Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Feb 1949

Vol. 114 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teach Scoile i gConamara.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil caoi chomh dona sin ar theach scoile Mhuigh Inse, Conamara, nach bhfuil dídean ag na scoláirí ón mbaisteach ann, agus nach féidir leo fanacht istigh ann ach ar an uair bhreá agus an bhféachfaidh sé chuige go gcuirfear dlús lena dheasú go sealadach go dtí go dtógfar ceann nua.

Níl a fhios agam go bhfuil an scéal i gcás Scoil Mhuigh Inse mar atá ráite ag an Teachta. Tá scoil nua ag teastáil anseo, agus tá suíomh fá na coinne tairgthe ag an bhainisteoir. De thairbhe drochstaid na sean-scoile, b'éigean oibreacha áirithe, ag áireamh deisiúchán do cheann an tighe, a dhéanamh fá phráinn, agus tugadh iadsan chun críche go sásúil go luath sa bhliain 1948.

Tá fiosrúchán á dhéanamh agam, áfach, d'fhonn a fháil amach an bhfuil foirgneamh na scoile imithe in olcas ó shoin sa tslí go mbéadh sé riachtanach tuilleadh oibreacha a dhéanamh compórdach do na scoláirí go dtí go dtógfar scoil nua.

I dtaca le tógáil na scoile nuaidhe, déanfar gach dicheall dlús a chur leis an chás chomh luath agus bhéas gnóithí áirithe dli, atá anois eadar lámhaibh maidir le tiodal an tsuimh, réitithe go sásúil.

Top
Share