Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Mar 1949

Vol. 114 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scannáin i nGaeilge.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an abróidh sé an bhfuiltear chun a thuilleadh scannán gearr, i nGaeilge, a dhéanamh le deontais airgid ón Rialtas agus, má tá, an dtabharfaidh sé faisnéis don Dáil ina thaobh.

Bhíos ag cuimhneamh ar insint Ghaeilge a chur le roinnt eile gearrscannán, agus bhíos i gcomhairle le lucht déanta scannán ina thaobh.

Tá deacracht mhór sa scéal, áfach. Is amhlaidh atá oifigigh as an Roinn tar éis a lán gearrscannán a fheiscint, agus ní raibh aon scannán orthu san a bheadh oiriúnach, dar leo.

Tá fadhb ansan nach furas a réiteach, agus ba mhian liom an scéal so na scannán Gaeilge do scrúdú go grinn sar a rachainn ar aghaidh le haon bheartas ina dtaobh.

Top
Share