Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Apr 1949

Vol. 115 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Pinsin Múinteoiri Náisiúnta.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an abróidh sé an bhfuil an Rialtais tar éis a chinneadh fós ar phinsin na Múinteoirí Scoile Náisiúnta atá scortha a mhéadú.

Foillseofar breith an Rialtais i dtaoibh an scéil seo tráth éigin i mí na Bealtaine.

Dúbhairt an tAire an bhlian a chuaigh thart go raibh sgrúdú ar siubhal aige ar an gceist seo agus dúbhairt sé go mbeadh sé i ndon freagra a thabhairt air roimh deire Mhí Aibreain.

Tabharfar an freagra i Mí Bealtaine, tareis an lá deire de Mhí Aibreain, ach tuigeann an Teachta cén fáth nach bhfuil mé i ndon freagra a thabhairt ar an gceist seo dtí an mhí seo chugainn.

Top
Share