den Aire Oideachais cathain a foilseofar an Missale Romanum atá idir lámha ag an nGúm.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Foillsiú an Missale Romanum.
D'fhiafruigh
Is deacair a rá, le h-aon chruinneas, cathain a foillseófar an leagan gaeilge den Missale Romanum.
Tá na prúfaí á scrúdú i láthair na h-uaire ag an Eagarthóir Oirmhidneach atá i bhfeidhil na h-oibre. Beidh tuille prúfaí ag teastáil, ámh, sara mbeidh an obair críochnuithe.
Táthar ag súil go mbeidh an leabhar ar fáil ag an bpobal go luath sa bhliain 1951.
1951?
Seadh.
Is dóigh liom go bhfuil na prúfaí idir lámha le tamaill fada anois ón chéad am a tháinig na céad prúfaí amach.
Is rómhaith atá a fhios ag a Teachta agus agamsa san.