den Aire Oideachais ar tionóladh comhdháil faoi cheist réimniú na n-oidí náisiúnta le déanaí agus an dtabharfaidh sé faisnéis don Dáil faoi thoradh na comhdhála.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Réimniú Oidí Náisiúnta.
D'fhiafruigh
Tionóladh comhdháil i mo Roinnse ar Feabhra 24 agus 25 fá cheist réimniú na n-oidí náisiúnta. Do bhí i láthair ionadaithe a hainmníodh ag na hEaspoig, ag na bainisteoirí agus ag Cumann na Múinteoirí, chomh maith le hOifigigh na Roinne. Tá ceist an réimnithe fá láthair fá bhreithniú agam agus níl mé i n-ann aon ráiteas do thabhairt ar an gceist go fóill.