Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Apr 1949

Vol. 114 No. 16

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tógáil agus Meadú Gairm-Scol.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé maidir leis an bhfreagra a thug sé ar cheist a 3, an 23ú Márta (a) cad iad na Coistí Contae Gairm-Oideachais a fuair cead ona Roinn sé Gairm-Scoileanna nua a thógáil agus cad iad ainmneacha na scol san; (b) cad é ainm na scoile ar tugadh cead í a mhéadú; agus (c) cé mhéid áit nua a cuirfear ar fáil do dhaltaí sna Gairm-Scoileanna atá i gceist nuair a bheas an obair thógála agus méaduithe déanta.

(a) Sé an freagra ar (a) ná: Coiste Contae Chorcaí, Scoil Bhaile Mhúirne; Coiste Contae Liathdroma, Scoileanna Mhaothail agus Coillte Clochair; Coiste Contae Longphoirt, Scoil Bhaile na Muc; Coiste Contae Loc gCarman, Scoileanna Bun Chlóda agus Pailís.

(b) Sé an freagra atá ar (b) ná: Scoil Dhúndealgan.

(c) Agus ar (c) ná: 180 áiteanna nua do dhaltaí lae, ach beidh 255 áiteanna do dhaltaí oiche chomh maith leis sin. Scoileanna aon-tseomra amháin a bhéas sna Scoileanna i mBaile Mhúirne, Coillte Clochair agus Pailís agus ní bheidh ach ranganna oiche ar siúl ionnta san. I Maothail, Contae Liathdroma tá sean-fhoirgneamh mí-oiriúnach in úsáid fé láthair ina bhfuil slí do 60 daltaí ná fuil áirmhithe sna figiúirí atá roimhe sin.

Top
Share