomlán nó aon chuid de i rith na tréimhse ins na trí blianta roimh éirí as gairm doibh ina raibh an Bónas iníoctha, aireofar pinsin na múinteoirí amhail is dá mbeadh an Bónas in iomlán á íoc leo i rith na tréimhse sin. Beidh sé sin ag braith, ámh, ar iad síntiús d'íoc is ionann agus 4 per cent. den t-suim bhreise i leith Bhónais Eigeandála atá á cur san áireamh anois chun críche pinsin.

Fén tarna leasú (Alt 6) bunófar tuarastal inphinsin múinteora ar an meán-thuarastal caighdeánach a bhí aige ins na trí blianta suas go dtí dáta a éirí as gairm nó suas go dtí an lá deiridh den ráithe roimhe sin do réir mar a éiríonn sé as gairm ar an lá deiridh de ráithe nó ar lá éigin eile. Go dtí seo bunaíodh tuarastal inphinsin múinteora ar an meán-thuarastal caighdeánach a bhí aige ins na trí scoilbhlianta, i.e., suas go dtí an 31ú Iúil roimh éirí as gairm dó.

Sé aidhm an tríú leasuithe (Alt 7) ná cailliúint bliana de sheirbhís inphinsin i gcásanna áirithe do sheachaint.

Fé théarmaí Ailt 7 (2) den PhríomhScéim féadfaidh múinteoir todhchaí .i. múinteoir nach raibh i seirbhís ar an lú Lúnasa, 1929, gur mhaith leis bheith ina bhall den scéim iarratas ar bhallraíocht do dhéanamh laistigh de chúig mhí déag ón dáta ar mhian leis a sheirbhís shíntiúsach a thosnú. I roinnt cásanna nuair a dhein múinteoirí iarratas ar bhallraíocht i lár scoilbhliana áirithe shocraíodar ar theacht isteach mar bhall ón gcéad lá den scoil-bhliain sin in ionad dul siar an cúig mhí déag. Thárla i gcúpla ceann de na cásanna san ina dhiaidh sin go raibh briseadh gairid i seirbhís an mhúinteora toisc neamh-láithreachtaí nach bhféadfaí a cheadú chun críche na Rialacha um Breis-thuarastal d'íoc le MeánMhúinteoirí. Bé a thiocfadh as san dá n-éiríodh an múinteoir as gairm ar an lá deiridh de scoil-bhliain — an gnáthdháta chun éirí as gairm — ná go gcaillfeadh sé bliain de sheirbhís inphinsin. An chomhacht a bheireann an leasú atá beartaithe anois fén a bhféadfaí, ar athiarratas, dáta ligint múinteora dá leithéid isteach sa scéim do chur siar go dtí dáta nach fuide ná chúig mhí déag siar ó dháta a chéad iarratais, déanfaidh sé sin cailliúnt na bliana seirbhíse inphinsin do sheachaint.

Maidir leis an gceathrú leasú (Alt 8) sé an chaoi ina bhfuil an scéal fé láthair ná má thárlaíonn do mhúinteoir tré é bheith dreoite feadh treimhse níos fuide ná an tréimhse go bhfuil Breis-Thuarastal iníoctha ina leith go dtéigheann sé dá bhárr san as ballraíocht na Scéime. Má gheibheann múinteoir dá leithéid bás roimh filleadh ar ais i seirbhís dó sé an aisce a bhíonn iníoctha lena ionadaí dhlítiúil phearsanta ná suim is ionann agus méid na síntiúisí a bhíonn íochta ag an múinteoir. I gcás múinteora a gheibheann bás le linn dó bheith ina bhall den scéim sé an aisce a bhíonn iníoctha ná suim is ionann agus méid na sintiúisí maraon le h-ús iolraithe ortha do réir 3 per cent. Fén chomhacht a bheireann an leasú féadfar eas-bhall den Scim, go raibh deich mbliain ar a laighead de sheirbhís inphinsin tugtha aige agus a gheibheann bás laistigh de dhá mhí déag tar éis dó dul as ballraíocht, a áireamh chun críche an aisce d'íoc amhail is dá mba le linn dó bheith i seirbhís a fuair sé bás. Sa tslí sin gheobhfar aisce a íoc lena ionadaí dhlíthiúil phearsanta do réir an ráta is aoirde den dá ráta atá luaite.

It is pleasing to know that the Minister has introduced this scheme which, we hope, will remove many of the anomalies that have arisen in determining the pensions of certain teachers in respect of the payment of emergency bonuses. There are various aspects of this matter which one might like to deal with, but I am not prepared to deal with them now and I do not intend to delay the House any further. I believe that this scheme will be acceptable to all concerned.

Motion put and agreed to.
Top
Share