Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Nov 1948

Vol. 113 No. 3

Written Answers to Questions. - Deontas i gcóir “Ar Aghaidh”.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuair sé iarratas ó Stiúrthóirí an Mhíosacháin "Ar Aghaidh" ar mhéadú ar an deontas i riocht is go nglanfadh sé leath an chostais chlódóireachta mar dhéanadh roimhe seo; agus, má fuair, an bhfuil ar intinn aige géilleadh dhó.

Ní bhfuaireas aon iarratas ó Stiúrthóirí "Ar Aghaidh" ach fuaireas litir ó Choiste Chonndae Chonnradh na Gaeilge i nGaillimh á iarraidh méadú deontais a thabhairt do lucht stiúrtha "Ar Aghaidh".

'Sé an Roinn Airgeadais, fé Bróta 21, a chuireann airgead ar fáil mar dheontaisí do pháipéir Ghaeilge agus tá an litir agam á cur ar aghaidh chun an Aire Airgeadais.

Top
Share