Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Jun 1948

Vol. 111 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabharlann Náisiúnta Nua.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil fhios aige gur aontaigh an Rialtas deiridh i Mí an Mheithimh, 1947, le tairiscintí chun (a) Leabharlann Náisiúnta nua a thógáil agus (b) suíomh oiriúnach chuige a chuartú, agus an dtabharfaidh sé faisnéis faoin staid ina bhfuil an cheist seo anois.

Tá fhios agam gur aontuigh an Rialtas deiridh le suíomh áirithe do sholáthar agus Leabharlann Náisiúnta nua a thógáil air; tá sé beartuithe anois gan dul chun cinn leis an tairiscint sin.

Top
Share