Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Mar 1949

Vol. 114 No. 9

Written Answers. - Soláthair Uisce i mBearna, Co. na Gaillimhe.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúil an eol dó nach bhfuil aon tsólathar uisce i mBearna, Co. na Gaillimhe, ach a mbíonn le fáil as sruthán beag; nach mbíonn sa sruthán seo ar aimsir thirm ach bréan-locháin; go mbíonn contúirt fiabhrais san áit cheal uisce maith; agus an gcuirfidh sé dlús le seéim uisceshloáthair a bhunú san áit.

Tadgh Ó Murchadha

D'ullmhaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe pleananna i gcóir scéim uisce-sholáthair i mBearna, agus do scrúdaoidh na caipéisí sa Roinn. Fé lathair tá mórán scemieanna Sláintíochta costasacha, a bhfuli práinn mhór ag baint lei, idir lamhaibh ag an gComhairle, agus níor chinn siad, fós dul ar aghaidh leis an scéim i gcóir Bhearna. Cuirtear scéimeanna den tsaghas so ar fáil in ord priánne a socraionn an Comhairle ar mholadh an Doctúir Oifigiúil Chontae. Is fén gComhairle féin a shocrú an gcuirfear tús leis an scéim seo, agus do chomhairleoinn don Teacta, an cúis do phlé go direach leis an gComhairle.

Top
Share