Is main liomsa a thairiscint:—
Go dtoghfar an Teachta Proinnsias Ó Fathaigh chun bheith ina Cheann Comhairle agus go rachfaidh sé i gceannas na Dála anois.
Sa mbliain 1932 a céad-toghadh Proinnsias Ó Fathaigh ina Cheann Comhairle ar an Seachtú Dáil agus toghadh é i gceannas ar gach Dáil ó shoin i leith. Thug sé sásamh do gach páirtí sa Teach. Tá súil agam go mbeidh na Teachtaí go léir ar aon intinn liom agus go ndéanfar é thoghadh arís d'aon-ghuth.