Níor ceaduíodh aon scoil nua nó méadú scoile i gCathair Átha No. 10 Cliath sa bhliain 1948-49, mar ní raibh ceist an airgeadais a bhéadh riachtanach chuige sin socraithe ag an gCoiste. Tá an cheist sin á breithniú aca le tamall anuas agus tuigim anois go bhfuil socair acu dul ar aghaidh lena gclár tógála go luath.
Maidir le scéimeanna Gairm-Oidechais Contae, tugadh cead genearálta do chúig Choistí dul ar aghaidh le sé scoileanna do thógáil agus le scoil amháin do mhéadú, ar chostas measta £49,000 in iomlán.
An ceann atá á meadú tá sé beagnach críochnaithe, agus ceann de na scoileanna nua tá sí beagnach críochnaithe leis. Ceann eile acu tá cuid mhaith oibre déanta uirthi.
Beidh sé áitreabha nua ar fáil do dhaltaí nuair a bheith na scoileanna ullamh.
Ní bheidh eolas ar fáil maidir leis na suimeanna airgid a caitheadh ar scoileanna i rith 1948-49 go ceann tamaill mhaith tar éis 31 Márta, 1949.