Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Mar 1949

Vol. 114 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Nua i gCondae Luimnighe.

D'fhiarfruigh

den Aire Oideachais conas atá an scéal i láthair na huaire i dtaobh tig scoile nua a thógáil ag Leamh Choill, Condae Luimnighe, mar a bhfuil fíordhroch-thigh scoile agus an bainisteoir ag plé leis an Roinn Oideachais le tamall anuas, ag iarraidh ceann nua a chur ar fáil.

Deallraítear gurab í an scoil atá i gceist ag an dTeachta ná Scoil Náisiúnta Mount Trenchard atá camhgarach do Leamh Choill, Condae Luimnighe.

Tá suíomh oiriúnach tairgthe ag an mbainisteoir le h-aghaidh scoile nua agus tá an Roin i gcomhfhreagras leis maidir le réamh-ghnoithe áirithe atá fós le réiteach sar ar féidir deontas a cheadú as Cisde an Stáit i leith chostais na scoile nua. Déanfar gach dícheall dlús a chur leis an chás i dtreo is gur féidir dul ar aghaidh le tógáil na scoile nua um a luaithe.

Top
Share